ASNC: Arlene Foster ainmnithe ina hAmbasadóir do Sheachtain na Gaeilge

Geoscagaire Mac Giolla Straoiseoige, leasbhainisteoir gníomhach Ardú Feasachta, Haischlibeanna agus Meanman an Phobail Ó Dheas Chonradh na Gaeilge, sásta leis an rogha

ASNC: Arlene Foster ainmnithe ina hAmbasadóir do Sheachtain na Gaeilge

Bhí mearbhall ar phobal na Gaeilge aréir nuair a d’fhógair Conradh na Gaeilge go raibh Arlene Foster curtha acu le liosta na nAmbasadóirí do Sheachtain na Gaeilge.

Ag labhairt dó le Ar Son na Cúise agus le Ar Son na Cúise amháin aréir, dúirt urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge gur pléadh an cinneadh go mion ar ghrúpa WhatsApp roimh fhógra gan choinne na hoíche aréir.

“Tá ráite ag ceannaire an DUP le cúpla lá anuas nár cheart a chur ina leith gur bean í atá in aghaidh na Gaeilge mar gur a mhalairt ar fad atá fíor. Is leor sin dúinne,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Geoscagaire Mac Giolla Straoiseoige, leasbhainisteoir gníomhach Ardú Feasachta, Haischlibeanna agus Meanman an Phobail Ó Dheas Chonradh na Gaeilge, gur rogha “chiallmhar, cheannródaíoch” [is linn féin na séimhithe] í Foster mar ambasadóir.

“Seachtain ó shin mheas daoine go raibh Arlene ar an mbean is binbí in aghaidh na Gaeilge ar an oileán seo ach ní hamhlaidh atá. Deir sí anois nach bhfuil dada aici in aghaidh na teanga. Cá bhfios ach go mbeidh sí ar na mná is Gaelaí in Éirinn an tseachtain seo chugainn? Is léir dúinne go bhfuil bua na taidhleoireachta go smior sa bhean seo. Sin í an saghas duine atá uainn mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, daoine ar taibhsíodh dóibh an fhís ar bhóthar na Damaisce agus atá sásta an fhís sin a roinnt gan scáth ná náire.”

Nuair a cuireadh ar a shúile d’fhear an Chonartha go raibh ceannaire an DUP fós i gcoinne Acht Teanga a thabhairt isteach in ainneoin a naimhdeas don teanga a bheith leáite leis go míorúilteach le seachtain anuas mar a rinne sneachta mór na bliana anuraidh, dúradh linn nach gcuirfeadh a dearcadh i leith na reachtaíochta teanga an margadh ó mhaith.

“Déanta na fírinne, idir mé féin is tú féin, ní shílimid an oiread sin tábhachta a bheith le rudaí casta ar nós na reachtaíochta teanga. Fuair ceápar na gcrogall go leor ‘likes’ agus mar sin dúinn, ach seachas sin cén uair dheiridh a chonaic tú an reachtaíocht teanga ar Snapchat?” arsa Mac Giolla Straoiseoige.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí de chuid Shinn Féin gurbh ionann diúltú d’Acht Gaeilge agus ‘feall millteanach a imirt ar chearta daonna’.

Ní raibh sé sásta a rá, áfach, an rachfaí i mbun roinnt na cumhachta leis an DUP arís fiú agus an ‘feall millteanach’ sin a bheith á dhéanamh acu ar chearta daonna.