Ateangaire le Gaeilge ag teastáil i gceithre chás cúirte ar fad anuraidh

Léiríonn figiúirí atá faighte ag Tuairisc gur ateangaire Gaeilge a bhí i gceist i níos lú ná 0.1% de na cásanna cúirte ina raibh ateangaire ag teastáil le dhá bhliain anuas

Ateangaire le Gaeilge ag teastáil i gceithre chás cúirte ar fad anuraidh

Ní dhearnadh ach ceithre iarratas ar sheirbhís ateangaireachta Gaeilge sna cúirteanna anuraidh as an mbreis is 9,000 iarratas ar fad a rinneadh ar a leithéid de sheirbhís.

Ó thaobh éilimh de, bhí beagnach leathchéad teanga eile chun tosaigh ar an nGaeilge in 2021, de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc.

De réir na Seirbhíse Cúirteanna, as an 9,216 cás ina raibh ateangaire ag teastáil anuraidh, ní raibh ateangaire le Gaeilge ag teastáil ach i gceithre cinn acu. D’fhág sin go raibh an Ghaeilge, ó thaobh éilimh de, sa 46ú áit as an 72 teanga ar fad ar iarradh ateangaire ina leith.

Ba mhó an t-éileamh in 2020, nuair bhí ateangaire le Gaeilge ag teastáil in 11 den 7,513 cás ina raibh seirbhísí ateangaireachta de dhíth. Bhí an Ghaeilge ar an 31ú teanga is mó éileamh an bhliain sin.

Léiríonn na figiúirí sin gur ateangaire le Gaeilge a bhí i gceist i níos lú ná 0.1% de na cásanna cúirteanna ina raibh ateangaire ag teastáil le dhá bhliain anuas.

Ba iad An Pholainnis, An Rómáinis agus an Liotuáinis na trí theanga ba mhó ar a raibh éileamh in 2020 agus 2021. Bhí ateangaire le Polainnis ag teastáil i 1,962 cás idir 2020-2021, ateangaireacht Rómáinise a bhí ag teastáil i 1,519 cás agus ateangaire le Liotuáinis a bhí i gceist i 1,005 cás.

Chaith an stát €1.5 milliún ar sheirbhísí ateangaireachta in 2021, ardú ó €1 milliún in 2020. 

Tá na seirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna i mbéal an phobail tar éis do bhreitheamh sa chúirt dúiche rá go raibh sí “tinn tuirseach” de dhaoine a bhíonn os comhair na gcúirteanna a bheith ag lorg seirbhísí ateangaireachta.

Dúirt an Breitheamh Miriam Walsh le déanaí gurb iad na cáiníocóirí a bhí ag íoc as an tseirbhís sin agus go raibh sí “tinn tuirseach” de dhaoine atá ina gcónaí sa tír seo le blianta a bheith “ag dul I bhfolach taobh thiar d’ateangairí”.

Bhain an cás i gCúirt Dúiche Phort Laoise le fear a bhí ina chónaí in Éirinn le cúig bliana agus a bhí os comhair na cúirte de bharr cúisimh a bhain le hionsaithe. D’iarr sé go gcuirfí seirbhís ateangaireachta ar fáil dó sa chás.

“Ní raibh aon ateangaire de dhíth air lena dheoch a cheannach, ná nuair a bhíonn sé ag siopadóireacht. Is mó Béarla atá acu ná atá againn féin,” a deir an Breitheamh Walsh.

Cháin Líonra na hÉireann in aghaidh an Chiníochais caint an Bhreithimh agus dúirt gur léirigh a cuid cainte an gá atá ann oiliúint shainiúil a chur ar fáil do bhreithiúna.

Fág freagra ar 'Ateangaire le Gaeilge ag teastáil i gceithre chás cúirte ar fad anuraidh'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is mó cás Gaeilge nach mbíonn ateangaire ar bith ag teastáil iontu. Tá dualgas ar an Stát breitheamh le Gaeilge a chur ar fáil má roghnaíonn páirtí amháin dul ar aghaidh trí Ghaeilge (Ó Cadhla v. Aire Dlí agus Cirt) agus caithfidh an Stát agus comhlachtaí poiblí a dtaobh sin den chás a reáchtáil trí Ghaeilge má roghnaíonn duine nó comhlacht príobháideach an taobh eile dul ar aghaidh trí Ghaeilge (Acht na dTeangacha Oifigiúla, alt 8).

  • Antóin

    An chéad rud eile, beifear ag cur fuathchaint i leith an bhreithimh agus ag moladh campaí athoideachais di.