Ardú beagnach 110% ar líon na gcásanna den Covid-19 i gCorca Dhuibhne

Tháinig ardú ar líon na gcásanna nua de Covid-19 i bhformhór na tíre le seachtain anuas, ach tá na trí ráta scaipthe is ísle sa stát i dtoghcheantair Ghaeltachta i gConnachta

Ardú beagnach 110% ar líon na gcásanna den Covid-19 i gCorca Dhuibhne

Tháinig ardú ar ráta scaipthe an Covid-19 i bhformhór mór na gceantar Gaeltachta ar fud na tíre le seachtain anuas agus ardú mór a bhí i gceist i gcuid acu.

Tháinig níos mó ná a dhá oiread d’ardú ar líon na gcásanna den víreas i gCorca Dhuibhne le seachtain anuas, de réir na staitisticí is deireanaí. Aimsíodh 65 cás nua sa cheantar le coicís anuas, ardú ón 31 cás a bhí luaite leis an gceantar an tseachtain seo caite. Sin ardú 109% agus an ráta scaipthe i gCorca Dhuibhne imithe suas ó 219 go dtí 458 le seacht lá.

Ardú suntasach 64% a bhí i gceist i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, áit a raibh ráta scaipthe ard ann roimhe seo. Ráta 986 atá sa cheantar anois tar éis do líon na gcásanna nua dul suas ó 151 go dtí 247 an tseachtain seo – ardú 64%. Is i Neidín anois atá an t-ochtú ráta scaipthe is airde sa stát.

Cé go raibh ceantair Ghaeltachta Chiarraí ar chuid de na ceantair is measa a bhí buailte ag an víreas le seachtain, chuaigh rátaí scaipthe in airde ar fud na tíre.

Tháinig ardú 25% ar an meánráta náisiúnta le seachtain anuas agus ráta 493 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír i gceist anois, suas ó 394 an tseachtain seo caite.

Mar sin féin, ceantair Ghaeltachta iad na ceantair ina bhfuil na trí ráta scaipthe is ísle sa stát.

Ráta 119 atá i mBéal an Mhuirthead, an ceann is ísle sa tír, agus 15 cás nua den choróinvíreas a aimsíodh ansin idir an 5-18 Deireadh Fómhair.

Ardú 10% a bhí i gceist i gConamara Theas ach tá an ráta ann – 150 – fós cuid mhaith níos ísle ná an meánráta náisiúnta. 32 cás a deimhníodh i gConamara Theas le coicís anuas.  Ráta 151 atá i gConamara Thuaidh agus 36 cás nua deimhnithe ansin le cúpla seachtain anuas, laghdú 30% ar fhigiúr na seachtaine seo caite.

Tá an ráta scaipthe sna trí cheantar Gaeltachta i nDún na nGall níos airde ná an meánráta náisiúnta. I dtoghcheantar na nGleanntach, ardú 54% a bhí i gceist ar fhigiúirí na seachtaine seo caite agus ráta 590 anois luaite leis an gceantar agus 141 cás nua aimsithe ansin idir an 5-18 Deireadh Fómhair.

Ardú 33% a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae, mar a bhfuil Gleann Cholm Cille, Cill Charthaigh agus bailte Gaeltachta eile. Deimhníodh 222 cás nua sa cheantar le cúpla seachtain anuas agus ráta 838 ann dá bharr.

Thit na figiúirí i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach don cheathrú seachtain as a chéile. Ráta 508 atá i gceist ann anois agus 70 cás nua deimhnithe ansin le coicís anuas.

I bPort Láirge, titim bheag a bhí i gceist i dtoghcheantar Dhún Garbhán agus an ráta scaipthe tite 7% go dtí 527. 108 cás den Covid-19 a deimhníodh ann idir an 5-18 Deireadh Fómhair.

I dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, d’ardaigh an ráta ó 320 go dtí 429 le seachtain anuas (ardú 34%). 158 cás den víreas a deimhníodh ann le cúpla seachtain anuas.

Ardú beagnach 50% a bhí i gceist i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Ráta 267 agus 49 cás a bhí luaite leis an gceantar sna figiúirí is deireanaí.

I gcontae na Mí, ráta 269, suas ó 247, agus 84 cás a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, ráta 648, suas ó 549, a bhí ann agus 210 cás nua atá deimhnithe ansin le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Ardú beagnach 110% ar líon na gcásanna den Covid-19 i gCorca Dhuibhne'