ASNC: ‘Ní mhairfidh an Pop-Up Gaeltacht ach 10 mí eile’ – staidéar cuimsitheach teangeolaíochta nua

Dúirt duine de Phríomh-hiopstairí na Gaeltachta Pop-Up nár thuig sé focal dá raibh sa Staidéar agus go gceannódh sé dhá jin sú talún agus piobar dubh d’aon duine a mhíneodh dó é

ASNC: ‘Ní mhairfidh an Pop-Up Gaeltacht ach 10 mí eile’ – staidéar cuimsitheach teangeolaíochta nua

Ní mhairfidh an Pop-Up Gaeltacht ach 10 mí eile, de réir staidéar cuimsitheach ar úsáid na Gaeilge ag na hócáidí pop-up sin ag a mbíonn sí fós ina príomhtheanga óil agus ragairne.

Deir údair An Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta Nuashonraithe ar Úsáid na Gaeilge sa Pop-Up Gaeltacht gurb é “is dóichí nach mairfidh aon Phop-Up Gaeltacht, mar a thuigtear go sóisialta agus go cultúrtha í, níos faide ná tréimhse deich mí ag an bpointe seo”.

Meastar go ndeirtear sa Staidéar go mbaineann cúiseanna éagsúla le “cruachás” na Gaeltachta Pop-Up.

“Ó thaobh pheirspictíocht na comparáide idirthréimhsí agus na dtuiscintí léiritheacha teangeolaíochta maidir le caighdeán an tsealbhaithe Ghaeilge mar mheicníocht anailísithe shochtheangeolaíochta, tá cúinsí ilghnéitheacha ag tiomáint treochtaí na beogachta teanga agus na tairsí inmharthana sa Phop-Up Gaeltacht,” a deirtear sa Staidéar nua.

Dúirt duine de Phríomh-hiopstairí na Gaeltachta Pop-Up féin linn nár thuig sé focal dá raibh sa Staidéar agus go gceannódh sé dhá jin sú talún agus piobar dubh d’aon duine a n-éireodh leis é a mhíniú dó ag an gcéad Pop-Up eile.

Tagann an drochscéal faoin Pop-Up Gaeltacht sna sála ar an drochscéal don Ghaeltacht i nDaonáireamh 2016.

De réir thorthaí an daonáirimh, tá laghdú suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht le cúig bliana anuas.

Dúirt ceannairí na n-eagraíochtaí Gaeilge ar fad gur léirigh na torthaí sin nach raibh an Stát ag tacú leis an obair “iontach” a bhí ar siúl acu féin, agus gurb é an t-aon leigheas ar an scéal ná tuilleadh airgid a chur ar fáil don obair “iontach” chéanna.

Cé gur ghéill siad nach raibh “cuma rómhaith” ar fhigiúirí na Gaeltachta, dúirt ceannairí na n-eagraíochtaí gur dea-scéal a bhí sa “borradh mór” faoi “sheasmhacht as cuimse” líon na gcainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath le cúig bliana anuas.

Idir an dá linn, dúirt ceannairí na n-eagraíochtaí agus na hiopstairí araon nach raibh aon bhaint acu leis an iarracht a rinne an grúpa Misneach an tseachtain seo caite Pop-Up Gaeltacht a bhunú i bhforhalla Roinn na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath chun aird a tharraingt ar an éigeandáil teanga a léirítear i bhfigiúirí an daonáirimh.

Cuireadh fios ar na Gardaí nuair a rinne ball de Misneach iarracht suáilcí na dialachtaice Marxaí a chur ar a súile do dhuine d’oifigigh na Roinne.

Dúirt urlabhraí thar ceann na Roinne nár chuir an agóid sin isteach ar obair na Roinne, ach tuigtear do Ar Son na Cúise gur chuir lucht Misneach tinneas cinn ‘a mhair an chuid eile den tráthnóna’ ar bheirt.