ASNC: Pimp my Príomhfheidhmeannach! Scrúdú dúshlánach do jab mór TG4

Sraith dúshlán seachas agallamh traidisiúnta a bheidh roimh iarrthóirí ar phost an Ard-Stiúrthóra i TG4

ASNC: Pimp my Príomhfheidhmeannach! Scrúdú dúshlánach do jab mór TG4

Tuigtear do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin gur sraith dúshlán seachas agallamh traidisiúnta a bheidh roimh iarrthóirí ar phost an Ard-Stiúrthóra i TG4.

Toisc lucht an stáisiúin a bheith ag éileamh go mbeadh taithí dhiamhair saoil ag an té a cheapfar, cuirfear tús leis an tsraith dúshlán le comhrá leathuair an chloig le Máirtín Tom Sheáinín.

Tuigtear go mbeidh marcanna bónais ar fáil sa bhabhta seo don té atá in ann labhairt go húdarásach, agus óna thaithí féin, ar na suáilcí agus na duáilcí a bhain le bheith ag obair ag leibhéal ardbhainistíochta ar an mbeet i Sasana.

I ndiaidh ‘An Comhrá’ le MTS, cuirfear tús le ‘Name that abomination!’, cluastriail a chuirfear ar na hiarrthóirí. Le linn na trialach seo, seinnfear uair an chloig de chuid den cheol tíre is measa dá bhfuil ann.

Cé gur teist ar fhoighne na n-iarrthóirí atá sa dúshlán seo den chuid is mó, beidh ar na hiarrthóirí na ceoltóirí ar fad a bheidh le cloisteáil a aithint. Ag deireadh na cluastrialach beidh ar an iarrthóir féin leagan a capella  de ‘Do You Want Your Old Lobby Washed Down’ a chasadh.

‘An pitch’ atáthar a thabhairt ar an tríú dúshlán sa tsraith. Sa chuid seo den chomórtas, beidh ar na hiarrthóirí cur i láthair a dhéanamh bunaithe ar na smaointe atá acu le haghaidh trí chineál clár nua: clár drámaíochta nó faisnéise a bhfuil plota nó scéal ann a bheidh ina leithscéal maith chun go mbeadh leath de i mBéarla; clár lán-Ghaeilge a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chostas duilleog fige; agus clár cúrsaí reatha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chostas carbhat nua do Pháidí Ó Lionáird.

I measc na ndúshlán eile sa chomórtas beidh: ‘The Finland Factor’ ina ndéanfar measúnú ar chumas an iarrthóra na cearta do chlár baoth a dhíol le muintir na Fionlainne agus ‘Cuar na haimsire’ ina ndéanfar scrúdú ar thuiscint an iarrthóra ar cháilíochtaí éagsúla an láithreora aimsire.

Tuigtear do Ar Son na Cúise go bhfuil sé i gceist ag an stáisiún leath-Ghaeilge dúshláin na n-iarrthóirí ar fad a thaifeadadh agus iad a chraoladh amach anseo mar chuid de shraith nua, Pimp my Príomhfheidhmeannach!.

Fág freagra ar 'ASNC: Pimp my Príomhfheidhmeannach! Scrúdú dúshlánach do jab mór TG4'

  • Díomá

    Bhuel bhí mise meáite ar m’ainm ar chur isteach ar an bpost sin ach feictear dom anois go bhfuil an caighdeán níos airde ná mar a mheas mé a bheadh. Táim ag mo dhícheall ag foghlaim Béarla ach níl mo dhóthain de agam go fóill chun tabhairt faoi na cláir uaisle ar a bhfuil blas coimhthíoch na cianteanga sin.