Athrú céim ar chéim i nGaillimh, óige Phort Láirge agus ceachtanna eile CLG

A raibh le foghlaim ó thús na Sraithe Náisiúnta Iomána agus cluichí leathcheannais na gClubanna

Bainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue. INPHO/James Crombie
Bainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue. INPHO/James Crombie

Éabhlóid in áit réabhlóid do Donoghue i nGaillimh

Tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann a shroicheadh anuraidh, ní haon iontas é nach ndearna Micheál Donoghue athrú ollmhór ar fhoireann na Gaillimhe agus é i gceannas ar a chéad chluiche sraithe in aghaidh Chorcaí ar an Domhnach. I bPáirc an Phiarsaigh inné, thosaigh ochtar den fhoireann a thosaigh i gcoinne Chill Chainnigh i mí Mheán Fómhair seo caite, agus ba é an t-imreoir lár páirce Adrian Tuohy an t-aon fhear nach raibh cluiche sraithe imeartha aige roimhe seo.

Cé nach imreoir nua é, ba mhór an faoiseamh do lucht tacaíochta na Gaillimhe Niall Burke a fheiceáil ar ais ar an bpáirc. Chaill fear Órán Mór amach ar shéasúr na bliana seo caite agus gortú gualainne ag cur as dó ach ba léir inné an cumas atá fós ann agus 1-2 aimsithe aige. Tá luas ann, faoi mar a thaispeáin sé agus cúl á scóráil aige, ach tá Burke láidir san aer freisin agus is cinnte go mbainfidh Donoghue leas as an gcumas sin san aer aige, go háirithe mura mbeidh fáil ar Johnny Glynn, atá i Meiriceá, faoi thús na craoibhe.

Austin Gleeson (Port Láirge) agus Riche Hogan (Cill Chainnigh). INPHO/Cathal Noonan
Austin Gleeson (Port Láirge) agus Riche Hogan (Cill Chainnigh). INPHO/Cathal Noonan

Port Láirge ag baint leasa as fuinneamh na hóige

Cé gur admhaigh Derek McGrath nach mbeidh Cill Chainnigh róbhuartha faoin toradh seo faoin am a thiocfaidh an samhradh, caithfidh go bhfuil sé thar a bheith sásta leis an taispeántas a thug na Déisigh uathu inné. Cé nach raibh ach ceithre chúilín eatarthu ar deireadh, 0-14 in aghaidh 0-10, b’iad Port Láirge a bhí i gceannas ó thús deireadh agus dá mbeadh fiú leath de na hiarrachtaí a chur siad amú aimsithe acu, bheadh farasbarr de bhreis agus 10 gcúilín idir na foirne.

Chuir McGrath foireann thar a bheith óg chun páirce agus fiú ar dhromchla trom Pháirc Uí Bhreathnach, ba léir luas na foirne. Agus leithéidí Colin Dunford, Shane Bennett agus Austin Gleeson ag éalú óna gcéilí comhraic gan mórán agó, léirigh imreoirí Phort Láirge arís agus arís eile an cumas atá iontu.

Bhí lá aisteach ag Gleeson sa chaoi go raibh sé thar barr i ngach gné den imirt ach amháin nuair a bhí sé ag scaoileadh faoi scór. Chuir sé roinnt mhaith iarrachtaí amú sa chluiche ach in ainneoin sin, chruthaigh sé an athuair gurb é ceann de na hiománaithe óga is cumasaí agus is fearr sa tír é. Má bhíonn sé níos cruinne amach anseo, beidh sé deacair Gleeson a stopadh.

Bainisteoir Chill Chainnigh Brian Cody. INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir Chill Chainnigh, Brian Cody. INPHO/Donall Farmer

Tosach nua a chuardach ag Cody

Ach an oiread le Ciarraí sa pheil, níor thosaigh Cill Chainnigh ag traenáil arís go dtí lár na míosa seo caite agus bhí sé sin le feiceáil i dtaispeántas an lae inné. Ní raibh freagra ar bith acu ar fhuinneamh agus luas Phort Láirge.

Cé gur féidir é sin a leigheas sna seachtainí atá amach romhainn, rud amháin a chuirfidh imní ar lucht tacaíochta Chill Chainnigh ná a laige is a bhí na tosaithe sa chluiche. Ceithre chúilín a d’aimsigh siad ón imirt i 70 nóiméad agus cé go raibh cóir na gaoithe leo sa dara leath, níor éirigh leo ach ceithre chúilín a fháil agus an buntáiste sin acu. Go deimhin chaith siad tréimhse 20 nóiméad agus gan aon scór ar chor ar bith acu.

Agus Ger Aylward gortaithe don chuid eile den bhliain agus Eoin Larkin gafa leis an arm, tá deis á fáil ag imreoirí eile ach ní dhearna Mark Kelly ná Jonjo Farrell mórán inné. Agus Richie Power éirithe as chomh maith, tá fadhb bheag nó dhó le réiteach ag Brian Cody.

Aidan Walsh agus Rory Byrne ag ceiliúradh tar éis do bhua Chaisleán an Bharraigh. INPHO/Tommy Grealy
Aidan Walsh agus Rory Byrne ag ceiliúradh tar éis do bhua Chaisleán an Bharraigh. INPHO/Tommy Grealy

Coimhlint bhreá romhainn ar Lá Fhéile Pádraig

Pé rud a tharlaíonn i gcluiche ceannais peile na gClubanna an mhí seo chugainn, is beag seans go ngéillfidh ceachtar den dá fhoireann go dtí go mbeidh a rás rite ar fad acu. Imríodh na cluichí leathcheannais ag an deireadh seachtaine agus bhí ar na buaiteoirí, Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh agus Naomh Éanna, Baile Baodáin, iarracht dochreidte a chur isteach chun teacht slán.

Ba é teacht aniar Bhaile Baodáin an ceann ab iontaí agus iad trí chúilín siar, d’uireasa imreoir, agus an 60 nóiméad imeartha. Ar bhealach éigin, d’éirigh leo teacht ar ais in am cúitimh, cé go raibh an t-ádh dearg ar Daragh Nelson nár séideadh an fheadóg agus breis agus 10 gcoiscéim tugtha aige sular aimsigh sé an cúilín a chinntigh go mbeadh am breise ann.

Níl mórán foirne ann a thiocfadh ar ais mar sin, ach ba é an scéal céanna é i gcluiche Chaisleáin an Bharraigh. Chuir Raonaithe na Croise tús lasrach leis an gcluiche agus iad cúig chúilín chun cinn i ndiaidh 25 nóiméad. Léirigh fir Mhaigh Eo an misneach atá iontu, áfach, agus bhí siad ar comhscór agus gan ach ceithre nóiméad den dara leath caite. Chuir Barry Moran chun cinn iad gan ach dhá nóiméad fágtha agus, murab ionann is Cluain Meala, d’éirigh leo an imirt a mhoilliú agus an farasbarr sin a chosaint go dtí deireadh an chluiche.

Beidh an dá fhoireann ag iarraidh Craobh na gClubanna a bhuachan den chéad uair ar Lá Fhéile Phádraig agus is cinnte go mbeidh dianchoimhlint eatarthu.

Fág freagra ar 'Athrú céim ar chéim i nGaillimh, óige Phort Láirge agus ceachtanna eile CLG'