ASNC: Varadkar ‘tagtha amach’ mar dhuine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge

Níltear ag súil go dtiocfaidh aon Aire eile amach lena leithéid d’fhógra idir seo agus an tOlltoghchán

ASNC: Varadkar ‘tagtha amach’ mar dhuine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge

. 16/1/2015. Minister for Health Leo VFáilte is mó atá curtha roimh an scéala gur duine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge é an tAire Sláinte Varadkar.

In agallamh fada ar an gclár raidió Togha agus Rogha inné, thug Leo le fios gur thuig sé féin le fada go raibh dúil aige sa Ghaeilge.

Dúirt sé nach raibh aon bhaint ag a dhúil sa Ghaeilge lena shaol mar pholaiteoir agus nach mbeadh aon tionchar ag an scéal ar aon pholasaí Rialtais.

“Rud príobháideach is ea é dúil a bheith ag duine sa Ghaeilge, go háirithe más polaiteoir thú a bhfuil tionchar agat ar pholasaí teanga an Stáit, ach rud lárnach i mo phearsantacht atá ann ag an am céanna,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire nár thaithigh sé riamh áiteanna sa phríomhchathair, ar nós Club an Chonartha, ina mbíonn daoine ag Gaeilgeoireacht go hoscailte, ach go raibh a fhios ag roinnt daoine faoina rún.

“Bhí a fhios agam go mbeadh orm aghaidh a thabhairt air, luath nó mall.  Dar ndóigh, tá a fhios ag mo mhuintir agus mo chairde faoi le fada. Cad eile a bheinn ag déanamh ar chúrsa Oideas Gael ach ag Gaeilgeoireacht?”

Ceaptar nár chuir an Taoiseach aon bhrú ar an Aire an scéala seo a fhógairt.

Ní raibh an tAire Varadkar sásta a dheimhniú arbh fhíor do na ráflaí atá sa timpeall le tamall go bhfuil dúil sa Ghaeilge ag cuid eile dá chomhghleacaithe ag Bord an Rialtais.

“Is faoin nduine féin atá sé teacht amach mar dhuine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge nuair is mian leis sin a dhéanamh,” a dúirt Varadkar.

Cé go bhfuil cáil orthu mar an páirtí frith-Ghaeilge nach raibh sásta fiú duine a raibh dúil aige sa Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta, tá ráflaí i dTeach Laighean le fada go bhfuil daoine le dúil sa Ghaeilge folaithe ag an leibhéal is sinsearaí i bhFine Gael.

Bhí scéalta ann fiú gur duine le dúil sa Ghaeilge atá sa Taoiseach féin in ainneoin na fianaise ar fad a thabharfadh a mhalairt le fios.

Ach creidtear anois gurb é an tAire Varadkar an t-aon duine le dúil sa Ghaeilge sa Rialtas agus níltear ag súil go dtiocfaidh aon Aire eile amach lena leithéid d’fhógra idir seo agus an tOlltoghchán.

Dúirt an tImpire Julian II ó Chónra na Gaeilge go raibh ‘leath-thuairim’ aige i gcónaí gur duine le dúil sa Ghaeilge a bhí san Aire Vardakar.

‘Is cuimhin liom castáil leis nuair a bhí sé ina Aire Iompair agus bhí na comharthaí ar fad ann,” a dúirt Julian II.