Ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas sna contaetha Gaeltachta le coicís anuas

Tá beagán os cionn coicíse ann ó chuathas ar aghaidh go dtí Céim 3 den phlean díchuibhrithe agus cé go raibh líon na gcásanna ag titim ar fud na tíre go dtí sin, a mhalairt atá tarlaithe ó shin

Ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas sna contaetha Gaeltachta le coicís anuas

Pictiúr: Eamon Farrell/RollingNews.ie

Tháinig ardú i bhfad níos mó ar líon na gcásanna Covid-19 sna contaetha Gaeltachta sa chéad choicís de Chéim 3 de phlean díchuibhrithe an rialtais ná mar a tháinig sa chéad choicís de Chéim 2 den phlean.

Tá beagán os cionn coicíse ann ó chuathas ar aghaidh go dtí Céim 3 den phlean díchuibhrithe ar an 29 Meitheamh agus cé go raibh líon na gcásanna ag titim ar fud na tíre an tráth sin, a mhalairt atá tarlaithe ó shin.

Sular bhog an tír ar aghaidh go dtí Céim 3, tháinig titim deich seachtaine as a chéile ar líon iomlán na gcásanna. Tá ardú tagtha ar an bhfigiúr sin dhá seachtain as a chéile ón 29 Meitheamh, áfach, tráth ar tugadh cead do dhaoine taisteal ar fud na tíre agus cead oscailte d’fhormhór ghnóthaí an stáit.

I gcás na seacht gcontae Gaeltachta, níor deimhníodh ach 14 cás breise de Covid-19 iontu ar fad idir an 8 Meitheamh, nuair a thosaigh Céim 2 den phlean díchuibhrithe, agus an 21 Meitheamh.

Sa chéad choicís ó cuireadh tús le Céim 3 den phlean díchuibhrithe, thángthas ar 35 cás nua den ghalar sna contaetha Gaeltachta.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu gur léirigh an Príomhoifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, gur údar imní an t-ardú atá tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas le roinnt seachtainí.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach an tseachtain seo go raibh 20 cás nua den ghalar ann ar an meán gach lá le tamall.

An Príomhoifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

I bPort Láirge, níor aimsíodh ach aon chás nua amháin sa chontae idir 8-21 Meitheamh ach tá seacht gcás deimhnithe sa chontae ó dheireadh mhí an Mheithimh.

Is amhlaidh an scéal i gCorcaigh. Ceithre chás an t-ardú a bhí ann sa chéad 14 lá ó cuireadh tús le Céim 2 ach aimsíodh 12 cás nua sa chontae sa 14 lá ó thús Céim 3.

Laghdú a bhí i gceist i nDún na nGall idir an 8-21 Meitheamh agus líon na gcásanna tite ó 470 go dtí 464 de bharr athbhreithniú a bheith déanta ar na cásanna. Idir an 29 Meitheamh agus an 12 Iúil áfach, aimsíodh trí chás breise sa chontae.

Ceithre chás den ghalar a deimhníodh i gCiarraí sa tréimhse coicíse is déanaí, i gcomparáid le dhá chás sa chéad choicís de Chéim 2. Ceithre chás den ghalar a deimhníodh sa Ghaillimh sa tréimhse coicíse is déanaí chomh maith, i gcomparáid le dhá chás idir an 8-21 Meitheamh.

As na contaetha Gaeltachta go léir, ba i gcontae Mhaigh Eo amháin nár tháinig aon ardú ar líon na gcásanna nuair a chuirtear an dá thréimhse i gcomparáid lena chéile. Dhá chás breise a aimsíodh i Maigh Eo idir 8-21 Meitheamh agus níor aimsíodh ach aon chás nua amháin sa chontae idir an 29 Meitheamh agus an 12 Iúil.

