Ba bhreá le mo chroí gur malairt poirt a bheadh anseo inniu agam daoibh…

Ní dócha go bhfuil aon duine go bhfuil spéis aige nó aici i gcúrsaí CLG nach gcuirfeadh fáilte roimh lascadh na caide is preabadh an tsliotair arís ach is cosán anacair chrosta atá romhainn

Ba bhreá le mo chroí gur malairt poirt a bheadh anseo inniu agam daoibh…

Más é teacht an tsagairt acu féin é, tá an chuma ar an scéal go mbeidh cluichí idirchontae againn ón ndeireadh seachtaine seo amach.

Ní dócha go bhfuil aoinne go bhfuil spéis aige nó aici i gcúrsaí caide nó iomána ná cuirfeadh fáilte roimis lascadh na caide is preabadh an tsliotair arís ach is cosán anacair chrosta atá tógtha ag Cumann Lúthchleas Gael orthu féin an deireadh seachtaine seo agus iad ag leanúint orthu leis na cluichí agus gach aon dealramh ar an scéal go bhfuil an taoide ag casadh ina gcoinne.

Más aon slat tomhais an díoscúrsa déisteanach díobhálach a deintear coitianta ar na meáin shóisialta, tá cuid mhaith de phobal an tíre ag súil go leanfaidh Cumann Lúthchleas Gael sampla na cispheile, an hacaí agus scata spórt eile agus socruithe na bliana a chaitheamh i dtraipisí – cas paca ar an mbliain agus bíodh aici mar chúram.

Tráthnóna inné féin, agus é caint ar Raidió na Gaeltachta dúirt iar-uachtarán CLG féin, Liam Ó Néill nár cheart leanúint ar aghaidh leis na cluichí. Níorbh é a haon ag Ó Néill é, agus é ráite aige cúpla babhta ó thús na géarchéime sláinte ag an bhfear céanna go bhfuil rudaí níos tábhachtaí ná cluichí agus go raibh sláinte an duine ar cheann des na rudaí sin.

Ní dóigh liom go n-áiteodh aoinne a thuairimí ar Ó Néill sa mhéid is go dtuigeann fiú an díograiseoir caide is duibhe amuigh go bhfuil sláinte an duine níos tábhachtaí ná bris nó bua i gcluiche neafaiseach a imrítear mar chaitheamh aimsire.

Don té ná chíonn an saol is an domhan ach trí spéaclaí dubha is bána tá ciall agus éirim le caint an iaruachtaráin. Ní aithníonn an aicíd bhréan seo, a deirtear linn, teora, tairseach ná tuilteanas. Tá sí dubh is bán ina cur chuige agus bláthaíonn sí sa réimse sin ina bhfuil éiginnteacht, doiléire agus idir eatarthu.

Tá an tír agus a pobal deighilte anois ina dhá choda – dubh agus bán, agus níl aon ghéilleadh in aon chor anois don rud riabhach idir eatarthu. Táid ann a chloíonn le treoracha sláinte poiblí agus tá roinnt eile nach gcloíonn agus beidh lucht na buile ón dá thaobh ag tabhairt a mbreith agus ag ceapadh gurb iad féin cleas na céille i gcónaí.

Ní mór duit gaois Solomon is eagna Aristotle bheith agat chun cúrsa ceart a rianadh tríd an aicíd na laethanta seo. Níl an choicíos féin ann ó thug an Tánaiste, Leo Varadkar, speach uaidh agus é ag tabhairt dúshláin na comhairle oifigiúla ós na saineolaithe agus ná tarraing anuas an méid a bhí le rá ag Uachtarán CLG, John Horan, i ndeireadh mhí Lúnasa nuair a lorgaíodh ‘fianaise impiriciúil’ ar an bpríomhoifigeach leighis, Ronan Glynn nuair a mhol an fear leighis go n-imreofaí na cluichí laistiar de gheataí glasálta agus doirse dúnta go dtí an 13 Meán Fómhair ar a luaithe. Seans gur dearmad a bhí i gceist leis an mbéalscaoilteacht sa dá chás ach dála mórán a dúradh le roinnt seachtainí anuas, is tar éis a tuigtear na beartaibh ar fad.

