ASNC: Oidhreacht teanga Kenny slán tar éis gaiscí Sheachtain na Gaeilge

Ní chuimhneofar a thuilleadh air mar an Taoiseach is measa ó thaobh na Gaeilge riamh, ach mar an té a chuir ‘gnéas’ sa Bhunreacht agus a chuir deireadh le ‘drone warfare’ Mick Wallace

‘An mhiorúilt teanga is mó ó d’fhill Joe McHugh ar an Dáil agus Gaeilge líofa aige tar éis seachtain saoire in Oideas Gael’.

Níl ansin ach blaiseadh den tuairimíocht faoi ghaiscí Enda Kenny le linn Sheachtain na Gaeilge, seachtain inar nochtaigh an Taoiseach a phlean an focal ‘gnéas’ a chur sa Bhunreacht agus inar chuir sé béasa teanga ar Mhick Wallace.

Bhí idir thráchtairí beaga agus tráchtairí móra faoi gheasa ag iompar Gaelach an Taoisigh le seachtain anuas.

Ba í tuairim na coitiantachta roimhe seo ná go mba róchuma leis faoin nGaeilge ná faoin oidhreacht teanga a d’fhágfadh sé ina dhiaidh, ach is cosúil go raibh dul amú ar chách.

“Bhí an baol ann ar feadh i bhfad go gcuimhneofaí ar Enda Kenny mar an Taoiseach is measa ó thaobh na Gaeilge dár leag cos i dTeach Laighean riamh, ach is cosúil anois go gcuimhneofar air mar an ceannaire a thug ‘gnéas’ isteach sa Bhunreacht.

Agus ní raibh sa bhfoclaíocht nua don reifreann pósta ach an tús, mar an lá dár gcionn sheas sé an fód don Ghael i gcoinne ‘drone warfare’ Mick Wallace sa Dáil. Ní hamháin sin ach d’éirigh leis barr smaise a chur ar ‘íomhá’ Mick Wallace mar ‘wedding DJ’ meánaosta trí tabhairt air péire headphones a chaitheamh,” a dúirt blagálaí bladhmannach amháin ar Cor Blimey! ag a Cúig ar RnaG.

Dúirt Láidí ó Pin-ard ar Seacht Lá go raibh “gaisce” déanta ag Kenny.

“Tá an chuma ar an scéal anois go rachaidh sé an bóthar ar fad go Páras agus an geansaí buí ar a dhroim…Oh…shite…gabh mó phardún…wrong programme,” a dúirt Láidí.

Mhol Joey Five ar Ah! Maidin! go dtabharfaí Cultúrlann Uí Chionnaith ar Chultúrlann Chonamara i Ros Muc feasta.

Bhí fiú An Fear Ó Chúil Aodha féin tógtha le gaiscí an Taoisigh.

“Ba bheag mo mheas air, ach seo an t-aiséirí is fearr ó dhúisíos chun dul ag ól go maidin tar éis dhá uair a’ chloig a thabhairt im’ chnap ag an mbeár ag Oireachtas na Samhna 2002,” a dúirt An Fear Ó Chúil Aodha.

Bhronn Tuairisc.ie ‘Gael na Mílaoise’ ar an Taoiseach ag ócáid shollúnta ach seampéainiúil i gConamara 4.

Fág freagra ar 'ASNC: Oidhreacht teanga Kenny slán tar éis gaiscí Sheachtain na Gaeilge'

  • Glór í Eo

    Fainic nach gcuirfeadh sé a ghléas sa bud racht amach anseo. ;)