Ardú céime bainte amach ag Micheál Breathnach agus a ndóthain déanta ag an gCeathrú Rua agus Gaoth Dobhair

Bhí deireadh seachtaine thar a bheith gnóthach ag foirne Gaeltachta ar fud na tíre

Ardú céime bainte amach ag Micheál Breathnach agus a ndóthain déanta ag an gCeathrú Rua agus Gaoth Dobhair

Oisín Ó Gríofa ag scóráil don Cheathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gaillimh

Dea-scéalta is díomá araon a bhí i ndán d’fhoirne na Gaeltachta i gcraobh shinsir peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo. Tá Maigh Cuilinn tríd go dtí an cluiche leathcheannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Micheál Dé Sathairn, 1-13 in aghaidh 0-11. Ní raibh fáil ag Maigh Cuilinn ar bheirt atá ar fhoireann na Gaillimhe, Peter Cooke agus Seán Kelly, ach fós fuair siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic. D’aimsigh David Wynne 1-3 dóibh ach cuireadh é féin agus Gareth Bradshaw den pháirc roimh dheireadh na himeartha.

Níor éirigh leis an Spidéal sa gcluiche ceathrú ceannais eile a imríodh Dé Sathairn. Chuir siad drochthús leis an gcluiche agus bhí Réalta Thuama ceithre phointe chun tosaigh taobh istigh de na chéad cheithre nóiméad. Laghdaigh fir an Spidéil an bhearna sin agus ní raibh ach aon phointe amháin eatarthu cúpla uair sa dara leath ach d’aimsigh Gary O’Donnell cúpla scór tábhachtach do Réalta Thuama agus bhuaigh siad le trí phointe ar deireadh, 0-11 in aghaidh 0-8.

Is iad an Cheathrú Rua a bhuaigh an cluiche dícháilithe tábhachtach idir iad féin agus Naomh Anna, Leitir Móir. Chuir Naomh Anna tús maith leis an gcluiche agus bhí siad trí phointe chun cinn go luath san imirt. Ach bhí rith an rása le fir na Ceathrún Rua as sin go leath ama agus d’fhág cúl ó Oisín Ó Gríofa  ocht bpointe chun cinn iad ag leath ama, 1-9 in aghaidh 0-4. Tháinig Naomh Anna ar ais de bheagán sa dara leath ach  d’aimsigh Seán Óg Ó Loideáin cúl eile don Cheathrú Rua ag deireadh an chluiche, agus tá siad slán i ngrád na sinsear don séasúr seo chugainn.

Caithfidh Naomh Anna anois aghaidh a thabhairt ar ghrúpa dícháilithe. Beidh Bearna, a chaill i gcoinne Naomh Séamus, agus Cathair Loistreáin istigh sa ngrúpa sin leo agus beidh ísliú céime i ndán don dá fhoireann a chríochnóidh ag bun an ghrúpa.

Rónán Mac Donnacha ag imirt do Mhicheál Breathnach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dea-scéala a bhí ann do na foirne Gaeltachta sa ngrád idirmheánach i nGaillimh. Beidh Micheál Breathnach ar ais i ngrád na sinsear an bhliain seo chugainn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Chortúin i gcluiche leathcheannais na craoibhe. Ba é an cúl ó Liam Mac Donnacha ag tús an dara leath scór cinniúnach an chluiche agus tháinig fir Chois Fharraige slán, 1-13 in aghaidh 0-13. Tabharfaidh siad aghaidh ar Uachtar Ard anois i gcluiche ceannais an chontae.

