Áth Cliath ag ceiliúradh a séú craobh as a chéile agus Maigh Eo buailte arís

Cúig phointe d’fharasbarr a bhí ag fir na príomhchathrach a chuir Maigh Eo de dhroim seoil le taispeántas cumasach sa cheathrú uaire dheireanach

Áth Cliath ag ceiliúradh a séú craobh as a chéile agus Maigh Eo buailte arís

Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann
Páirc an Chrócaigh
Áth Cliath 2-14 Maigh Eo 0-15

Tá Craobh na hÉireann buaite ag peileadóirí Átha Cliath den séú huair as a chéile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Cúig phointe d’fharasbarr a bhí ag fir na príomhchathrach agus chuir siad Maigh Eo de dhroim seoil le taispeántas cumasach sa cheathrú uaire dheireanach.

Bhí na foirne ar comhscór agus 50 nóiméad imeartha, ach fuair Áth Cliath cúig phointe as a chéile, ceithre cinn acu i dtréimhse ceithre nóiméad, chun smacht a fháil ar chúrsaí. Ní raibh freagra ar bith ag Maigh Eo orthu.

Bhí tionchar mór ag na fir ionaid ar imirt Átha Cliath. Tugadh Brian Howard isteach ag leath ama agus bhí sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar an bpáirc. Scóráil sé pointe iontach ón líne daichead slat agus 60 nóiméad imeartha agus fear ionaid eile, Paul Mannion, a d’aimsigh an chéad scór eile chun Maigh Eo a chur faoi chois.

Bhí Ciarán Kilkenny agus Niall Scully i measc na n-imreoirí eile a sheas an fód d’Áth Cliath ón tús. Tá Kilkenny coinnithe gan scór ag Maigh Eo le ceithre chluiche craoibhe anuas ach scóráil sé dhá phointe inniu agus bhí an-tionchar aige ar an imirt.

Cúl Dean Rock. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Thuirsigh foireann James Horan uile sa dara leath. Thug siad dúshlán Átha Cliath sa chéad 35 nóiméad agus ní raibh siad ach dhá phointe chun deiridh ag leath ama, cé go raibh dhá chúl géillte acu.

Leis an mbeart a dhéanamh agus Áth Cliath a shárú faoi dheireadh, bheadh gá le taispeántas iontach sa dara leath ach ní mar sin a bhí.

Rinne seaimpíní Chonnacht go maith fanacht sa chluiche go dtí sin ach chruthaigh siad go leor fadhbanna dóibh féin. Chuir Maigh Eo tús náireach leis an gcluiche agus fuair Dean Rock cúl agus gan ach 13 soicind caite.

Rinneadh go leor cainte faoi na deiseanna uile a ghéill Maigh Eo sa chluiche leathcheannais in aghaidh Thiobraid Árann agus is cinnte go raibh go leor oibre déanta acu chun é sin a leigheas. Ach nuair a bhuaigh James McCarthy an liathróid ón gcaitheamh isteach, d’fhág Maigh Eo ualach mór spáis roimhe agus taobh istigh de dheich soicind bhí cúl faighte ag Áth Cliath.

Chun a gceart a thabhairt dóibh, níor ghéill Maigh Eo. Bhí an cosantóir óg Oisín Mullin ar fheabhas sa chéad chuid den chluiche. Is é a scóráil an chéad phointe do Mhaigh Eo agus sciob sé leis an liathróid ó phéire de chiceanna amach Stephen Cluxton chun scóranna a chruthú do Mhaigh Eo, Bhí fir an iarthair ar comhscór 90 soicind i ndiaidh dóibh an cúl a ghéilleadh.

Scóráil Dean Rock dhá phointe agus fuair Seán Bugler ceann chun Áth Cliath a chur chun tosaigh arís ach níor ghéill Maigh Eo. Bhí na foirne ar comhscór arís roimh an mbriseadh uisce, a bhuíochas do phointí ó O’Connor, Conor Loftus agus Ryan O’Donoghue. Nuair a scóráil O’Connor dhá phointe eile ó mharcanna, bhí Maigh Eo imithe chun tosaigh, 0-8 in aghaidh 1-3.

