Athbheochan á déanamh ar phróiseas teanga Chois Fharraige agus cuideachta nua bunaithe

Tá tús á chur leis an bpróiseas maidir le beirt a earcú chun plean teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm agus borradh arís faoin bpróiseas pleanála teanga a bhí ina lánstad sa cheantar

Athbheochan á déanamh ar phróiseas teanga Chois Fharraige agus cuideachta nua bunaithe

Breis agus dhá bhliain ó sheol Aire Stáit na Gaeltachta plean teanga Chois Fharraige i gConamara, tá dlús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa cheantar athuair.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, ba ghá eagraíocht phobail nua a chur ar bun chun go mbeifí ábalta tús a chur leis an bplean a chur i gcrích agus athmhúscailt a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga sa cheantar atá ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.

Tá sé deimhnithe anois go bhfuil Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, an eagraíocht dheonach a chuir plean teanga an cheantair i dtoll a chéile, cláraithe mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta leis an Oifig um Chlárú Cuideachta.

Tá sé deimhnithe chomh maith go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas maidir le beirt a earcú chun plean teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm.

Lena chois sin, tá cuireadh seolta ag an gcuideachta nuachláraithe chuig eagrais dheonacha phobail sa cheantar ag iarraidh orthu clárú leis an gcuideachta nua seo agus ionadaí a sheoladh go dtí cruinniú eolais a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn. Cuirfear

“Cuirfear na chéad chéimeanna eile i bhfeidhmiú Phlean Teanga Chois Fharraige i láthair ag an gcruinniú. Fostófar beirt fheidhmeannach le dul i mbun feidhmiú an phlean agus tá tús á chur leis an bpróiséas earcaíochta,” a dúradh i ráiteas a chuir Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ar fáil aréir.

Ó sheol iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh plean an cheantair Meán Fómhair 2017, tá 10 n-oifigeach pleanála teanga dulta i mbun oibre i gceantair Ghaeltachta eile ach bhí an próiseas ina lánstad i gCois Fharraige.

Dheimhnigh Údarás na Gaeltachta do Tuairisc.ie mí Iúil seo caite go raibh gá le “struchtúr” agus “comhlacht nua pobalbhunaithe” i gCois Fharraige chun an plean teanga a chur i bhfeidhm.

Ba é Fóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga a roghnaíodh le plean teanga an cheantair a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus cé go raibh siad ar an ngrúpa is túisce a d’ullmhaigh plean, tá moill mhór ar an bpróiseas ó shin.

I dtús báire, bhí aighneas idir an Fóram agus Roinn na Gaeltachta faoin méid airgid a bhí á thairiscint chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm, ach bhain deacrachtaí eile leis an bpróiseas chomh maith.

Tuigtear nach raibh an dlús céanna faoin bpróiseas i ndiaidh an aighnis sin agus go deimhin bhí sé ráite sa phlean a d’ullmhaigh an Fóram go mbunófaí comhlacht nua chun an obair pleanála teanga féin a chur i gcrích.

D’éirigh an scéal níos casta fós ó tharla é a bheith ráite go soiléir in Acht na Gaeltachta gurb í an eagraíocht a roghnaítear chun plean teanga a ullmhú a chaithfidh an plean sin a chur i bhfeidhm.

Ní raibh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga cláraithe go hoifigiúil mar chomhlacht, rud a mbeadh gá leis chun tairbhe a bhaint as an maoiniú stáit.

Cúrsaí maoinithe an chéad chúis a bhí leis an moill ar an bpróiseas i gCois Fharraige.

Dúradh sa phlean ar chuir Fóram Chois Fharraige tús lena ullmhú i lár na bliana 2014, agus ar ghlac an t-aire stáit leis in 2017, gur €250,000 a chosnódh a chur i bhfeidhm agus go mbeadh gá le triúr a fhostú chuige sin.

Bhí amhras mór ar feadh tamaill faoina raibh i ndán do phróiseas pleanála teanga na Gaeltachta ar fad nuair a dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige don €100,000 a bhí á thairiscint chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm.

Thacaigh saineolaithe agus lucht pleanála teanga i roinnt ceantar eile le seasamh Fhóram Chois Fharraige agus leis an áiteamh nárbh leor an maoiniú a bhí á chur ar fáil don obair.

Thángthas ar réiteach ar an aighneas ina dhiaidh sin agus d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go raibh €50,000 breise á thairiscint do lucht pleanála teanga i gceantair áirithe in iarracht teacht ar fhuascailt ar an tsáinn ina raibh an córas nua. Bheadh cead freisin sna ceantair sin, Cois Fharraige ina measc, beirt seachas duine amháin a fhostú chun plean a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Athbheochan á déanamh ar phróiseas teanga Chois Fharraige agus cuideachta nua bunaithe'