Tá Oileáin Árann slán sa ngrád idirmheánach tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an gClochán inné. Fuair Patrick Ó Domhnaill cúl cinniúnach do na hÁrannaigh leath bealaigh tríd an dara leath agus bua dhá chúilín a bhí acu ar deireadh. 1-14 in aghaidh 1-12

Dún na nGall

Odhrán Mac Niallais. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá Gaoth Dobhair tríd go dtí babhta ceathrú ceannais na craoibhe sinsir i nDún na nGall tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ard an Rátha inné. Ní raibh curaidh 2018 i mbarr a maitheasa roimh chluiche an Domhnaigh ach bhí siad i bhfad róláidir d’Ard an Rátha agus bua ocht bpointe dhéag acu, 2-19 in aghaidh 0-7. Odhrán Mac Niallais agus Naoise Ó Baoill a d’aimsigh na cúil do Ghaoth Dobhair agus tabharfaidh siad aghaidh ar fhoireann Bhun Dobhráin, Réalt na Mara, sna babhtaí ceathrú ceannais Dé Domhnaigh seo chugainn.

Imreoidh Naomh Conaill i gcoinne Ghleann Fhinne an tráthnóna céanna. Bhain Gleann Fhinne áit amach sa bhabtha ceathrú ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar na Ceithre Máistrí le seacht bpointe. Bhuaigh Naomh Conaill ar fhoireann Bhaile Féich, Seán Mac Cumhaill, chun teacht slán ó ghrúpa B.

Bhí bua cumasach ag Cill Charthaigh ar an Tearmainn, 3-18 in aghaidh 1-6. Casfaidh siad anois ar na Cealla Beaga Dé Sathairn, tar éis dá gcomharsana an ceann is fearr a fháil ar an gClochán Liath, 0-16 in aghaidh 0-9.

Imreoidh Baile na nGallóglach i gcoinne Naomh Adhamhnáin sa chluiche ceathrú ceannais eile. Chaill Baile na nGallóglach i gcoinne Ghleann tSúilí inné ach bhí a ndóthain déanta acu chun teacht slán ó ghrúpa C. Chríochnaigh an cluiche idir Naomh Adhamhnáin agus Naomh Micheál ar comhscór, toradh a d’fhág fir Leitir Ceanainn sa dara háit i nGrúpa A.

Corcaigh

Micheál Ó Deasúna (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Sáraíodh peileadóirí Chill na Martra sa bhabhta ceathrú ceannais sa phríomhghrád idirmheánach Dé Sathairn. Fuair Ceann Toirc an ceann is fearr ar fhir Mhúscraí sa chluiche a chríochnaigh ar scór 3-8 in aghaidh 0-13.

Ba iad na cúil a spreag Ceann Toirc agus a chinn an bua. D’aimsigh Aidan Walsh an chéad cheann dóibh ag deireadh an chéad leatha, rud a d’fhág 1-5 in aghaidh 0-7 chun tosaigh iad ag leath ama. Cé go ndeachaigh Cill na Martra chun cinn arís d’aimsigh Daniel O’Connell agus Ian Walsh cúl an duine chun Ceann Toirc a fhágáil i gceannas agus cé go ndearna Micheál Ó Deasúna, Damien Ó hUrdail agus a leithéidí gach iarracht Cill na Martra a thabhairt ar ais sa gcluiche, chinn orthu ar deireadh.

Maigh Eo

Jonathan Donoghue (Béal an Mhuirthead) ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí ábhar díomá ag Béal an Muirthead i gcraobh shinsir Mhaigh Eo agus an ceann is fearr faighte ag Baile an Tobair orthu i gcluiche ceathrú ceannais. Farasbarr ceithre phointe a bhí ag curaidh 2018 sa chluiche a imríodh Dé Sathairn, 1-12 in aghaidh 1-8.

Ní raibh ach dhá phointe idir na foirne ag leath ama, 1-6 in aghaidh 1-4. Ba é Ryan O’Donoghue a fuair an cúl do Bhéal an Mhuirthead tar éis ceathrú huaire ach fuair an t-imreoir contae Cillian O’Connor ceann do Bhaile an Tobair i dtreo dheireadh an chéad leatha. Scóráil O’Connor 1-6 san iomlán agus cuireadh foireann Iorrais de dhroim seoil.

