Ardú céime i ndán do thriúr i Roinn na Gaeltachta i ndiaidh comórtais

Fear as an gCeathrú Rua i gConamara a tháinig sa chéad áit i gcomórtas inmheánach a reáchtáladh sa Roinn

Ardú céime i ndán do thriúr i Roinn na Gaeltachta i ndiaidh comórtais

Fear Gaeltachta as an gCeathrú Rua i gConamara a tháinig sa chéad áit i gcomórtas earcaíochta do na poist is sinsearaí i Roinn na Gaeltachta.

Fágann torthaí an chomórtais gurb é Mícheál Ó Conaire, as an mBóthar Buí ar an gCeathrú Rua, a thiocfadh i gcomharbacht ar Shéamus Mac Giolla Chomhaill mar phríomhoifigeach sa Roinn, sa chás go ndéanfaí tairiscint leis agus go nglacfadh sé leis an tairiscint sin.

Tháinig Ó Conaire, atá ag obair i mBaile Átha Cliath in Oifig Phreas na Roinne, sa chéad áit sa chomórtas a reáchtáladh le déanaí chun painéal a chur ar bun d’fholúntais shinsearacha sa Roinn.

Triúr ar fad atá ar an bpainéal a cuireadh ar bun i ndiaidh an chomórtais. Is iad an bheirt eile atá i gceist ná Sorcha de Brúch agus Seán Mac Eoin. Bhí ról lárnach ag de Brúch i mbliana i gclár Éire 2016 agus tá taithí fhada aici ar Theach Laighean óir bhí sí ina rúnaí príobháideach ag Éamon Ó Cuív agus ag Pat Carey le linn dóibh a bheith ina nAirí Gaeltachta. Príomhoifigeach cúnta sna Forbacha é Seán Mac Eoin a raibh baint mhór aige leis an gclár An Teanga Bheo i mbliana. Bíonn sé ag plé le cúrsaí oideachais agus pleanála teanga i measc rudaí eile.

D’éirigh Séamus Mac Giolla Chomhaill, arb as Gaoth Dobhair dó, as mar phríomhoifigeach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Meastar go mbeidh folúntas eile ann sa Roinn sa tréimhse amach romhainn nuair a éireoidh an príomhoifigeach eile, Bertie Ó hAinmhire, as a chúram. De réir torthaí an chomórtais, is do Shorcha de Brúch agus Seán Mac Eoin a thairgfí na chéad fholúntais eile ag grád an phríomhoifigigh sa Roinn. Beidh an tríú folúntas i gceist má éiríonn leis na hiarrachtaí atá ar bun ag an Roinn cead a fháil príomhoifigeach eile a fhostú.

Bhíodh triúr príomhoifigeach ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta roimhe seo, ach ó d’éirigh Mac Giolla Comhaill as, níl ach príomhoifigeach amháin, Bertie Ó hAinmhire, ag plé leis na cúraimí sin.

Fógraíodh an tseachtain seo caite gurb é Aodhán Mac Cormaic atá le ceapadh mar stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta. Is é an té a bhíonn sa phost sin an duine is sinsearaí sa státseirbhís a bhíonn ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Beidh an post is sinsearaí ar fad i Roinn na Gaeltachta le líonadh go luath chomh maith agus Ard-Rúnaí na Roinne Seosamh Ó hAghmaill ag éirí as.

Fág freagra ar 'Ardú céime i ndán do thriúr i Roinn na Gaeltachta i ndiaidh comórtais'