Cásanna deimhnithe nua idir
8-21 Meitheamh
Cásanna deimhnithe nua idir
29 Meitheamh – 12 Iúil
Corcaigh 4 12
Dún na nGall 0 3
Gaillimh 2 4
Ciarraí 2 4
Maigh Eo 2 1
An Mhí 3 4
Port Láirge 1 7

Tá an tír ceaptha a bheith ag bogadh ar aghaidh go dtí díchuibhriú iomlán Dé Luain seo chugainn, an 20 Iúil, ach tá imní léirithe go bhfuil líon na gcásanna nua de Covid-19 ag dul in airde le coicís.

Aréir, d’fhógair an Roinn Sláinte go raibh 32 cás nua den ghalar deimhnithe, an líon is mó cásanna nua in aon lá amháin le mí anuas.

D’fhógair NPHET aréir go raibh trí cinn de chásanna nua den Covid-19 deimhnithe i gCiarraí, an t-ardú is mó sa chontae le breis is dhá mhí. De réir na bhfigiúirí is déanaí, faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite bhí 314 cás i gCiarraí. Dhá chás nua a deimhníodh i gCorcaigh agus mar a chéile a bhí líon na gcásanna sna contaetha Gaeltachta eile.

Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt thuaidh ná theas inné.

2,302 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,746 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,460 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,670 cás ó dheas den teorainn agus 5,790 cás ó thuaidh di.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, inné gur údar imní a bhí ann go raibh daoine a raibh siomptóim an ghalair orthu ag fanacht ceithre nó cúig lá sula ndéanann siad teagmháil le dochtúir. D’impigh, an Dr Ronan Glynn ar dhaoine fios a chur ar an dochtúir láithreach má bhíonn comharthaí an ghalair orthu.

Faoi mheán oíche Dé Luain, 523,277 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 49,264 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 157 duine, nó 0.3% de na daoine a tástáladh.

Cuireadh tástáil ar 122,403 duine ó thuaidh go n-uige seo.

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 566.
839 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 3 Iúil.
Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inné gur údar imní é go mbíonn suas le 30 nó 40 duine ag cruinniú le chéile ag cóisir faoi dhíon i dteach plódaithe.

Dúirt Martin chomh maith go léiríonn eolas ón Roinn Iompair gur beag turasóirí Meiriceánacha atá ag teacht chun na tíre seo d’ainneoin “go leor cainte” a bheith á dhéanamh fúthu.

“Caithfimid a bheith an-daingean ó thaobh cúrsaí taistil de agus ó thaobh na teachtaireachta is mian linn a scaipeadh, ar mhaithe leis an ráta ionfhabhtaithe a choinneáil íseal,” a dúirt an Taoiseach.

“Sin an aidhm a bheidh againn sna seachtainí seo amach romhainn. Caithfear sin a dhéanamh más linn na scoileanna a athoscailt agus deis a thabhairt d’ospidéil freastal ar othair nach é an Covid-19 atá orthu.”

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Déanfaidh an Rialtas cúrsaí taistil a phlé arís inniu.

Táthar ag súil go bhfoilseoidh siad ‘liosta glas’ an tseachtain seo chugainn de na tíortha sin a mbeidh cead ag muintir na tíre seo taisteal chucu gan aon srianta.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach raibh sé curtha as an áireamh aige go dtabharfaí isteach tástáil éigeantach don Covid-19 ar dhaoine a bheidh ag taisteal chun na tíre as tíortha ardriosca ó thaobh an choróinvíris de.

Dúirt Varadkar nach bhfuil sé cinnte an mbeadh tástáil éigeantach indéanta go praiticiúil ach dúirt sé gur dóigh leis gur cheart don tír seo smaoineamh ar thástáil éigeantach a dhéanamh ar dhaoine a thagann chugainn as tíortha nach bhfuil ar an ‘liosta glas’, rud atá déanta ag tíortha eile.

Dúirt an Tánaiste sa Dáil go raibh súil aige go mbeidh an Rialtas ábalta cinneadh a dhéanamh amárach agus cead a thabhairt do thithe ósta, clubanna oíche agus casinónna uile na tíre athoscailt ón Luan seo chugainn, an 20 Iúil.

Fág freagra ar 'Ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas sna contaetha Gaeltachta le coicís anuas'