Arm na hÚcráine ag dul i neart ar an talamh ach anois teacht an gheimhridh

ANAILÍS MHÍLEATA: Is bunchloch teagaisc mhíleata é go gcaithfidh tú leanúint ar aghaidh a oiread agus is féidir agus tú céim chun tosaigh

Arm na hÚcráine ag dul i neart ar an talamh ach anois teacht an gheimhridh

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag na hÚcránaigh sa chogadh le sé seachtaine anuas. Tá freagra eisithe ag na Rúisigh: slógadh teoranta, ionghabháil na gcríocha gafa agus ionsaithe diúracáin agus dróin ar chathracha agus áiseanna na hÚcráine.

Cuireadh leis na hionsaithe Dé Luain mar gheall, a dúradh, ar phléasc ar an droichead idir an Chrimé agus an Rúis an deireadh seachtaine seo caite.

Cé gurbh í an phléasc ar an droichead an leithscéal do na hionsaithe breise seans go raibh siad eagraithe roimh ré agus go bhfuil cúiseanna eile leo:

  • Dul chun cinn na nÚcránach.
  • An cáineadh atá déanta ag tráchtairí sa Rúis ar an easpa dul chun cinn an chogaidh
  • Scrios bonneagair giniúna leictreachais agus teasa chun sceimhle a chur ar mhuintir na hÚcráine agus an geimhreadh ag teannadh leo
  • Brú a chur ar rialtais an iarthair gan airm níos cumhachtaí a sholáthar don Úcráin

Gheall na Stáit Aontaithe agus an Ghearmáin go soláthróidís na córais fhrithdhiúracáin ba nua-aimseartha míonna ó shin ach níl siad ar an talamh fós. Tar éis na n-ionsaithe Dé Luain tuairiscítear go ndúirt na Gearmánaigh go mbeadh an córas ar a dtugtar IRIS-T ar an talamh i gceann seachtaine. Gheall na Meiriceánaigh go mbeadh an córas ar a dtugtar NASAMs ar an talamh i gceann míosa.

Tá an geimhreadh ag teacht agus beidh tionchar nach beag aige ar na láithreacha cogaidh agus ar mhuintir na hÚcráine sna cathracha.

Dul chun cinn na nÚcránach

Thosaigh na hÚcránaigh feachtas frithionsaithe sa cheann droichid thar abhainn an Dnipro in Kherson ag deireadh mhí Lúnasa ach níor éirigh leo mórán dul chun cinn a dhéanamh. D’athghabh siad stráicí beaga talún ar thrí ais: i ndeisceart, i lár agus i dtuaisceart na gceann droichid. Bhí orthu praghas a íoc ó thaobh líon na saighdiúirí a gortaíodh agus a maraíodh agus líon na bhfeithiclí armúrtha troda a cailleadh agus níor bhog siad ar feadh míosa.

Seachtain ó shin bhris siad trí línte na Rúise i dtuaisceart an chinn droichid agus bhí ar na Rúisigh tarraingt siar 20 ciliméadar. Faoi láthair tá siad ag iarraidh líne chosanta nua a thógáil.

Bhris na hÚcránaigh tríd na línte toisc gur aimsigh siad na háiteanna ba lú cosaint. Bhí líne choimhlinte fhada á cosaint ag na Rúisigh agus bhí a gcuid trúpaí scaipthe amach thairsti. Bhí deacrachtaí soláthair acu mar gheall ar na hionsaithe a bhí á ndéanamh ag na hÚcránaigh ar línte soláthair chomh maith.

Tuairiscíodh gur éirigh leis na hÚcránaigh idirghabháil a dhéanamh ar chóras cumarsáide na Rúise rud a chuir mearbhall ar chuid dá haonaid sa cheantar. Ach ba í an chúis ba mhó gur éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh ná gur bhog siad go tapa tar éis dóibh an líne chosanta a bhriseadh, rud a rinne siad roimhe seo i gCúige Kharkiv.

