Athchomhaireamh iomlán le déanamh i dtoghlach an Deiscirt

Tá Liadh Ní Riada, arb as Gaeltacht Mhúscraí di, i mbaol mór a suíochán a chailleadh

Athchomhaireamh iomlán le déanamh i dtoghlach an Deiscirt

Tá athchomhaireamh iomlán le déanamh ar na vótaí go léir a caitheadh sa toghchán Eorpach sa Deisceart, rud a chosnóidh €1 milliún agus a chuirfidh moill míosa nach mór ar an toradh.

Sinn Féin a lorg an t-athchomhaireamh in ainneoin nár éirigh lena n-iarrthóir, an Feisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada, ach aon vóta breise amháin a fháil as an athsheiceáil a rinneadh ar 200,000 páipéar ballóide.

Rinneadh athsheiceáil ar vótaí Liadh Ní Riada agus iarrthóir Chomhaontas Glas Grace O’Sullivan agus gan eatarthu ach 327 vóta.

Tá Liadh Ní Riada, arb as Gaeltacht Mhúscraí di, i mbaol mór a suíochán a chailleadh.

Grace O’Sullivan, Comhaontas Glas, agus Deirdre Clune, Fine Gael, atá san iomaíocht léi don dá shuíochán dheireanacha i dtoghlach cúig suíochán an Deiscirt. Ní bheidh an té a gheobhaidh an cúigiú suíochán ag dul chun Parlaimint Strasbourg nó go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE, má tharlaíonn sin.

Seán Kelly, Fine Gael, a tháinig sa chéad áit agus beidh suíocháin chomh maith ag Billy Kelleher, Fianna Fáil, agus Mick Wallace, Independents4Change.

Mura n-éiríonn le Liadh Ní Riada bheadh Seán Kelly ar an aon Ghaeilgeoir amháin i measc an 13 duine a thoghfaí sna toghcháin Eorpacha in Éirinn.

Cuirfear tús leis an athchomhaireamh Dé Máirt seo chugainn agus meastar gur ar an 21 Meitheamh a fhógrófar cá rachaidh na cúig shuíochán i dtoghlach an Deiscirt.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Jonathan O’Brien gur tugadh roinnt “neamhrialtachtaí” faoi deara san athsheiceáil agus shéan sé gur cur amú airgid a bhí san athchomhaireamh. “Ní féidir luach a chur ar an daonlathas,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Athchomhaireamh iomlán le déanamh i dtoghlach an Deiscirt'