Ardú tagtha ar líon na gcásanna i gcontaetha a bhfuil tóir orthu mar áiteanna saoire 

Cé go bhfuil na figiúirí fós íseal i gCiarraí, tá ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna nua Covid-19 i Loch Garman, Corcaigh, Gaillimh agus áiteanna eile ó thús na míosa 

Ardú tagtha ar líon na gcásanna i gcontaetha a bhfuil tóir orthu mar áiteanna saoire 

Tá cuid de na contaetha is mó a bhfuil tóir orthu mar áiteanna saoire i measc na gcontaetha is mó sa tír ina bhfuil ardú tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 le coicís anuas. 

Tá breis agus 1,350 cás nua den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn, thuaidh agus theas, ó thús mhí Lúnasa agus imní ann go bhfuil an dara ráig den ghalar ar leic an dorais againn. 

Agus srianta ar thaisteal thar sáile i bhfeidhm, moladh do dhaoine sa tír seo dul ar saoire in Éirinn, comhairle ar ghlac go leor daoine léi le roinnt seachtainí anuas. 

I suirbhé a rinneadh ag deireadh mhí Iúil, tuairiscíodh gurb iad Ciarraí, Gaillimh, Corcaigh agus Port Láirge na contaetha is mó a raibh tóir orthu mar áiteanna saoire. 

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, ní raibh ach ceithre chás nua den ghalar Covid-19 deimhnithe i gCiarraí le 14 lá anuas ach tá ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna sna trí chontae eile. 

28 cás nua a bhí i gCorcaigh, 23 cás nua a bhí i Loch Garman agus naoi gcás nua a bhí i nGaillimh le coicís anuas. 

Thug na sluaite turasóirí cuairt ar Dhún na nGall agus ar chontae an Chláir le roinnt seachtainí anuas chomh maith agus tá méadú mór tagtha ar chásanna sa dá chontae sin in achar beag ama. Bhí 29 cás nua i nDún na nGall le 14 lá anuas agus 39 cás nua i gcontae an Chláir. 

De réir na bhfigiúirí, is iad an Longfort agus Liatroim an dá chontae is sábháilte le saoire a chaitheamh iontu i láthair na huaire. Ní raibh ach cás nua amháin sa dá chontae sin ó thús mhí Lúnasa. 

Tá na figiúirí fós íseal san Iarmhí (2 chás) agus i bpéire de na contaetha Gaeltachta, Port Láirge (2 chás) agus Maigh Eo (2 chás). 

Is i gCill Dara a tháinig an t-ardú is mó ar líon na gcásanna nua Covid-19 le coicís anuas. 393 cás nua ar fad a deimhníodh sa chontae sin, breis is a dhá oiread agus a deimhníodh sa dara contae is measa, Baile Átha Cliath (151 cás nua). 

106 cás nua a bhí in Uíbh Fhailí agus 69 cás nua a bhí i gcontae Laoise. 

Fógraíodh go raibh 358 cás nua Covid-19 deimhnithe in Éirinn ag an deireadh seachtaine. 200 cás a fógraíodh ó dheas Dé Sathairn, an líon is mó in aon lá amháin ó thús mhí na Bealtaine. 

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte gur údar mór imní a bhí sna figiúirí. 

“Ní féidir leis seo dul ar aghaidh. Níl deireadh tagtha leis an bpaindéim seo díreach mar go bhfuil muid tuirseach de bheith ag maireachtáil leis,” arsa an Dr. Glynn inné. 

Beidh cruinniú ag NPHET tráthnóna agus cuirfear a moltaí le dul i ngleic leis an víreas faoi bhráid an rialtais. 

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly ar maidin nach raibh aon phlean ann faoi láthair na srianta atá i bhfeidhm i gCill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí a chur i bhfeidhm i gcontaetha eile fós. 

Fág freagra ar 'Ardú tagtha ar líon na gcásanna i gcontaetha a bhfuil tóir orthu mar áiteanna saoire '