ASNC: Leas á bhaint ag TG4 as an nGaeilge chun cláracha maithe ‘a cheilt’

Cláracha ‘hardcore’ aimsithe ag an iriseoir ó Toorisky.ie, Dirk Diggler Ó Coimín

mail online
Bhí tuairiscí faoi scúp Dirk Diggler Ó Coimín ar shuíomhanna idirlín ar fud an domhain

 

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil TG4 ag baint leasa as an nGaeilge chun cláracha maithe ‘a cheilt’ ina sceideal.

Tá cuid de na cláracha seo le feiceáil ar TG4 le blianta i ngan fhios d’éinne toisc gur i nGaeilge atá siad.

Is cosúil go bhfuil lúb ar lár aimsithe ag TG4 a cheadaíonn dóibh na cláracha maithe seo a chraoladh gan aird an phobail a tharraingt orthu.

Dealraíonn sé má bhíonn na cláracha i nGaeilge nach n-aithnítear iad thar na cláracha spórt agus Béarla ar fad a bhíonn á gcraoladh ar an stáisiún.

Ba é an t-iriseoir ó Toorisky.ie Dirk Diggler Ó Coimín a d’aimsigh na cláracha ‘hardcore’ seo, cuid acu a mbíonn ábhar suimiúil á reic go mínáireach acu.

Ag labhairt dó le Champion na Casacstáine, dúirt Ó Coimín gur ag iarraidh teacht ar Irish Paint Magic ar an TG4 Player a bhí sé nuair a tháinig sé ar an ‘ábhar’ Gaeilge.

MTS TG4
Cuid den ábhar ‘Gaeilge’ ceilte ar TG4, ach tá lógó an stáisiúin le feiceáil go soiléir ar an scáileán

 

‘Ba bheag nár thit mé i laige. Os mo chomhair amach bhí timpeall 20 clár i nGaeilge. Ní cláracha maithe a bhí i ngach ceann acu ná baol air, ach bhí cuid acu réasúnta maith agus cuid eile acu an-mhaith ar fad. Ba chosúil go raibh an Ghaeilge á húsáid chun nach dtiocfadh éinne orthu. Chuir mé fios láithreach ar eagarthóir Toorisky.ie,” a dúirt Dirk Diggler Ó Coimín.

In agallamh eile leis an suíomh NÓS (an leagan Asarbaiseánach), dúirt Ó Coimín nach raibh aon suim ar leith aige féin i gcláracha maithe.

“Níl ann ach go raibh mé i mbun taigde faoin teicníc phéinteireachta ‘Bob Ross’ a bhíonn ag David Willis ar Irish Paint Magic agus tháinig mé ar an ábhar eile seo. Mheas mé go raibh sé spéisiúil go raibh an Ghaeilge á húsáid ar an mbealach seo.”

Dúirt urlabhraí ó TG4 go raibh “polasaí cuimsitheach Gaeilge acu ach teacht air”.

Fág freagra ar 'ASNC: Leas á bhaint ag TG4 as an nGaeilge chun cláracha maithe ‘a cheilt’'