D’íoc siad go daor arís as na botúin a rinne siad agus iad i mbun cosanta, áfach. Sa 23ú nóiméad, shleamhnaigh Con O’Callaghan thar chosantóir amháin, thug sé pas do Niall Scully, a bhí fágtha as féin, agus thug Scully pas ar ais do O’Callaghan, a scóráil cúl lena dhorn.

Scóráil Cillian O’Connor cic saor chun na foirne a chur ar comhscór díreach ina dhiaidh sin ach ba láidre a bhí Áth Cliath as sin go dtí leatham. Trí cinn de phointí a fuair siad, ceann an duine ag O’Callaghan, John Small agus Ciarán Kilkenny. Scór ar bith ní bhfuair Maigh Eo mar fhreagra.

Níor chuir Maigh Eo ach iarracht amháín ar fóraoil roimhe sin, cic saor ó Chillian O’Connor, ach chuir Matthew Ruane, Ryan O’Donoghue agus Tommy Conroy iarrachtaí amú sa tréímhse sin. Isteach i lámha an chúl báire a chuaigh iarracht Conlon, rud atá feicthe i bhfad rómhinic againn ó fhoirne Mhaigh Eo i gcluichí móra.

Tharla scliúchás sa tollán agus na himreoirí ag dul i dtreo na seomraí feistis ach faraor ní dhearna an eachtra sin mórán chun Maigh Eo a spreagadh. Bhí fear sa bhreis acu sa chéad 10 nóiméad den dara leath toisc Robbie McDaid a bheith imithe ón bpáirc le cárta dubh, ach níor laghdaigh siad an bhearna ach aon phointe amháin le linn na tréimhse sin.

Chuir Cillian O’Connor na foirne ar comhscór sa 50ú nóiméad le cic saor ach chuir siad críoch iontach leamh leis an gcluiche.

Theip orthu scór ar bith a fháil ón imirt go dtí go bhfuair an fear ionaid Darren Cohen cúilín sa 63ú nóiméad ach bhí an fear céanna ciontach as iarracht uafásach a chur amú cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

B’in scéal Mhaigh Eo nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá.

Tá Craobh na hÉireann tugtha leo arís ag Áth Cliath. Níor ghéill siad cúl ar bith i gcraobh na bliana seo agus cá bhfios cén uair a chuirfear deireadh lena dtréimhse ceannasaíochta.

Áth Cliath: S. Cluxton; D. Byrne, M. Fitzsimons, J. Cooper; E. Murchan, J. Small (0-1), R. McDaid; B. Fenton (0-1), J. McCarthy; N. Scully (0-1), C. Kilkenny (0-2), S. Bugler (0-1); P. Small, C. O’Callaghan (1-1), D. Rock (1-5, 0-5 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: B. Howard (0-1) in áit S. Bugler (Leath ama), P. Mannion (0-1 ó chic saor in áit P. Small (50 nóim), C. Basquel in áit J. Cooper (53 nóim), C. Costello in áit N. Scully (70 nóim), P. McMahon in áit E. Murchan (72 nóim).

Maigh Eo: D. Clarke, O. Mullin (0-1), C. Barrett, L. Keegan; P. Durcan, S. Coen (0-1), E. McLaughlin; C. Loftus, M. Ruane; K. McLoughlin, R. O’Donoghue (0-2), D. O’Connor; T. Conroy, A. O’Shea, C. O’Connor (0-9, 0-5 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: M. Plunkett in áit P. Durcan (Leath ama), J. Carr in áit T. Conroy (49 nóim), D. Coen (0-1) in áit R. O’Donoghue (57 nóim), J. Flyinn in áit C. Loftus (61 nóim), J. Durcan in áit E. McLaughlin (70 nóim).

Réiteoir: David Coldrick

Fág freagra ar 'Áth Cliath ag ceiliúradh a séú craobh as a chéile agus Maigh Eo buailte arís'