‘As soon as I saw the word ‘Gaeilge’ for the essays, I literally wanted to cry with happiness’ – deora áthais silte faoi Bhliain na Gaeilge ag lucht na hArdteiste

Is cosúil go raibh lucht déanta Pháipéar 1 de scrúdú Gaeilge na hArdteiste inniu thar a bheith sásta gur tháinig an tuar faoin tairngreacht agus aiste faoin nGaeilge in 2018 i measc na roghanna...

‘As soon as I saw the word ‘Gaeilge’ for the essays, I literally wanted to cry with happiness’ – deora áthais silte faoi Bhliain na Gaeilge ag lucht na hArdteiste

Bhí ‘Bliain na Gaeilge’ á ceiliúradh i hallaí scrúdaithe ar fud an Stáit inniu agus más fíor do lucht na meán sóisialta sileadh deora áthais nuair a chonacthas aiste faoi staid na teanga in 2018 i measc na roghanna ar pháipéar 1 na hArdteiste.

Bhíothas á thuar go forleathan roimh ré go mbeadh aiste faoin nGaeilge in 2018 agus tháinig an tuar faoin tairngreacht.

Ní hé gach aon duine a ghlac comhairle lucht na tairngreachta áfach agus b’éigean do dhaoine áirithe fuineadh de réir na mine.

 

Ar an mórgóir bhíothas thar a bheith sásta le páipéar Gaeilge an lae inniu, agus bhí daoine áirithe chomh sásta sin gur fhógair siad ar Twitter go raibh athrú meoin tagtha orthu faoi fhiúntas na teanga.

Ráineodh chomh maith go leanfaidh an díospóireacht faoin gcaighdeán teanga a éilítear i scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Maidir leis an gcluastuiscint, shílfeá go bhfuil vóta amháin sa mála ag an Uachtarán sa chás go mbíonn toghchán le troid aige i mbliana.

Fág freagra ar '‘As soon as I saw the word ‘Gaeilge’ for the essays, I literally wanted to cry with happiness’ – deora áthais silte faoi Bhliain na Gaeilge ag lucht na hArdteiste'

  • sinéad

    An ‘córas oideachais’ in Éirinn! Cá hionadh go bhfuil cáil na hollscolaíochta sa bhfaopach.

  • Colin Ryan

    Is beag Éireannach ar bhuaileas riamh leis anseo san Astráil a raibh suim aige sa Ghaeilge ná máistreacht aige uirthi, d’ainneoin na blianta fada a chaitheamh i mbun a ‘foghlama’. Ach is deacair na daltaí a lochtú as an aiste is fusa a lorg, is cuma cén t-ábhar atá i gceist. Sin mar atá an scéal i dtír ar bith.