ASNC – An Straitéis 20 Bliain le cur san imbhuailteoir mór hadróin

“An ceann is fearr fós,” a thug ceannairí Ghluaiseacht na Gaeilge, Seisear na Samhla, ar an bhfógra

lhc17

“An ceann is fearr fós,” a thug ceannairí Ghluaiseacht na Gaeilge, Seisear na Samhla, ar an bhfógra is deireanaí ón Rialtas faoin Straitéas 20 Bliain don teanga.

De réir na ráflaí atá cloiste ag Ar Son na Cúise agus ag ag Ar Son na Cúise amháin, táthar le cóip den Straitéis a chur isteach i meaisín oll-luais i bpluais atá in aice leis an nGinéiv agus tabharfar siar ar ais go 2009 é agus gach a mbaineann leis.

“Cad é mar atá tú? Céim mhór chun cinn is ea an chéim siar seo,“ a dúirt an spásaire Joe McWho, atá i gceannas na Straitéise anois.

Creideann McWho go ndéanfaidh an turas seo maitheas dhochreidthe don teanga agus do lucht a labhartha ar fud an domhain.

“Cad é mar atá tú? Turas stairiúil a bheidh ann gan aon dabht, ar nós m’aistir féin,” a dúirt McWho agus é ar sos óna rang seachtainiúil le Killer Killoran faoin modh coinníolach.

Tuigtear do Ar Son na Cúise amháin go raibh baint ag Príomhfhéasóg na Gaeltachta, Donncha Ó hÉallaithe, leis an turas stairiúil ach gur éirigh sé as chun feachtas a bhunú ina choinne, nuair a cuireadh ar a shúile dó gur aistear siar go dtí 2009 agus ní 1974 a bhí i gceist.

“An gciallaíonn seo go mbeidh mé ina Aire arís?” a d’fhiafraigh Éamó.

“2009? Cén páirtí ina bhfuil mé mar sin?” a d’fhiafraigh An Seanadóir Clever Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar 'ASNC – An Straitéis 20 Bliain le cur san imbhuailteoir mór hadróin'