Athbhreithniú ar bun ag Roinn an Taoisigh maidir leis an mBratach Náisiúnta

Cuirtear i lár crainn an Bhratach Náisiúnta nuair a chailltear pearsa mhór de chuid na tíre seo nó mar chomhartha ómóis do Cheann Stáit tíre a bhfuil dlúthbhaint ag Éirinn léi

21/8/2014 Albert Reynolds Dies Flags Half Mast

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Roinn an Taoisigh ar an bpolasaí atá ann maidir le cathain a bhíonn an Bhratach Náisiúnta ar leathchrann os cionn Thithe an Rialtais.

Dheimhnigh urlabhraí ó Roinn an Taoisigh do Tuairisc.ie go bhfuil an polasaí maidir leis an mBratach Náisiúnta á athbhreithniú ag an Roinn faoi láthair.

Níor fhreagair an t-urlabhraí ceist eile ó Tuairisc.ie faoi cén chúis a bhfuil athmhachnamh á dhéanamh ar an bpolasaí atá ann faoi láthair ná faoi cad é go sonrach a spreag an t-athbhreithniú.

Cuirtear i lár crainn an Bhratach Náisiúnta nuair a chailltear pearsa mhór de chuid na tíre seo agus bíonn sí le feiceáil lasmuigh d’fhoirgnimh Rialtais áit ar bith a bhfuil crann brataí.

Is gnách freisin an Trídhathach a chur ar leathchrann mar chomhartha ómóis do Cheann Stáit tíre a bhfuil dlúthbhaint ag Éirinn léi.

Bingu_Wa_Mutharika_-_World_Economic_Forum_on_Africa_2008
Bingu wa Mutharika: níor cuireadh an Bhratach Náisiúnta ar leathchrann nuair a cailleadh é.

Anuas air sin, cuirtear ar leathchrann í mar chomhartha comhbhróin i dtaca le heachtraí a tharlaíonn sa tír seo nó i dtíortha eile thar lear.

Tháinig an t-athbhreithniú átá á dhéanamh ag Roinn an Taoisigh ar pholasaí na brataí chun solais ar dtús i bhfreagra Dála a thug an Taoiseach, Enda Kenny, ar cheist ón Teachta Dála, Seán Crowe (SF).

D’fhiafraigh Teachta Dála Shinn Féin den Taoiseach cén fáth nár cuireadh an Bhratach Náisiúnta ar leathchrann os cionn Thithe an Rialtais nuair a cailleadh le déanaí Uachtarán na Maláive, Bingu wa Mutharika, agus Príomh-Aire na hAetóipe, Meles Zenawi, agus Uachtarán na Saimbia, Michael Sata.

B’ait le Crowe an cinneadh gan an bhratach a chur ar leathchrann i bhfianaise an dlúthcheangail atá ag Éirinn leis na trí thír thuasluaite.

 

 

Fág freagra ar 'Athbhreithniú ar bun ag Roinn an Taoisigh maidir leis an mBratach Náisiúnta'