Athbhreithniú le déanamh ar an leagan Gaeilge den aip Covid-19 mar gheall ar bhotún

D’fhág botún ar an aip Covid Tracker gur tugadh rabhadh do Ghaeilgeoirí teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir in ainneoin nach raibh comharthaí sóirt an ghalair orthu

Athbhreithniú le déanamh ar an leagan Gaeilge den aip Covid-19 mar gheall ar bhotún

Botún ba chúis le rabhadh a thug an aip COVID Tracker Ireland do Ghaeilgeoirí dul i dteagmháil le dochtúir cé nach raibh aon siomptóim den choróinvíreas acu.

Tháinig sé chun solais i rith na seachtaine gur tugadh treoir do dhaoine a bhí ag úsáid leagan Gaeilge na haipe fanacht glan ar dhaoine eile agus glaoch ar a ndochtúir teaghlaigh cé go raibh sé deimhnithe acu nach raibh tinneas orthu.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil siad ar an eolas maidir leis an bhfadhb agus go mbeidh sé réitithe go luath acu. Deir siad chomh maith go bhfuil siad chun dul tríd an leagan Gaeilge den aip arís chun a chinntiú nach bhfuil aon bhotúin eile inti.

“Ceartófar an botún san aistriúchán ar an aip nuair a dhéanfar uasdátú ar an aip an tseachtain seo,” a dúirt urlabhraí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

“Beidh muid ag déanamh athbhreithniú ar an leagan Gaeilge arís chun a chinntiú go bhfuil gach rud cruinn. Gabhaimid ár leithscéal as an mbotún.”

Cé gur thug urlabhraí an HSE le fios do Tuairisc.ie gur “botún aistriúcháin” a bhí ann, dúirt foinse eile sa eagraíocht linn gur botún ar leagan amach na haipe a bhí i gceist agus gurbh amhlaidh nár tugadh deis d’aon duine an leagan Gaeilge a sheiceáil roimh a seoladh féachaint an raibh sé ag feidhmiú mar ba chóir.

Tarraingíodh aird ar an bhfadhb ar na meáin shóisialta an tseachtain seo agus é tugtha faoi deara ag daoine a bhí ag baint úsáid as an leagan Gaeilge den aip go raibh botún ann.

Cuirtear an cheist “An bhfuil tú ábalta boladh nó blaiseadh de rudaí faoi mar a bhíodh tú i gcónaí?” san aip. Nuair a roghnaigh daoine “Tá”, dúradh gur siomptóm den choróinvíreas a bhí ann a bheith ábalta boladh nó blaiseadh de rudaí agus moladh dóibh fanacht glan ar dhaoine eile agus glaoch a chur ar a ndochtúir teaghlaigh.

Sa leagan Béarla, is í an cheist atá ann ná “Do you have any loss of sense of taste or smell?”, a mhalairt den cheist sa leagan Gaeilge.

Cruthaíodh an aip, a seoladh mí Iúil, chun cabhrú le cuardach gartheagmhálaithe na ndaoine a tholgann an Covid-19.

Tá an aip in úsáid ag thart ar 1.2 milliún duine.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú le déanamh ar an leagan Gaeilge den aip Covid-19 mar gheall ar bhotún'

  • Conchubhar de Róiste

    Nuair a bhíos ag clárú leis an Aip níor tugadh ach rogha amháin faoi mo thír cónaithe sé sin Ireland agus mo áit cónaithe Kilkenny. Nach bhfuil Cill Chainnigh nó Éire ann a thuile?