D’fhéadfadh suas le sé mhí a bheith ann sula mbeidh Coimisinéir Teanga nua sa phost tráth a bhfuil cumhachtaí reachtúla breise le bronnadh ar an oifig.
Tá an té a bhí sa phost, Rónán Ó Domhnaill, éirithe as an gcúram an tseachtain seo agus tá imní ann go bhféadfadh deireadh an tsamhraidh a bheith ann sula mbeidh an duine atá le bheith mar chomharba air réidh le tosú.
Níl oifig an Choimisinéara Teanga in ann tuarascálacha ar imscrúduithe a chur i gcrích go dtí go mbeidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha.
Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, gurb é pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheidh thíos leis má bhíonn tamall fada ann gan Coimisinéir Teanga agus gur cheart an ceapachán a bheith déanta roimh dheireadh mhí an Mhárta.
Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc nach “cás uathúil” é go mbeadh tréimhse ama ann ó éiríonn an Coimisinéir Teanga as an ról sin agus Coimisinéir Teanga nua a bheith cheaptha agus gur tharla sin in 2014. Tréimhse níos lú ná trí seachtaine a bhí i gceist an uair sin idir fágáil an t-iarChoimisinéara Seán Ó Cuirreáin agus ceapachán Rónán Uí Dhomhnaill.
An mhí seo caite a d’fhógair Ronán Ó Domhnaill go raibh sé ag éirí as an gcúram agus post nua faighte aige mar Choimisinéir um Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán.
Níl an folúntas do phost an Choimisinéara Teanga fógartha go fóill ach deir Roinn na Gaeltachta gur cuireadh tús leis an bpróiseas ag deireadh na míosa seo caite le cead na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go bhféadfadh sé suas le trí mhí a thógáil chun iarrthóir a roghnú ó dháta an fhógra. Dúradh freisin go bhféadfadh go mbeadh ar iarrthóir rathúil fógra 1-3 mhí a thabhairt sa phost atá acu.
Nuair a roghnófar iarrthóir rathúil, caithfear rún maidir leis an gceapachán a rith sa Dáil agus sa Seanad agus is é Uachtarán na hÉireann a cheapfaidh an Coimisinéir Teanga nua faoi dheireadh ar chomhairle an Rialtais.
Deir an Teachta Aengus Ó Snodaigh gur cheart an ceapachán a dhéanamh a luaithe agus is féidir, ach go bhfuil an baol ann go gcuirfear ar an méar fhada é.
“A luaithe is a tugadh an scéal dóibh go raibh Rónán[[Ó Domhnaill] le héirí as, ba chóir go mbeadh an post fógartha,” arsa Ó Snodaigh. “Tá a fhios acu céard atá i gceist leis an phost, tá a fhios acu cén tuarastal atá ag dul leis, tá a fhios acu gach rud mar sin. Níor chóir go mbeadh aon mhoill ann agus go mbeadh sé fógartha láithreach…Má tá tú ag caint ar shé mhí, tá moill i gceist agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheidh thíos leis,” a deir Ó Snodaigh.
De réir sceidil Roinn na Gaeltachta, tabharfar feidhm don fhoráil san Acht Teanga leasaithe a thugann cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga ar an 15 Márta.
Faoin bhforáil sin, beidh cumhacht ag an gCoimisinéir monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile a bhfuil baint acu le cúrsaí Gaeilge. Roimhe seo, mar shampla, chaithfeadh sé gearán a fháil ón bpobal faoi shárú a bheith déanta ar an Acht Craolacháin nó an tAcht Oideachais chun go bhféadfadh sé an scéal a fhiosrú.
Deir Aengus Ó Snodaigh gur cheart go mbeadh Coimisinéir nua ceaptha faoin am go dtugtar feidhm do na cumhachtaí breise sin.
“Ní bheadh aon chiall leis na cumhachtaí breise seo a thabhairt agus gan aon duine a bheadh in ann iad a úsáid a bheith ann,” ar sé.
“Tá a fhios agam go maith go bhfuil gach duine in Oifig an Choimisinéara Teanga diongbháilte agus gur daoine maithe iad ach ní féidir leo tuairiscí a chríochnú nó obair bhreise a thógáil orthu féin [gan Coimisinéir nua a cheapadh] agus ansin beidh na dualgais bhreise de thoradh an Achta Teanga…glacaim go mbeidh a lán oibre breise i gceist leis sin.”
Dúirt Roinn na Gaeltachta go bhfuil Oifig an Choimisinéara fós in ann leanúint d’fhiosrú gearán go dtí go gceaptar Coimisinéir Teanga nua agus gur féidir aon imscrúduithe atá seolta cheana féin a thabhairt go dtí céim na dréacht-tuarascála ach ní féidir iad a chur i gcrích go dtí go mbeidh Coimisinéir nua ceaptha.
Fág freagra ar 'Ba cheart Coimisinéir Teanga nua a cheapadh roimh dheireadh na míosa seo chugainn – Sinn Féin'