Athrú mór meoin ag teastáil i gCLG leis an éilíteachas a chur ó dhoras

Tá na cluichí Gaelacha á dtréigean ag go leor imreoirí óg ag aois óg mar nach bhfuil cluichí á n-imirt go rialta acu agus mar go bhfuil róbhéim ar an mbua a fháil

Athrú mór meoin ag teastáil i gCLG leis an éilíteachas a chur ó dhoras

Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Bhíos tógtha níos luaithe i mbliana le cuid de na hagallaimh a cuireadh ar Uachtarán CLG  John Horan, go háirithe an méid a dúirt sé faoi na scuaid forbartha faoi aois.

An cheist bhunúsach a bhí aige, agus ag cuid maith daoine eile, ná an bhfuil gá leis na scuaid sin in aon chor? 

Dar ndóigh, an fhadhb mhór atá ann ná go bhfuil CLG ag cruthú éilíteachais i measc dream an-óg. An dainséar mór a fheiceann sé ná an méid imreoirí a thréigeann na cluichí Gaelacha ag aois óg mar nach bhfuil cluichí á n-imirt go rialta acu.

Dúirt Horan freisin gur comhlacht spóirt é Cumann Lúthchleas Ghaeil agus nach bhfuil aon rud níos tábhachtaí ná na daoine a imríonn na cluichí Gaelacha. Agus nach bhfuil an ceart aige? Nach bhfuil deighilt rómhór idir an t-imreoir sóisir C agus an t-imreoir idirchontae? Cinnte, don imreoir fásta, is iontach an rud go bhfuil comórtais don dá chaighdeán sin ann, ach ní fhaigheann an imreoir club cothrom na Féinne in aon chor. 

I gcás na n-imreoirí idir sé bliana agus 14 bliain ar a laghad nár cheart an bhéim a bheith á cur go láidir ar sheans a thabhairt don uile pháiste sa tír na cluichí Gaelacha go léir a thriail, na scileanna go léir a fhoghlaim, cluichí rialta a imirt agus blaiseadh d’atmaisféar cairdiúil spórtúil. Bheadh seans ansin go bhfanfadh tromlach acu ag imirt agus iad níos sine.

Faraor, tá béim rómhór ar fad ar an mbua a fháil.

Tá an t-uafás imreoirí á gcailliúint ag CLG mar, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, go bhfuil an córas acu bunaithe ar an tuiscint gurb é an bua is tábhachtaí, creideamh atá fréamhaithe go domhain i sícé go leor bainisteoirí, cóitseálaithe, traenálaithe agus riarthóirí. Tá béim rómhór ar fad ar an éilíteachas.

Is cinnte go bhfuil athruithe déanta, athruithe á ndéanamh agus caint arís faoi níos mó athruithe. Agus tá caint agus díospóireacht ar siúl faoi na scuaid forbartha.

Tá mórán ceisteanna fúthu. An gá d’imreoir atá ag imirt sa phríomhroinn lena chlub nó d’imreoirí atá ag imirt sna príomhchomórtais sna coláistí a bheith i scuad forbartha in aon chor? Maidir leis na himreoirí óga is fearr dá bhfuil ann, nárbh fhearr painéil réigiúnach a bheith i ngach contae in ionad painéal amháin a bheith ann agus an bhéim go léir a bheith ar dhornán beag imreoirí a bheith ag iarraidh bua a fháil don chontae sna comórtais a bhíonn ar siúil i lár an tsamhraidh? Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr don todhchaí agus do shláinte na gclubanna go mbeadh i bhfad níos mó imreoirí ag imirt leo seachas iad a bheith ag fágáil mar nach mbíonn cluichí acu go rialta?

Tá an comórtas ‘An Celtic Challenge’ ann le cúpla bliain anuas, comórtas forbartha iomána do dhaoine óga nach bhfuil ag déanamh scrúduithe Stáit. Is féidir le contaetha níos mó ná foireann amháin a chur isteach ar an gcomórtas. Tá rialacha speisialta ag baint leis, ach is í an rannpháirtíocht an rud is tábhachtaí. Tá an-mheas air mar chomórtas, tá ag éirí leis agus tá forbairt á déanamh air.

Tá athrú mór meoin ag teastáil. Ní bheidh sé éasca agus b’fhéidir go mbeadh glúin eile ann faoin am go ndéanfar an t-athrú, ach tá géarghá leis an athrú sin lena chinntiú go mbeidh oiread agus is féidir daoine ag imirt ár gcluichí iontacha.

Gan imreoirí a bheith ann ní ann do na cluichí.  

Fág freagra ar 'Athrú mór meoin ag teastáil i gCLG leis an éilíteachas a chur ó dhoras'