Athrú molta ag Ard-Stiúrthóir CLG le go mbeadh sé níos éasca rialacha an chumainn a athrú

Deir Páraic Duffy go bhfuil an móramh dhá thrian atá ag teastáil chun rialacha an Chumainn ró-ard agus labhair sé chomh maith faoi na deacrachtaí a bhíonn ag cumainn tuaithe sa lá atá inniu ann

Athrú molta ag Ard-Stiúrthóir CLG le go mbeadh sé níos éasca rialacha an chumainn a athrú

Ard-Stiúrthóir Páraic Duffy. INPHO/Ryan Byrne

Tá molta ag Ard-Stiúrthóir CLG Páraic Duffy go ndéanfaí athrú ar an riail a fhágann go bhfuil móramh dhá thrian ag teastáil chun rialacha an chumainn a athrú ag comhdhálacha bliantúla na heagraíochta.

Agus é ag labhairt i dTithe an Oireachtais inné, dúirt Duffy go gcuireann an córas atá ann faoi láthair bac ar athruithe nua sa chumann.

“Tá sé deacair. Chonaic mé le mo shúile féin é seo, déanann tú iarracht leasuithe a thabhairt isteach agus tá sé thar a bheith deacair an [móramh] dhá thrian a fháil. Anuraidh ag an gComhdháil,  theip ar roinnt moltaí maithe mar, cé gur thacaigh móramh leo, níor éirigh leo an dá thrian a bhaint amach.”

Ag Comhdháil CLG 2016, theip ar rúin a bhí molta ag Duffy chun an séasúr idirchontae a dhéanamh níos gaire. Cé go raibh formhór na dtoscairí ar a son, níor éirigh le rún a mhol cluichí ceannais na hÉireann a thabhairt chun cinn ná le ceann a raibh faoi deireadh ar fad nach mór a chur le cluichí athimeartha sa chraobh.

“Beidh ár gcomhdháil bhliantúil againn an mhí seo chugainn i bPáirc an Chrócaigh. Tá roinnt rún ann chun an riail sin a athrú, cuid acu atá ag iarraidh móramh 60%, ceann ag iarraidh móramh. Is í an fhadhb leis seo ná go bhfuil móramh dhá thrian ag teastáil uait chun é seo a athrú mar is riail atá i gceist.

“Measaim féin go bhfuil an dá thrian beagáinín ró-ard. Ceapaim go mbeadh 60% féaráilte. Tuigim cén fáth go mbeadh daoine ag iarraidh go mbeadh níos mó ná 50% ag teastáil ach tá an dá thrian ard agus déanann sé deacair é athruithe a dhéanamh,” a deir Duffy.

Dúirt an tArd-Stiúrthóir chomh maith, agus é ag labhairt le Coiste Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an Oireachtais, gur fadhb mhór é an t-uirbiú do CLG. Deir Duffy go bhfuil foirne tuaithe ag brath ar chónascadh a dhéanamh chun fanacht ar an bhfód.

“Go simplí, tá sé deacair againn faoi láthair mar go bhfuil an ghluaiseacht daoine seo ag dul ó iarthar na tíre go dtí an t-oirthear. Is mar thoradh ar an mbánú sin, ar chósta an iarthair go háirithe, go bhfuil rudaí chomh deacair sin ag clubanna,” a deir sé.

“Tá iarracht déanta againn a bheith níos solúbtha ó thaobh clubanna bheith ag teacht le chéile chun foirne neamhspleácha a dhéanamh do chomórtais ar leith, ach is fadhb ar leith atá ann agus má leanann an tsochaí ar aghaidh ag bailiú isteach i gceantair uirbeacha, beidh sé sin deacair ag CLG mar is sna ceantair tuaithe atá muid láidir.”

Deir Duffy gurb é an rud is tábhachtaí don eagraíocht ná nach mbeidh ag cliseadh ar chumainn.

“B’fhearr linn dá mbeadh clubanna in ann seasamh leo féin ach mura bhfuil, is é an cónascadh an rud is fearr. Is é an t-aon rud nach bhfuil muid a iarraidh ná go gcaillfeadh cumann nó ceantar an fhéiniúlacht CLG atá acu.”