Ardú tagtha ar an uimhir ‘R’, duine amháin ag fáil bháis den Covid-19 san Eoraip gach shoicind

Dúirt ceannasaí réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Hans Kluge, inniu go bhfaigheann duine amháin bás den choróinvíreas san Eoraip gach uile shoicind

Ardú tagtha ar an uimhir ‘R’, duine amháin ag fáil bháis den Covid-19 san Eoraip gach shoicind

Colm Henry agus Hans Kluge

Tá ardú tagtha ar ráta atáirgthe an Covid-19 atá imithe ó 0.6 seachtain ó shin go dtí 0.7-0.9, an ráta céanna a bhí ann coicís ó shin.

Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, a thug an méid sin le fios tráthnóna.

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí agus an Rialtas ag iarraidh go mbeadh an uimhir ‘R’ ag 0.5 nó níos lú roimh dheireadh na míosa chun gur féidir tosú ar na srianta dianghlasála a mhaolú.

Cuirfidh an t-ardú ar an uimhir ‘R’ leis an imní atá léirithe ag NPHET le roinnt laethanta anuas faoi stop a bheith tagtha leis an laghdú ar líon na gcásanna nua den ghalar.

290 othar a bhfuil Covid-19 tolgtha acu atá sna hospidéil faoi láthair agus 33 acusan atá in aonad dianchúraim, de réir na bhfigiúirí nua.

Anseo atá an ráta coicíse is ísle den ghalar san Eoraip, seachas dhá thír eile, an Íoslainn agus an Fhionlainn.

Dúirt ceannasaí réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Hans Kluge, inniu go bhfaigheann duine amháin bás den choróinvíreas san Eoraip gach uile shoicind.

Dúirt ceannasaí an WHO san Eoraip go raibh níos mó ná 15.7 milliún cás den Covid-19 deimhnithe sa 53 tír sa réigiún agus go raibh 355,000 duine básaithe de dheasca an ghalair sna tíortha sin ó thús na paindéime.

Bhain 4 milliún de na cásanna leis an mí seo amháin.

Bhí comharthaí ann, arsa Kluge, go bhfuil córais sláinte faoi róbhrú agus os cionn 95% de leabacha ICU na Fraince lán le deich lá anuas, mar shampla.

Dúirt Kluge, áfach, go raibh ag éirí le tamall leis na srianta nua atá tugtha isteach ag tíortha ar fud na hEorpa. Tháinig laghdú 200,000 ar líon na gcásanna nua le seachtain anuas. Dúirt sé chomh maith go mba “iontach” an t-údar dóchais a bhí sna vacsaíní nua “sa chogadh in aghaidh an víris”.

Mhaígh Hans Kluge nach mbeadh gá lena thuilleadh tréimhsí dianghlasála dá gcaithfeadh 95% de dhaoine mascanna.

“Is féidir tréimhsí dianghlasála a sheachaint,  seasaim leis an tuairim gurb í an dianghlasáil an rogha dheiridh. Dá mbainfeadh 95% leas as masc, ní bheadh tréimhsí dianghlasála ag teastáil,” Hans Kluge.

Idir an dá linn, tá molta ag an Roinn Sláinte abhus go ndéanfaí ciondíothú ar mhinceanna chun a chinntiú nach scaipeann an tréithchineál nua den víreas anseo.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go gcaithfí an ciondíothú a dhéanamh ar na feirmeacha minceanna “mar ábhar práinne”.

Dúirt na húdaráis Sláinte sa Danmhairg, gur dócha go bhfuil an tréithchineál nua den víreas a thosaigh ar fheirmeacha minceanna na tíre sin imithe in éag.

Fág freagra ar 'Ardú tagtha ar an uimhir ‘R’, duine amháin ag fáil bháis den Covid-19 san Eoraip gach shoicind'