Ardú tagtha ar líon na gcásanna den víreas ar fud na gceantar Gaeltachta le seachtain anuas

Léiríonn na figiúirí is deireanaí go raibh ardú idir 50-60% ar ráta scaipthe an Covid-19 i gceantair Ghaeltachta go leor le roinnt laethanta

Ardú tagtha ar líon na gcásanna den víreas ar fud na gceantar Gaeltachta le seachtain anuas

Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

Tháinig ardú suntasach ar líon na gcásanna Covid-19 a aimsíodh i nach mór gach ceantar Gaeltachta le seachtain anuas.

Ardú thart ar 50% a bhí i gceist i go leor áiteanna agus ardú tagtha ar líon na gcásanna i 11 den 13 toghcheantar ar fud na tíre ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta.

Bhí toghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise ar cheann den phéire nár tháinig aon ardú ann le seachtain anuas ach tá na figiúirí Covid ann ar chuid de na cinn is airde sa stát go fóill.

Ráta scaipthe 405 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist sa cheantar sin idir an 29 Meitheamh agus an 12 Iúil. Cé gur titim mhór a bhí ansin ón ráta 771 a bhí sa cheantar an tseachtain seo caite, tá an ráta i nDún Gharbhán fós níos mó ná dhá uair níos airde ná an meánráta náisiúnta – 151 – agus is ann atá an tríú ráta is airde sa tír.

83 cás ar fad a deimhníodh sa toghcheantar sa tréimhse 14 lá, síos ón 158 cás a bhí luaite i bhfigiúirí na seachtaine seo caite.

Tá ardú mór tagtha ar líon na gcásanna ar fud na tíre le gairid mar gheall ar an gcineál Delta den víreas. Fógraíodh 994 cás nua inné, an líon is mó a fógraíodh in aon lá amháin le cúig mhí anuas.

I gCorca Dhuibhne, deimhníodh níos mó ná cúig chás nua den víreas in achar coicíse den chéad uair ó mhí an Mhárta. 11 cás a aimsíodh sa leithinis idir an 29 Meitheamh agus an 12 Iúil agus ráta scaipthe 78 i gceist don tréimhse sin.

Ardú freisin a bhí i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, ó 19 cás go dtí 28 cás agus ráta 112 sa cheantar dá bharr.

I gCorcaigh, ráta 65 a bhí i Maigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 24 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas, suas ó 17 cás an tseachtain seo caite.

Is in Inis Eoghain atá na rátaí scaipthe is airde sa tír – 1,073 i mBun Cranncha agus 849 i gCarn Domhnach – agus bhí ardú suntasach ar rátaí scaipthe an víris sna ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall freisin.

Deimhníodh 50 cás i dtoghcheantair na nGleanntach, mar a bhfuil formhór de Ghaeltacht Thír Chonaill, idir an 29 Meitheamh agus an 12 Iúil. 32 cás a bhí i gceist sa cheantar céanna sna figiúirí seachtain ó shin. Ráta 209 a bhí sna Gleannta le coicís anuas.

Ráta 240 atá i dtoghcheantar mBaile na nGallóglach, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile. D’ardaigh líon na gcásanna sa cheantar ó 19 cás go dtí 33 cás le seachtain anuas.

Is beag nár dhúbail an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall ó 76 go dtí 143 le seachtain anuas. 38 cás ar fad a deimhníodh ann idir an 29 Meitheamh agus an 12 Iúil.

I nGaillimh, tá an ráta scaipthe i gConamara Theas imithe suas ó 47 go dtí 70. 15 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas, ardú 50% ó fhigiúirí na seachtaine seo caite.

13 cás a deimhníodh i gConamara Thuaidh le coicís anuas agus ráta 76 i gceist sa gceantar.

Seacht gcás a deimhníodh i gceantar Bhéal an Mhuirthead, an chéad uair ó thús mhí an Mhárta gur deimhníodh níos mó ná cúig chás ansin i dtréimhse coicíse. Ráta 56 atá i mBéal an Mhuirthead anois. Ráta 65 a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Mhaigh Eo Theas.

I gcontae na Mí, ráta 128 a bhí i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. 40 cás a deimhníodh ann idir an 29 Meitheamh agus an 12 Iúil.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, thit an ráta ó 53 go dtí 40 agus 13 cás nua aimsithe ann le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Ardú tagtha ar líon na gcásanna den víreas ar fud na gceantar Gaeltachta le seachtain anuas'