Áth Cliath agus Corcaigh in adharca a chéile arís i bPáirc an Chrócaigh

Níl Craobh Shinsir na hÉireann buaite ag aon chontae eile seachas an péire seo le 15 bliain anuas agus beidh ceann acu ag ceiliúradh arís ag deireadh an lae

Áth Cliath agus Corcaigh in adharca a chéile arís i bPáirc an Chrócaigh

Saoirse Noonan (Corcaigh) agus Niamh Collins (Áth Cliath). Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Pheil na mBan
Áth Cliath v Corcaigh – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm (Beo ar TG4)

Tabharfar blaiseadh eile dúinn tráthnóna de cheann de na coimhlintí is géire i spórt na hÉireann nuair a thabharfaidh Corcaigh agus Áth Cliath aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Pheil na mBan i bPáirc an Chrócaigh.

Níl Craobh Shinsir na hÉireann buaite ag aon chontae eile seachas an péire seo le 15 bliain anuas agus beidh ceann acu ag ceiliúradh arís ag deireadh an lae.

Ba iad mná Chorcaí banríonacha na peile ar feadh na mblianta. Bhuadar 11 craobh idir 2005 agus 2016 agus bhuadar trí cinn acu as a chéile ar Áth Cliath i dtrí chluiche ceannais idir 2014-15.

Nuair a chlis ar Chorcaigh i mbabhtaí leathcheannais 2017, áfach, thapaigh foireann na príomhchathrach an deis agus is iad atá caithréimeach ó shin. Bhain siad díoltas amach ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann 2018 agus fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh sa gcluiche leathcheannais anuraidh.

Tá mná Átha Cliath sa tóir ar a gceathrú craobh as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta cheana ach ag Corcaigh agus ag Ciarraí.

Tá dúshláin sáraithe acu chun cluiche ceannais an lae inniu a bhaint amach. Bhí bua cinniúnach acu in aghaidh Dhún na nGall sa chéad bhabhta agus an t-ádh leo na Conallaigh a chur de dhroim seoil nuair a chríochnaigh iarracht ar chúilín ó Shinéad Aherne san eangach i bPáirc Breffni.

Thug Ard Mhacha neart le déanamh d’Áth Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann ach tháinig foireann Mick Bohan slán le cabhair Carla Rowe, a d’aimsigh 2-4 i dtaispeántas den scoth.

Bhí rudaí beagáinín níos éasca ag Corcaigh. Thug Ciarraí cluiche crua dóibh sa chéad bhabhta ach bhuail siad greadadh ar an gCabhán ina dhiaidh sin agus bhí deich bpointe d’fharasbarr acu ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais conspóideach coicís ó shin.

Rinneadh éagóir ar fhoireann na Gaillimhe an lá sin nuair nár tugadh dóibh ach seacht nóiméad le téamh suas roimh an gcluiche ach bhí Corcaigh an-chumasach.

Bhí Orla Finn an-chruinn ó na ciceanna saora agus bhí Ciara O’Sullivan ar fheabhas ar fad.

Agus bliain dheacair acu anuraidh, tá an chuma ar Chorcaigh go bhfuil siad ar ais i mbarr a maitheasa, cé go mb’fhéidir nach bhfuil siad chomh maith agus a bhí le linn ré órga na foirne blianta beaga ó shin.

Beidh ar imreoirí Chorcaí a bheith i mbarr a maitheasa chun sárfhoireann seo Átha Cliath a bhualadh, áfach. Cé go bhfuil níos mó scóráilte ag Corcaigh go dtí seo sa chraobh, tá scóranna faighte ag 15 d’imreoirí Átha Cliath sa chraobh, i gcomparáid le naonúr ó Chorcaigh.

Ba í Carla Rowe an laoch sa chluiche leathcheannais ach d’fhéadfadh gurb í Noelle Healy, Sinéad Aherne, Nicole Owens nó duine éigin eile ar fad a thabharfadh an taispeántas cinniúnach tráthnóna.

Fág freagra ar 'Áth Cliath agus Corcaigh in adharca a chéile arís i bPáirc an Chrócaigh'