ASNC: Joe McHugh le ceapadh ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Ríoga na Gaillimhe

'Múnla McHugh’ á scrúdú anois ag oideachasóirí ar fud na cruinne féachaint arbh é an bealach is fearr chun teanga a shealbhú ná post sócúil sinsearach rialtais a fháil ag freastal ar mhionlaigh nach bhfuil a dteanga agat

ASNC: Joe McHugh le ceapadh ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Ríoga na Gaillimhe

Tuigtear do Ar Son na Cúise, agus do Ar Son na Cúise amháin go fóill, gurb é Joe McHugh, Aire an Diaspora agus an ‘Foghlaimeoir is Gasta in Éirinn’, a cheapfar ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Ríoga na Gaillimhe, Éireann.

Cé gur chuir an scéala go raibh McHugh le ceapadh ina Aire Gaeltachta iontas agus alltacht ar Ghaeil trí bliana ó shin, meastar nach mbainfidh an ceapachán is déanaí seo aon chreathadh rómhór as aon duine.

Tá dul chun cinn míorúilteach ó thaobh na Gaeilge de déanta ag McHugh le cúpla bliain anuas agus náire anois orthu siúd a cheap gur bhotún agus masla é ag Enda Kenny fear nach raibh aon Ghaeilge aige a cheapadh ina Aire Gaeltachta.

Tá feabhas chomh mór sin tagtha ar Ghaeilge McHugh go bhfuil sé anois ina eiseamláir d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain agus é ag múineadh an chúrsa ar a raibh sé féin ag foghlaim tamall de bhlianta ó shin.

D’éirigh chomh maith sin leis an bpolaiteoir as Tír Chonaill Gaeilge a fhoghlaim le linn a thréimhse mar aire Gaeltachta go bhfuil ‘Múnla McHugh’ á scrúdú anois ag oideachasóirí ar fud na cruinne féachaint arbh é an bealach is fearr chun teanga a shealbhú ná post sócúil sinsearach rialtais a fháil ag freastal ar mhionlaigh nach bhfuil a dteanga agat.

Meastar gur mó spéis fós a chuirfear sa mhúnla foghlama nua seo i bhfianaise an scéala go bhfuil McHugh le ceapadh ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Ríoga na Gaillimhe, Éireann.

Dúirt foinse shinsearach amháin san Ollscoil sin gur ceapachán iontach a bheadh ann.

“Mar is eol do chách tá raic ann san Ollscoil seo le tamall faoi riachtanas Gaeilge, ach léiríonn gaisce Joe McHugh gur iomaí léamh atá ann ar cad is brí le riachtanas Gaeilge agus cad is brí le hinniúlacht sa Ghaeilge.

“Dá gcuirfeadh Enda Kenny riachtanas cúng Gaeilge i bhfeidhm agus aire Gaeltachta á cheapadh aige i samhradh úd na bliana 2014, ní bheadh Joe McHugh anois áirithe i measc mhórscoláirí Gaeilge na linne seo,” a dúirt an tOllamh nár theastaigh uaidh go luafaí a ainm ach a bhí ag iarraidh go luafaí a theideal mar sin féin.

Dúirt an tOllamh céanna go raibh ualach buntáistí ag baint le ceapachán McHugh.

“Go bhfios dom is beag eolas atá aige ar an nua-litríocht ná go deimhin ar an tsean-litríocht. Lena chois sin, tá aithne mhaith aige ar an diaspora faoin dtráth seo agus tá cuid acu sin lofa le hairgead.”

Ag labhairt dó le Ar Son na Cúise aréir, dúirt Joe McHugh gur mór an onóir dó go bhfuil sé le ceapadh ina Ollamh le Gaeilge san ollscoil is Gaelaí i gcathair na Gaillimhe.

“Ní raibh mé ábalta labhairt Gaeilge dhá bhliain ó shin ach tá mé ábalta labhairt Gaeilge inniu,” a dúirt Joe McHugh a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Ollamh Gearóid Denvir a d’éirigh as i samhradh na bliana 1933.

Bhí an scéal fós á bhreithniú aréir ag léachtóirí Gaeilge ar fud na tíre agus dóchas ann go ndéarfaidh duine éigin acu rud éigin faoi roimh dheireadh na bliana seo chugainn ach pé ráiteas a thabharfar an tráth sin a bheith piarmheasúnaithe go maith.

Ba léir gur baineadh geit as léachtóir Gaeilge amháin, áfach, nuair a ghlaoigh Ar Son na Cúise air.

“Cé hé Joe McHugh? An bhfuil mórán foilsithe aige?” a d’fhiafraigh an léachtóir sular chrom sé arís ar an obair a bhí idir lámha aige, alt fada nach léifear faoi ghné éigin de shaothar scríbhneora nár cheart é a fhoilsiú an chéad lá.

Fág freagra ar 'ASNC: Joe McHugh le ceapadh ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Ríoga na Gaillimhe'

  • Breathnóir

    Iontach cruálach – ach iontach greannmhar fosta.

  • Fearn

    Molaim Humphries mar chúntóir aige.

  • Cluain Sceach

    Sea, greannmhar!

  • MacAnRí

    Iontach Searbh…tá an mheas agam air go háirithe an iarracht a dhéanamh sé in aghaidh na deacaracht a bhí aige…ach bíonn taithí aige a bheith ina cheap magaidh acu is mór an trua.

  • Diarmuid Breatnach

    Ní hamháin gur maith an seift í seo ach go léiríonn sé ard-leibhéal crot smaointe “laismuigh den bhosca”. Heather Humphreys (“Fraoch” dá cairde Gael) a cheap McHugh mar Aire Stáit Gaeltachta ar an gcéad dul síos agus a bhris an smaoineamh coimeádach a cheapann gur gá do aire eolas a bheith aige ar ábhar a chúraim.

    Ach tá Humphries féin ró-chúthalach chun a cúlra féin a nochtadh, an áit as a dtáinig a hionsparáid: ceapadh ise mar Aire ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaitheachta agus Gaeltachta, gan báidh ná eolas aici ar cheann amháin de na rannóga úd (ach amháin b’fhéidir ar thuaithe Ultacha). Creidiúnt di shin a bhfuil sé tuilte aici! Agus ar ndóigh don Rialtas a cheap “Fraoch” féin.

  • Diarmuid Breatnach

    cead seo a roinnt ar bhlog Rebel Breeze?