Ardú croí ó ‘Bádóirí’ uaisle TG4 i mbliain seo na paindéime.

Ba dheas i bheith i bhfochair an dreama chuideachtúil seo arís, fiú má tá na geallta féin curtha ar ceal

Ardú croí ó ‘Bádóirí’ uaisle TG4 i mbliain seo na paindéime.

Pictiúr: TG4

Seanchomrádaithe anois againn iad lucht na ngleoiteog, na leathbhád agus na mbád mór/húicéirí agus dhá shraith bhreátha déanta fúthu go dtí seo. Seo chugainn gála eile de ghníomhartha agus de chaint lucht An American Mór, An Mac Dara, An Tónaí, An Mhaighdean Mhara, An Morning Star, An Truelight, An Capall agus a thuilleadh eile nach iad.

Arís eile chuaigh léiritheoir agus stiúrthóir an chnuasaigh seo, Donncha Mac Con Iomaire, chun farraige agus chun cainte le lucht na mbád. Is é atá deas ar an gcúram. Gaeilge le cloisint ó thús deireadh agus ábhar cartlainne ag meabhrú laethanta spleodracha na coimhlinte dúinn. Seatanna áille aeir den chósta ag cur cathú ar an gcaslóir seo fiú tabhairt faoin bhfarraige.

Meabhraíodh dúinn arís gur dream iad seo a bhfuil mianach na farraige iontu agus dúil mhíchuibheasach acu sa bhádóireacht. Pobal dlúth atá teann as a ndúchas. Suim san bhfarraige nasctha leis an mian traidisiún na seoltóireachta a sheoladh ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

Ach oiread le réimsí eile den saol chuir an Covid saol na mbádóirí bunoscionn agus b’éigean do Chumann Húicéirí na Gaillimhe a ngeallta a chur ar ceal, an chéad uair le dhá bhliain is dhá scór nach raibh seolta á gcrochadh. Ní nach ionadh airíonn siad uathu an fharraige ach airíonn siad uathu leis an chomrádaíocht agus an chuileachta. Comhrac an bhradáin ar fharraige ach cadráil le pínt i ndeireadh na coimhlinte.

Bádóirí, Bliain gan Coimhlint. Pictiúr: TG4

Cuireadh seo abhaile orainn agus deora i gceann a gcuid súl ag na fearaibh seo agus iad ag trácht ar Phádraig is Peadar Bailey, cinn feadhna An Capall a d’imigh ar shlí na fírinne in 2020. Colm Dara Ó Flathartha ag cur an Naomh Ciarán ar ancaire amach ó reilig Leitir Móir lá sochraide Pheadair. Céilithe comhraic bád ach comhghleacaithe farraige.

Tugadh éachtaint leis ar thionchar na paindéime ar an bpobal. Thug siad faoin dianghlasáil díreach mar a thugann na bádóirí faoi fharraigí cáite, ag seasamh dá chéile in am an ghátair. Na bádóirí ar bior le tabhairt faoi na geallta in athuair ach leas á bhaint acu as an dianghlasáil leis na báid a chóiriú. Meabhraíodh dúinn go mba cheart cúnamh le dealramh a bheith ar fáil don chúram tábhachtach costasach seo. Deineadh dreas cainte leis le Pat Mhichael Ó Cualáin atá ag tabhairt faoina bhád mór féin a thógaint. Dúirt sé go seanbhlastúil gur fearr leis an obair seo ná an bhádóireacht mar nach mbíonn éinne ag sárú air.

Bhí aon gheall amháin ann i mbliana, ceann Leitir Mealláin i gcuimhne ar Mhicheál Ó Flatharta a bhíodh ar an Mac Dara tráth. Deir a deartháir John Beag linn gur tháinig na báid thraidisiúnta seo trí dhá chogadh domhanda agus trí ghorta mór agus go dtiocfaidh siad tríd seo. Sách ráite. Faoi mar a dúirt an léirmheastóir seo cheana n’fheadar an difríocht idir gleoiteog, leathbhád agus bád mór, ach bainim súp i gcónaí as a bheith i bhfochair na mbádóirí cuileachtúla uaisle seo.

Fág freagra ar 'Ardú croí ó ‘Bádóirí’ uaisle TG4 i mbliain seo na paindéime.'