San oirthuaisceart d’éirigh leo stráice mór talún a athghabháil toisc gur tháinig an frithionsaí aniar aduaidh ar na Rúisigh. Fuair siad amach go luath nach raibh córas láidir cosanta ag an Rúisigh agus bhog colúin armúrtha go tapa ar airtléire na Rúise rud a chiallaigh nach raibh na Rúisigh in ann cosaint ar doimhneacht a dhéanamh. Mar gheall air sin bhí ar na Rúisigh bogadh go líne chosanta nua ó Kupyansk go Lyman.

Tar éis sosa, thug na hÚcránaigh a n-aghaidh ar Lyman agus rinne siad tulionsaithe uirthi. Sheas na Rúisigh an fód ar feadh coicíse ach d’aimsigh an hÚcránaigh bearnaí ar na cliatháin. Sa deireadh rinne siad an chathair a thimpeallú a bheag nó a mhór.

Díreach lá an tsearmanais ionghafa i Moscó agus sular dhún na hÚcránaigh an fáinne, bhí ar na Rúisigh an áit a thréigean agus éalú. Faoi láthair, tá sráidbhailte in iarthar Luhansk, an cúige a bhí go hiomlán faoi sheilbh na Rúiseach, faoi ionsaithe Úcránacha.

Teacht an Gheimhridh

Is bunchloch teagaisc mhíleata é go gcaithfidh tú leanúint ar aghaidh a oiread agus is féidir agus tú céim chun tosaigh. Léiríonn an dul chun cinn san oirthuaisceart agus san iardheisceart go bhfuil arm na hÚcráine ag dul i neart ar an talamh ach tá an geimhreadh ag teannadh leo.

Tagann an geimhreadh níos luaithe san oirthuaisceart ná san iardheisceart agus fiú anois tá comharthaí ann go bhfuil an aimsir ag cur moill ar na hÚcránaigh. Cuireadh moill ar a n-iarrachtaí Lynam a thimpeallú mar gheall ar an mbáisteach agus sáinníodh roinnt colún sa láib. Ní ba dhéanaí cuireadh moill ar ghluaiseachtaí na nÚcránach agus a n-aghaidh tugtha acu ar chúige Luhansk mar gheall ar an gceo.

Beidh an aimsir ag dul in olcas agus nuair a thitfidh na duilleoga de na crainn beidh sé níos deacra trúpaí a chomhchruinniú faoi chlúdach. Le teacht na báistí beidh sé níos deacra taisteal ar na bóithre cré. Le teacht an tsneachta beidh sé níos éasca feithiclí míleata a aimsiú ar an talamh. Le teacht an fhuachta beidh sé níos deacra cothabháil a dhéanamh ar roinnt trealamh míleata. Tá níos lú ama ag na hÚcránaigh leis an deis a thapú chun níos mó talún in Luhansk a athghabháil.

De ghnáth ní bhíonn an aimsir chomh crua sin timpeall Kherson agus a bhíonn sí in Luhansk. Tá a lán bóithre cré san iardheisceart agus ag an am seo den bhliain bíonn sé thar a bheith deacair taisteal orthu mar gheall ar an láib. Beidh ar na trúpaí taisteal ar na príomhbhóithre rud a chiallaíonn go mbeidh na Rúisigh in ann línte cosanta a thógáil timpeall na bpríomhbhóithre seachas a bheith sínte amach ar fhronta leathan.

Tá sé mar phríomhaidhm ag na hÚcránaigh na Rúisigh a dhíbirt ón gceann droichid agus ó chathair Kherson chomh luath agus is féidir. Cé go bhfuil damáiste déanta don dá droichead thar abhainn an Dnipro sa cheantar tá sé mar sprioc ghearrthéarmach ag na hÚcránaigh seilbh a ghlacadh ar an droichead gar do chathair Nova Kakhovka soir ó Kherson roimh teacht na drochaimsire.