Pé scéal é, tá cinneadh déanta ag Cumann Lúithchleas Gael agus, is cosúil, ag Cumann na nImreoirí, an GPA, go bhfuiltear chun tabhairt fé chluichí sa tsraith náisiúnta an deireadh seachtaine seo. Caithfead a rá gurb ait liom a gcinneadh i bhfianaise na bhfigiúirí atá á gcur os ár gcomhair lá i ndiaidh lae an tseachtain seo. Is ait liom é ach tuigim an meon a spreagfaidh foirne idirchontae chun tabhairt fé chluichí agus fé thurasanna duaisiúla trastíre inniu is amárach.

Ar an gcéad dul síos is dóigh liom go mbraitheann scata laistigh des na campaí idirchontae gurb é an rud is measa leo ar domhan ná gan triail a bhaint as, gan an bád a chur ag snámh in aon chor agus gan tabhairt fés na farraigí suaite chuige. Muna dtabharfaí fé in aon chor, tá na haon tseans go bhféachfaí ar mar ghéilleadh go cloíteach don ainnise. Tá tuiscint leis ann go mb’fhéidir le himirt na gcluichí gur mó de shólás a thabharfaí don té atá aige baile ag feitheamh ar scéalta gaile is gaisce ná an dólás a thiocfadh le filleadh na ngaiscíoch leis an aicíd ar bord. N’fheadar. Tá sé ag dul dom tuiscint cheart a fháil ar an meon aigne.

Déarfar leis, go raibh rudaí níos measa sa tsaol fadó ná an aicíd seo atá ag rith gan staonadh fé láthair. Téir siar céad bliain, le linn na tréimhse is mó suathadh ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael in 1884 agus chífir go n-imríodh craobh na bliana 1920 chun a críche i Meitheamh na bliana 1922. Is cinnte go mba seacht n-uaire níos measa na Dúchrónaigh a bhí ag fánaíocht go mailíseach an uair úd ná an aicíd seo atá sa treis fé láthair. Tabhair fé ndeara, leis, áfach, go gcuireadh an uile chluiche ar athló i samhradh na bliana 1920 agus fiú nuair a imríodh cluiche dúshláin mar ghníomh misnigh is dóchais idir Tiobraid Árann agus Áth Cliath i Samhain na bliana sin, níorbh fhada ón dtubaiste a bhí san ach an oiread.

Tá sé ráite ag údair áirithe gur bhain cluichí na nGael a n-áit amach i meon agus i gcroí na muintire, ní de bharra a ndintiúirí spóirt ach de bharr eachtraí ar nós Dhomhnach na Fola. Ar mháithreacha a leag na mairtírigh, tógadh an eagraíocht spóirt deonach is mó ar domhan agus bhláthaigh Cumann Lúthchleas Gael beagán ar bheagán i gcaitheamh na mblian a lean. Ní hionann inné agus inniu áfach, ré ana-dhifriúil agus namhaid choiteann ana-éagsúil.

Ní hionann agus céad bliain ó shin, bhí bonn maith tathagach fé Chumann Lúthchleas Gael sara dtáinig an víreas corónach ar a shodar anoir chughainn sa Mhárta. Bhí teacht isteach na bliana anuraidh, €73.9 milliún, 16% níos mó ná an bhliain roimis sin agus na cluichí féin in airde láin agus sinn ag tabhairt fé bhiaiste 2020. Tagann gráinní ar mo chuid fola ar eagla theacht an lae nach mbeidh cluichí á n-imirt idir leithéidí Chiarraí agus Chorcaí ach b’fhéidir gur gearr uainn an lá sin. Tá an neart is mó atá ag eagraíocht dheonach ar nós CLG (sprid phobail, cur gan chúiteamh, mórtas cine agus teacht le chéile na muintire dá dheasca) ina laige anois.

Má thugtar cead a gcosa dóibh agus muna gcuirtear tuilleadh srianta i bhfeidhm beidh plúr na n-imreoirí le feiscint againn arís inniu is amárach. Taitneamh geal don tsúil agus don gcroí ach iad bheith ag imirt gan lucht féachana? Níl iontu ach peileacáin gan bláth.

Ba bhreá lem’ chroí gur malairt poirt a bheadh anseo inniu agam. Ní hé mo mhian a leithéid seo de scéal míthaithhneamhach a nochtadh. An éireoidh linn ár gcluichí a imirt gan barrathuisle nó gan bráca? Deinim amach go mbeidh ár ndóthain cúraim orainn.

Fág freagra ar 'Ba bhreá le mo chroí gur malairt poirt a bheadh anseo inniu agam daoibh…'