‘Anois nó riamh’ – foláireamh na Náisiún Aontaithe faoin athrú aeráide

Léirítear i dtuarascáil nua gur anois nó riamh é maidir leis an athrú aeráide – caithfimid téamh an domhain a choinneáil faoi 1.5 céim Celsius

‘Anois nó riamh’ – foláireamh na Náisiún Aontaithe faoin athrú aeráide

Mura ndéantar laghdú mór ar astaíochtaí carbóin i ngach earnáil cinnfidh sé orainn téamh an domhain a choinneáil ag 1.5 céim Celsius, an fhainic atá ag Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe sa tuarascáil is déanaí dá gcuid – ‘Maolú ar an Athrú Aeráide’

Sa séú tuarascáil dá gcuid deirtear nach leor a bhfuil geallta cheana féin ag rialtais fiú dá gcloífí leo ar fad, mar leis na spriocanna a gealladh do 2020 deirtear go n-ardóidh teas an domhain 3.2 céim Celsius roimh dheireadh an chéid.

Ní mó ná sásta a bhí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, leis an drochscéala sin. “Tá roinnt rialtas agus lucht gnó ag rá rud amháin ach rud eile á dhéanamh acu. Lena chur go simplí, ag insint bréag atá siad. Agus beidh torthaí tubaisteacha air sin.” 

Measann an painéal saineolaithe ar chúrsaí aeráide, eacnamaíochta agus socheolaíochta gur féidir le gach earnáil agus nach mór dóibh a gcuid astaíochtaí a laghdú go dtína leath as seo go 2030.

Ní amach anseo uair éigin a chaithfear na hathruithe a dhéanamh, dar leo, ach deir gurb iad an cúpla bliain seo romhainn na cinn is cinniúnaí. Measann siad nár chóir go ligfí aon ardú breise ar astaíochtaí gásanna ceaptha teasa ó 2025 agus go mbeidís ag ísliú uaidh sin amach – agus a bheith tite 43% faoin mbliain 2030. Sna blianta céanna níor mhór astaíochtaí meatáin a laghdú 33%. 

“Sílim go léirítear dúinn sa tuarascáil seo gur anois nó riamh againn é – go gcaithfimid téamh an domhain a choinneáil faoi 1.5 céim Celsius,” a dúirt an tOllamh Heleen De Coninck, príomhúdar na tuarascála. “Ní féidir lenár n-astaíochtaí gásanna ceaptha teasa dul níos airde tar éis 2025 agus caithfear iad a laghdú go gasta uaidh sin amach,” a dúirt sí. 

Chuige sin ní mór athruithe móra a dhéanamh i gcúrsaí fuinnimh agus laghdú ollmhór a dhéanamh ar úsáid breoslaí iontaise. Caithfear fuinneamh a úsáid “níos éifeachtúla agus malairt foinsí a úsáid – hidrigin mar shampla”. 

Deir siad go gcaithfear infheistíocht ollmhór a dhéanamh sna tíortha atá bocht nó i mbéal forbartha le cuidiú leo fuinneamh a sholáthar ar bhealach nach mbraitheann ar bhreoslaí iontaise.  

Measann na saineolaithe gur tráthúil a bheith ag cur deireadh le breoslaí iontaise anois mar go bhfuil na painéil ghréine agus na tuirbíní gaoithe níos saoire ná riamh – titim 85% ar a bpraghas le deich mbliana anuas, a mhaítear.

Sa tuarascáil seo scrúdaigh an Painéal Saineolaithe bealaí leis an athrú aeráide a mhaolú trí ghásanna ceaptha teasa a laghdú.

Fáil réidh le breoslaí iontaise agus díriú ar fhoinsí nach scaoileann carbón ar bith nó fíorbheagán an sprioc atá uathu. Moltar dul i muinín foinsí amhail an ghrian, an ghaoth, uisce, hidrigin nó fuinneamh núicléach. 

Moltar chomh maith foirgnimh a dhéanamh níos éifeachtúla in úsáid fuinnimh agus athruithe a dhéanamh ar ár nósmhaireachtaí saoil – gearradh siar ar an méid feola a ithimid agus ar na heitiltí a dhéanaimid. 

Déantar moltaí sa tuarascáil chomh maith maidir le carbón a bhaint as an atmaisféar – trí chrainnte a chur agus bealaí feirmeoireachta a athrú.

Fág freagra ar '‘Anois nó riamh’ – foláireamh na Náisiún Aontaithe faoin athrú aeráide'

  • Angela Deegan

    Tá súil agam go n-éistíonn daoine agus go gcuireann siad tréan bhrú ar a gcuid ionadaithe láithreach – chun na hathraithe atá riachtanach a dhéanamh. Agus ina dteannta sin, go ndéanann daoine athraithe ina saolta féin chun astaíochtaí carbóin a laghdú comh fada agus is féidir.
    Sin, nó beidh saolta ár sliocht scriosta.