Ardú den chéad uair le 10 mbliana anuas ar dheontas na ‘mná tí’ fógartha ag Kyne

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar maidin go bhfuil an ráta laethúil a íoctar in aghaidh an scoláire le mná tí na Gaeltachta á ardú ó €9.50 go dtí €10.00 in aghaidh an scoláire

Ardú den chéad uair le 10 mbliana anuas ar dheontas na ‘mná tí’ fógartha ag Kyne

Den chéad uair le deich mbliana anuas, tá ardú i ndán don liúntas in aghaidh an scoláire a íoctar le mná tí na Gaeltachta as lóistín a chur ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh.

€9.50 in aghaidh an lae do gach scoláire atá a íoc ag Roinn na Gaeltachta le teaghlaigh Gaeltachta ó 2011, ach d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar maidin go bhfuil an liúntas méadaithe aige ó €9.50 go €10.00. Tiocfaidh an ráta nua i bhfeidhm ar an 1 Aibreáin.  

Dúirt an tAire Stáit Kyne gur chúis “áthais” dó a fhógairt go bhfuil an deontas á ardú.

“Tá sé an-tábhachtach – laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht go leanfar leis an Scéim seo ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge.  Go deimhin is cuid lárnach é seo den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Kyne go raibh tábhacht mhór ag baint le tionscal na gcoláistí samhraidh.

“Is cinnte go bhfuil an tionscal seo ar cheann de na tionscail is fearr agus is tábhachtaí sa Ghaeltacht agus tá tábhacht eacnamaíochta chomh maith le tábhacht maidir le buanú agus sealbhú na Gaeilge ag baint léi, agus gan na mná/fir tí ní bheadh aon scéim ann,” a dúirt sé.

Tháinig ardú leanúnach ar an deontas seo idir 1997 agus 2007 agus ní raibh aon ghearradh i gceist go dtí 2010 nuair a gearradh siar an íocaíocht ó €10.50 go dtí €10.00 in aghaidh an lae do gach scoláire. 

An bhliain dár gcionn, €9.50 in aghaidh an scoláire a bhí á íoc leis na mná tí agus is é an ráta céanna sin atá á íoc ó 2011 i leith. Ba é an ráta sin – €9.50 – a mhol an Bord Snip nua, a bunaíodh ag tús na géarchéime eacnamaíochta chun moltaí a dhéanamh maidir le ciorruithe ar chaiteachas stáit.

Tá méadú ag teacht arís ar líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht tar éis na titime tubaistí a tháinig ar an líon scoláirí le linn na géarchéime.

D’fhreastail 26,024 scoláire ar chúrsaí Gaeltachta in 2016, méadú 17% ar an 22,201 a d’fhreastail ar na cúrsaí in 2014, de réir anailís a rinne Tuairisc.ie.

Cé go bhfuil ardú ar líon na scoláirí i gceist le dhá bhliain anuas, tá titim 7% fós i gceist i gcás 2016 nuair a chuirtear  figiúirí na bliana sin i gcomparáid le figiúirí 2008. 

Anuas air sin, níl an titim 7% sin ag teacht leis an titim mhór san airgead atá á chaitheamh ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Tá titim 28% ar an airgead sin ó bhí 2008 ann. 

Íocadh €5,593,486 faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2008, nuair a d’fhreastail 28,112 ar chúrsaí samhraidh Gaeltachta. 

€4,013,806 a íocadh anuraidh, nuair a d’fhreastail 26,024 ar na cúrsaí.

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach gcosnódh sé “ach fíorbheagán airgid” €0.50 a chur leis an ráta laethúil a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. 

Dar leis an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar gur €200,000 an costas a bhainfeadh lena leithéid de bheartas.

Tá an t-airgead a shaothraíonn teaghlaigh Ghaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge saor ó cháin agus ní chuirtear san áireamh é ach oiread agus iarratais ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí á meas.

Fág freagra ar 'Ardú den chéad uair le 10 mbliana anuas ar dheontas na ‘mná tí’ fógartha ag Kyne'