Athrú á bheartú ar sheantoghcheantar Chonamara agus teorainneacha toghcháin le tarraingt ar chnoic agus cladaí

Bliain ó inniu beidh comhairleoirí Chonamara sa tóir ar vótaí arís, ach d’fhéadfadh go mbeadh leagan amach eile ar chúrsaí toghcheantair faoin tráth sin

Athrú á bheartú ar sheantoghcheantar Chonamara agus teorainneacha toghcháin le tarraingt ar chnoic agus cladaí

Tá faoin Rialtas an ceantar toghchánaíochta rialtas áitiúil atá in iarthar na Gaillimhe, agus Oileáin Árann san áireamh, a roinnt. Tá an t-athrú seo beartaithe mar chuid de pholasaí an Rialtais nach mbeadh toghcheantair ann a mbeadh níos mó ná seacht suíochán iontu. Tá Coiste curtha i mbun oibre ag an Aire Stáit Um Rialtais Áitiúil agus Leasuithe Toghcháin John Paul Phelan agus dualgas orthu na teorainneacha a tharraingt aríst sa gcaoi agus go laghdófar na toghcheantair is mó.  Tá toghcheantar ‘Chonamara’ ar cheann acu seo.

Naonúr Comhairleoirí atá i dtoghcheantar ‘Chonamara’. Tá an scéal amhlaidh ó cuireadh cuid den toghcheantar ar ar tugadh ceantar tuaithe na Gaillimhe isteach leis an seantoghcheantar i gConamara.  Bhí an seantoghcheantar taobh thiar de Chois Fharraige agus taobh thiar d’Uachtar Ard. Thosaigh Toghcheantar Tuaithe na Gaillimhe in Uachtar Ard agus chuimsigh sé Indreabhán isteach go himeall na cathrach, Oileáin Árann, agus píosa eile den toghcheantar sin taobh thoir de Ghaillimh, Baile Chláir.

Go dtí a cúig tráthnóna Déardaoin seo chugainn atá ag duine ar bith atá ag iarraidh aighneacht a chur faoi bhráid Choiste na dTeorann Toghcheantar Rialtais Áitiúil. Tá aighneacht amháin ar a laghad istigh cheana maidir leis an roinnt atá le déanamh ar an taobh tíre taobh thiar de Ghaillimh agus oileáin Árann.

’Sé an Comhairleoir Contae Neamhspleách as Uachtar Ard, Thomas Welby a chuir an cháipéis sin i dtoll a chéile agus é ag moladh go mbeadh ‘Conamara Thuaidh’ agus ‘Conamara Theas’ ann.  Faoin leagan amach sin, tharraingeofaí teorainn as Maigh Cuilinn go Cloch na Rón agus bheadh Conamara Theas ó dheas dó sin agus

Maigh Cuilinn agus Cloch na Rón san áireamh.  Ó thuaidh bheadh Uachtar Ard, Dúiche Sheoigeach agus iarthuaisceart Chonamara, an Clochán san áireamh.  Trí shuíochán a bheadh ó thuaidh.

Beidh moltaí eile á gcur faoi bhráid an Choiste Teorainneacha idir seo agus tráthnóna Déardaoin. Beidh ceann ó Fhianna Fáil agus chuile sheans go mbeidh Fine Gael ag tabhairt léargas ar a dtuairimí féin.   Beidh ag an gCoiste  go dtí an 10 Meitheamh lena dtuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Stáit, John Paul Phelan. 

Ní gá, ar ndóigh, go nglacfaidh an Coimisiún Toghcheantair le focal ná siolla as na haighneachtaí a chuirfear faoina mbráid; beidh a fhios ag an  saol

nach ligfidh páirtithe polaitiúla a leas féin ar cairde agus iad ag cur a mbarúlacha chun cinn. Tuigfidh an Coimisiún é sin freisin.   