Beidh siad ag súil freisin go mairfidh an dea-aimsir chomh fada agus is féidir ionas go mbeidh siad in ann a bpríomhaidhm a bhaint amach.

De réir tuairiscí tá deacrachtaí riaracháin, traenála agus soláthair leis an slógadh sa Rúis. Tá fianaise ann freisin go bhfuil na Rúisigh ag cur trúpaí slógtha chuig na láithreacha cogaidh éagsúla de réir a chéile gan an traenáil chuí a bheith faighte acu.

Ní bheidh na hÚcránaigh sásta fanacht agus dul sa seans nach mbeidh na Rúisigh in ann na deacrachtaí a réiteach. Toisc go bhfuil siad céim chun tosaigh beidh siad ag déanamh a ndíchill fórsa láidir Rúiseach a sháinniú i gcathair Kherson ar a laghad sula stopfar iad mar gheall ar dhrochaimsir.

Ní chuirfear isteach ar ionsaithe diúracáin na Rúise mar gheall ar an ngeimhreadh agus ní laghdófar iad. Seans gur a mhalairt a bheidh i gceist. Mar a léiríodh Dé Luain is féidir leis an Rúis ionsaithe a dhéanamh ar áiseanna agus cathracha ar fud na hÚcráine agus cuireann na dróin a fuair sí ón Iaráin leis an gcumas sin. Cé go bhfuil córais fhrithdhiúracáin nua-aimseartha ar na bacáin ní bheidh a ndóthain ag na hÚcránaigh chun gach cathair agus gach áis a chosaint.

Le teacht an gheimhridh is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an tionchar seo a leanas aige ar chúrsaí sa chogaidh:

  • Seans go gcuirfear moill ar dhul chun cinn na nÚcránach, go háirithe san oirthuaisceart.
  • Leanfaidh an choimhlint mar chogadh airtléire ar feadh an gheimhridh.
  • Leanfaidh na Rúisigh leis na hionsaithe diúracáin agus dróin.
  • Fulaingeoidh muintir na hÚcráine níos mó mar gheall ar na hionsaithe sin.
  • Déanfaidh an dá fhórsa gach iarracht a bheith réidh chun feachtais ionsaithe nua a sheoladh san earrach.

Fág freagra ar 'Arm na hÚcráine ag dul i neart ar an talamh ach anois teacht an gheimhridh'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Ar aghaidh chun Bua, A Úchráin

    Dá dtabharfadh NATO, An t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh aontaithe iad féin an ruaig ar na Rúisigh go hiomlán.

    Bheadh ceannasaíocht, forlámhas agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.

    Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.

    Tréighfidh An t-Aontas Eorpach, Nato agus Meiriceá an Úcráin i ndeireadh thiar thall nuair a bheidh an costas ró-ard orthu agus an margadh ag cur focal ina gcluas ó thaobh boilscithe de.

    Dá mbeadh na Naisiúin ‘Aontaithe/Neamh-Aontaithe’ in inmhe arm a chur ar na líntí tosaigh idir an dá tír mar a rinne siad ar fud an Domhain bheadh tús le réiteach.

    Ach a chloisim uait ní fhéadfaí sin a chur i gcrích de thairbhe smacht ag na hOllChumhachtaí (Meiriceá agus an Rúis) ar chúrsaí inmheánacha na hEagraíochta sin.

    Bainfidh an Rúis úsaid as airm cheimiceachaí chomh luath agus a oireann sin dóibh nuair a bhíonn a cuid saighdiúirí bailithe as na críocha gafa acu agus muna n-oibríonn sin airm núicléacha ag léibhéal íseal.

    Is mise le dóchas mór
    Dónall Mac Mór Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Árdán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Gabriel Rosenstock

    Drochscéal amach is amach é go bhfuil arm ar bith ag dul i neart. Cuirimis deireadh leo ar fad.

  • pádraig ÒMuircheartaigh

    Abair è sin le Putin