As ‘acmhainní atá ar fáil cheana’ a chuirfear maoiniú ar fáil don Pholasaí Oideachais Gaeltachta in 2019

Deir Príomhfheidhmeannach COGG nach bhfuil ‘aon rud’ i mBuiséad 2019 chun dul i ngleic le géarchéim sholáthar múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge

As ‘acmhainní atá ar fáil cheana’ a chuirfear maoiniú ar fáil don Pholasaí Oideachais Gaeltachta in 2019

Cuirfear maoiniú ar fáil do Pholasaí Oideachais na Gaeltachta in 2019 as acmhainní atá ar fáil cheana agus airgead nach gcaithfear i mbliana, de réir cáipéis bhuiséid a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais inné.

Táthar fós ag fanacht ar a thuilleadh eolais faoin soláthar a chuirfear ar fáil faoi Bhuiséad 2019 do Pholasaí Oideachais na Gaeltachta, ach dealraíonn sé nach aon ardú suntasach a bheidh i gceist.

Luaitear sa cháipéis eolais chéanna na scoileanna atá ag glacadh páirte i scéim aitheantais Gaeltachta na Roinne faoin pholasaí oideachais Gaeltachta ach is i measc seacht réimse caiteachais, a gcuirfear €2.6 milliún san iomlán ar fáil dóibh in 2019, atá na scoileanna sin luaite.

Idir an dá linn, tá ráite ag Príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin nach bhfuil “aon rud” i mBuiséad 2019 a rachadh i ngleic leis an ghéarchéim maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge.

“Fáilteofar roimh an 1,300 breise múinteoirí atá le cur sa chóras. Ach tá fadhb dochreidte mór ann maidir le heaspa múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoi láthair. Bhí mé ag cruinniú aréir agus tuairiscíodh go raibh scoil Ghaeilge amháin ann nach bhfuair oiread agus iarratas amháin ar phost a bhí fógartha ar feadh bliana.

“Tá an fhadhb sin ann agus níl aon rud ann sa bhuiséad a rachaidh i ngleic leis an bhfadhb sin. Ní dóigh liom gur luadh go gcuirfí breis áiteanna ar fáil le múinteoirí breise a oiliúint. Níor luadh an Ghaeltacht in óráid an Aire Airgeadais seachas i dteideal na Roinne. N’fheadar an bhfuil aon rud ann don Pholasaí Oideachas Gaeltachta nó do na scoileanna ar na hoileáin?” a dúirt Muireann Ní Mhóráin le Tuairisc.ie.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie tráthnóna inné nach raibh eolas beacht ar fáil go fóill faoin Pholasaí Oideachais Gaeltachta.

Dúirt Ní Mhóráin nach bhfuil aon scéal faighte ag COGG féin faoina mbuiséad do 2019, ach go bhfuil siad “ag súil le breis maoinithe do théacsleabhair iar-bhunscoile de bharr na n-athruithe ar fad sa tSraith Shóisearach”. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oideachais Gaeilge agus Gaeltachta gur maith an rud go raibh “breis tacaíochta” á chur ar fáil do chúram leanaí sa Bhuiséad.

“Beidh daoine ar ioncam níos airde in ann tacaíocht a fháil agus is rud maith é sin. Rud eile ar chuir mé spéis ann nach go mbeidh laghdú ar an cháin ar fhoilseacháin ar líne. Beidh sé níos saoire anois de réir an bhuiséid téacsleabhair a fhoilsiú ar líne. Tá breis airgid á thabhairt do na cúrsaí réamhscolaíochta agus is rud maith é sin. Tá na rudaí atá luaite sa bhuiséad go maith ach tá fadhb sa chóras maidir le múinteoirí.”

Táthar ag fanacht fós chomh maith ar scéala faoin soláthar a bheidh ag TG4 in 2019. Thug urlabhraí ón Roinn Cumarsáide le fios do Tuairisc.ie tráthnóna inné go mbeadh an t-eolas sin á chur ar fáil inniu.

Fág freagra ar 'As ‘acmhainní atá ar fáil cheana’ a chuirfear maoiniú ar fáil don Pholasaí Oideachais Gaeltachta in 2019'