An Mhí

Tá iománaithe Chlann na nGael cáilithe do chluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaeil Cholmcille i gcluiche leathcheannais Dé Sathairn. Fuair Gaeil Cholmcille an ceann is fearr ar Chlann na nGael nuair a chas na foirne ar a chéile sa bhabhta céanna anuraidh ach níor tugadh mórán trioblóide d’fhir Ráth Chairn agus Bhaile Átha Buí i mbliana. D’aimsigh Calum O’Sullivan 0-12 do Chlann na nGael agus bua aon phointe dhéag bainte amach acu, 0-20 in aghaidh 0-9.

Bhí dea-scéal ag Bhulf Tón le cúpla lá anuas chomh maith nuair a bhuaigh siad ar Naomh Pádraig i gcluiche dícháilithe sa chraobh shinsir peile. Bua trí phointe dhéag a bhí ag Bhulf Tón Dé hAoine, 1-18 in aghaidh 2-2. Ba é Fiachra Ward a d’aimsigh an cúl dóibh sa dara leath, rud a chinntigh go mbeidh siad fós ag imirt sa phríomhghrád in 2020.

Ciarraí

Imreoirí ó Dhaingean Uí Chúis. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí deireadh seachtaine maith ag foirne Chorca Dhuibhne i gcraobh shinsir peile Chiarraí agus a gcluichí sa chéad bhabhta buaite ag Daingean Uí Chúis agus ag Ciarraí Thiar. Fuair fir an Daingin an ceann is fearr ar Aibhistín de Staic i bPáirc an Ághasaigh, 0-12 in aghaidh 0-6. Bhí muintir Geaney i lár an aonaigh don Daingean agus trí phointe ag Paul, péire an duine ag Niall agus Conor agus ceann scóráilte ag Mikey. Tabharfaidh an Daingean aghaidh anois ar Ó Céirín-Ó Rathaille i mbabhta 2A.

Tá Ciarraí Thiar tríd go dtí babhta 2A chomh maith tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Dhúiche Neidín, 2-18 in aghaidh 2-17. Níor ligeadh go héasca le Ciarraí Thiar é áfach agus bhí am breise ag teastáil chun a gcéilí comhraic a shárú.

Bhí Ciarraí Thiar ceithre phointe chun tosaigh in am cúitimh ag deireadh an 60 nóiméad ach d’aimsigh Adrian Spillane cúl agus Killian Spillane pointe chun an t-am breise a chinntiú. Scóráil Josh Crowley Holland cúl do Dhúiche Neidín luath san am breise sin ach ba é Jimmy O’Grady laoch Chiarraí Thiar agus fuair sé tar éis 81 nóiméad chun an cluiche a bhuachan. Imreoidh siad féin agus an Léigiún i gcoinne a chéile sa chéad bhabhta eile.

Port Láirge

Dónal Breathnach (An Rinn).

Briseadh croí a bhí i ndán d’iománaithe na Rinne agus tá a rás rite tar éis do Bhaile na Sagart an ceann is fearr a fháil ar an bhfoireann Ghaeltachta i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach an iarthair. Ba é Kieran Bennett a d’aimsigh an cúilín cinniúnach in am cúitimh chun bua aon phointe amháin a thabhairt do Bhaile na Sagart, 1-20 in aghaidh 2-16.

Ní raibh tada idir na foirne ag leath ama agus iad ar comhscór, 0-8 an taobh. D’aimsigh Liam Ó Lionáin dhá chúl don Rinn chun iad a chur chun tosaigh i dtreo dheireadh na himeartha ach, ar an drochuair d’fhir na Rinne, ba iad a gcéilí comhraic a bhí ag ceiliúradh ag deireadh an chluiche.

Fág freagra ar 'Ardú céime bainte amach ag Micheál Breathnach agus a ndóthain déanta ag an gCeathrú Rua agus Gaoth Dobhair'