ASNC: Brúghrúpa bunaithe ag Béarlóirí a fhreastalaíonn ar Oireachtas na Gaeilge

Sacsbhéarlóirí Tírghrácha Éireannacha i bPriacail, nó STEIP, atá ar an ngrúpa nua a bunaíodh chun ‘cearta lucht an Bhéarla ag an Oireachtas a chosaint’

ASNC: Brúghrúpa bunaithe ag Béarlóirí a fhreastalaíonn ar Oireachtas na Gaeilge

Tá brúghrúpa nua bunaithe ag Béarlóirí a thaithíonn Oireachtas na Gaeilge gach Samhain – Sacsbhéarlóirí Tírghrácha Éireannacha i bPriacail, nó STEIP.

Deir lucht an ghrúpa nua gur bunaíodh STEIP chun a gcearta mar Shacsbhéarlóirí ag an Oireachtas a chosaint agus chun cur i gcoinne iarrachtaí iad a dhíbirt ón bhféile.

Tá raic ann le tamall anuas faoi líon na mBéarlóirí a bhíonn ag freastal ar an bhféile Ghaeilge agus go háirithe faoi líon na mBéarlóirí i measc lucht na steipeanna beaga damhsa.

Dúirt Príomh-Bhéarlóir an ghrúpa nua go raibh gá le STEIP chun an fód a sheasamh do lucht an Bhéarla ag an Oireachtas.

Steip Lógó
Lógó Steip

“Wasn’t it Máirtín Ó Cadhain who asked, ‘Why bother being a Gael, when it’s so easy to be a Celt?’ Well, he was dead right, and we have the dance moves to prove it.

“Just because we don’t speak the cúpla focal doesn’t mean we should be denied our right to commune with our inner Celt once a year in a soulless hotel at a roundabout in a large provincial town.”

Dúirt an Príomh-Bhéarlóir gur ‘éagóir, cos ar bolg agus satailt ar chearta daonna’ a bheadh mar thoradh ar an gcaint ‘chontúirteach’ atá ar bun ag Gaeil ar na meáin shóisialta faoi ‘fhadhb’ an Bhéarla ag an Oireachtas.

“I saw an Irish language enthusiast on Twitter the other day suggesting that a large wall be built around the Gleneagle in Killarney in time for next year’s Gathering. This sort of divisive and inflammatory talk is dangerous.”

Dúirt Príomh-Bhéarlóir STEIP gur cheart do lucht eagraithe an Oireachtais neamhaird a thabhairt ‘ar chaint fhrith-Bhéarla’ dá leithéid agus cur chuige TG4 a ghlacadh chucu féin.

“TG4 welcomes the English-language speaker with an open heart, and its ecumenical approach to linguistic realities is an obvious model for future relations between STEIP and The Gathering.

“Instead of promoting the idea of a cold Club na Féile for English speakers, The Gathering should consider a bilingual approach to events like ‘The Men and Women’s Competitions’, ‘The Two-Way Interviews’ and ‘The Little Benders’.”

Bhí an Príomh-Bhéarlóir lán dóchais nach deireadh ré ach a mhalairt a bhí i ndán don Bhéarlóir ag Oireachtas na Gaeilge.

“We may not live to see it, but STEIP believes that one day the English-speaking son or daughter of an English-speaking dancer will hold aloft the John Reidy Cup for Olde Style Singing.”

Fág freagra ar 'ASNC: Brúghrúpa bunaithe ag Béarlóirí a fhreastalaíonn ar Oireachtas na Gaeilge'