Ar ndóigh, déarfaidh daoine eile gur cuma cén chaoi a leagfar amach toghcheantair na Comhairle Contae mar nach bhfuil cumhacht ag Comhairleoirí Contae agus, ar aon chuma, go bhfuil an Chomhairle i nGaillimh ar charraig cheal airgid.   

Is deacair an méid sin a bhréagnú.  Ach, ina dhiaidh sin féin, is é/í an Comhairleoir Contae an duine is gaire den doras sa gcóras daonlathach agus is féidir leis aird a tharraingt ar a cheantar féin agus ceannaireacht a thabhairt go háitiúil.  Tá rud eile ann: tá deis ann anois leis an leathmhaing atá tagtha ar ionadaíocht sa gComhairle Contae in iarthar na Gaillimhe a cheartú, go pointe pé ar bith scéal é.

Níl comparáid ar bith ar bhonn sóisialta agus eacnamaíochta idir Bearna, atá i gceann thoir an toghcheantair atá ann faoi láthar, agus Carna atá ar an imeall thiar.  Is beag comparáid ach an oiread atá idir Maigh Cuilinn, atá gar do Ghaillimh, agus Leitir Mealláin atá beagnach dhá scór míle siar ón gcathair.  Tá an bhearna eacnamaíochta idir na ceantair atá in aice na cathrach – fiche míle amach uathi, nó mar sin – agus seancheantar traidisiúnta Chonamara ag méadú i gcónaí.  Ní hé an réigiún céanna é taobh thiar de Chasla agus taobh thiar den Teach Dóite, áit a bhfuil obair gann agus an daonra ag laghdú.   Fágann sin go bhfuil tromlach na gComhairleoirí Contae á dtoghadh gar do chathair na Gaillimhe; níl acu triúr anois sa ‘seanChonamara’.

Ó thaobh cúrsaí tíreolaíochta, stádas eacnamaíochta agus sóisialta agus luí leis an gConamara traidisiúnta, mar a tuigeadh é, bheadh argóint láidir acu siúd a thacódh leis an seanreacht – toghcheantar Chonamara a bheith taobh thiar d’Uachtar Ard agus siar ó Chois Fharraige.

Níl feicthe againn fós ach moltaí Thomas Welby.  Chuirfidís sin imní ar a chomharsana béal dorais, na Comhairleoirí  Séamus Breathnach agus Niamh Byrne, an Breathnach go háiríthe.  Faigheann seisean slám láidir vótaí i bhfíorGhaeltacht Chonamara; go deimhin, bheadh sé i dtrioblóid gan iad.  Ní mó ná sásta a bheadh Seán Ó Tuairisg dá mbeadh Dúiche Sheoigeach tógtha as a thoghcheantar féin;  as Corr na Móna é Seán Ó Tuairisg agus tá tacaíocht mhaith aige ansin i gcónaí. Ní fáiltiúil a bheadh Fianna Fáil roimh chúngú an toghcheantair nua i gConamara Thuaidh.  Bheadh an baol ann go bhfágfaí ar an trá fholamh iad.  De réir na bhfigiúirí sa taobh sin tíre bheadh suíochán ag an gComhairleoir Welby é féin agus ag Eileen Mannion (Fine Gael) sa gClochán agus bheadh seans ag Fine Gael ar an tríú suíochán (Niamh Byrne).   Bheadh chuile chosúlacht ann arís gur níos gaire do chathair na Gaillimhe a bheadh tromlach láidir de na Comhairleoirí.

Pé ar bith bealach a mbeidh an claí teorann, tarraingeoidh sé caint agus is cinnte go mbéarfaidh na driseacha cosáin i gConamara ar iarrthóirí thar a chéile bliain ó inniu agus iad sa tóir ar vótaí arís.

Fág freagra ar 'Athrú á bheartú ar sheantoghcheantar Chonamara agus teorainneacha toghcháin le tarraingt ar chnoic agus cladaí'