‘As an Nua’ an blag Gaeilge is mó ainmniúchán ag Web Awards 2016

Tá Tuairisc.ie ainmnithe do thrí ghradam ag Web Awards 2016, an suíomh Gaeilge is fearr ina measc

‘As an Nua’ an blag Gaeilge is mó ainmniúchán ag Web Awards 2016

Tá ceithre ainmniúchán faighte ag an suíomh nua áilleachta agus faisin ‘As an Nua’, a bhíonn á scríobh ag Siún Ní Dhuinn, do ghradaim na Web Awards 2016.

Ainmníodh suíomh Uí Dhuinn do ‘An Foilseachán Idirlín is Fearr’, ‘An Suíomh Ealaíon agus Cultúir is Fearr’, ‘An Suíomh is Áille’ agus ‘An Suíomh Gaeilge is Fearr’.

Dúirt Ní Dhuinn le Tuairisc.ie go bhfuil sí “ar bís” go bhfuil an oiread sin ainmniúchán faighte ag a suíomh nua, ar cuireadh tús leis i Márta na bliana seo.

“Ní raibh aon súil agam go n-ainmneofaí an suíomh sna rannóga éagsúla sin. Shíl mé go raibh seans agam i rannóg na Gaeilge agus b’fhéidir sa rannóg ‘An Suíomh is Áille’. Tá an suíomh féin an-deas ó thaobh deartha de, agus braithim go bhfuil sé thar am go dtabharfaí aitheantas do shuíomhanna Gaeilge i rannóga taobh amuigh de ‘Suíomh Gaeilge’.

“Bhí spéis agam sa rannóg ‘An Suíomh is Áille’ mar bhí an chuma a bheadh ar an suíomh an-tábhachtach dom ón gcéad lá riamh, agus bhí mé ag iarraidh go dtiocfadh sé go mór leis an rud a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh – suíomh faoi chúrsaí áilleachta agus faisin a chruthú a mbeadh ábhar téagartha intleachta ann freisin,” a dúirt sí.

Tá ainmniúchán faighte ag 14 suíomh do rannóga thairis ‘An Suíomh Gaeilge is Fearr’: An Suíomh na Meán is Fearr, an tSeirbhís Ghréasáin Nua is Fearr, An Suíomh Oideachais is Fearr, An Dea-Chleachtas Is Fearr agus an tSraith Podchraoltaí is Fearr.

Ainmníodh 34 suíomh don rannóg ‘An Suíomh Gaeilge Is Fearr’, an líon is mó suíomhanna riamh a ainmníodh don rannóg sin.

Tá Tuairisc.ie ainmnithe do thrí rannóg – An Foilseachán Idirlín Laethúil is Fearr, Suíomh na Meán is Fearr agus an Suíomh Gaeilge is Fearr.

Bronnfar na gradaim ag searmanas i mBaile Átha Cliath ar an 28 Meán Fómhair tar éis trí bhabhta moltóireachta.

Fág freagra ar '‘As an Nua’ an blag Gaeilge is mó ainmniúchán ag Web Awards 2016'

  • Concubhar

    Thugas na gradaim seo faoi ndeara agus go bhfuil iGaeilge ar an liosta ana fhada don ghradam don suíomh Gaeilge is fearr. Níl aon chiall le bheith ag déanamh mór is fiú as líon na gcatargóirí atá ainmnithe ann mar is fút féin atá sé ainmniúchán a dhéanamh. Sin a dheineas ar aon nós! Ar ábhar gaolmhar, tá ceithre ainmniúchán freisin ag nos.ie! Go n-éirí le gach suíomh Gaeilge – go h-áirithe na blagannaí. Níl sé ró fhada ó shin ó bhíodh eagarthóir shuíomh idirlín laethúil Gaeilge ag caitheamh anuas ar bhlagáil…..

  • Eoghan Ó Brolacháin

    Níl aon rud ‘Gaeilge’ ag baint le AS an Nua seachas an t-ainm. Is suíomh béarla atá ann.

  • Pól Réamonn

    Aontaim le Eoghan, tá cúpla focail gaeilge a léamh in As an Nua ach faraor, tá an formhór i mBéarla.