Ardú beag tagtha ar ráta scaipthe an choróinvíris i níos mó ná leath de na ceantair Ghaeltachta

Ardú beag a bhí i gceist i bhformhór na gceantar agus ní raibh ach dhá thoghcheantar ina raibh an ráta níos airde ná an meánráta náisiúnta

Ardú beag tagtha ar ráta scaipthe an choróinvíris i níos mó ná leath de na ceantair Ghaeltachta

Tháinig ardú ar ráta scaipthe an Covid-19 i mbeagán os cionn leath de na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre le seachtain anuas.

De réir na staitisticí is deireanaí, ardú ar an ráta a bhí i gceist i seacht gcinn den 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu.

Ardú beag a bhí i gceist i bhformhór acu, áfach, agus ní raibh ach dhá thoghcheantar – Baile Dhún na nGall agus Dún Garbhán – a raibh ráta níos airde iontu ná an meánráta náisiúnta a bhí ann ag an am, 201 cás in aghaidh 100,000 duine. 

Tá an ráta i mBaile Dhún na nGall (427) anois ar cheann de na rátaí is airde sa stát. Aimsíodh 113 cás nua sa cheantar i ndeisceart Thír Chonaill idir an 16 Feabhra agus an 1 Márta. Méadú 38% a bhí ansin ó fhigiúirí na seachtaine seo caite.

Tháinig ardú ar an ráta sa dá thoghcheantar Gaeltachta eile i nDún na nGall, na Gleannta agus Baile na nGallóglach. D’ardaigh an ráta sna Gleannta ó 92 go dtí 130 in achar seachtaine. 31 cás nua ar fad a deimhníodh ann le coicís anuas. Aimsíodh 14 cás i mBaile na nGallóglach, suas ó 8 gcinn, rud a d’fhág ráta scaipthe 102 sa cheantar.

An tseachtain seo caite, bhí Corca Dhuibhne i gCiarraí i measc na gceantar ina raibh an ráta is ísle sa stát ach deimhníodh seacht gcás in iarthar Chiarraí le coicís anuas agus ráta 49 a bhí i gceist. Agus ceithre chás eile deimhnithe sa Neidín le seachtain anuas, tá an ráta ann imithe ó 36 go dtí 48.

I nGaillimh, chuaigh an ráta suas beagáinín i gConamara Theas ó 108 go dtí 113 agus 24 cás deimhnithe ansin idir an 16 Feabhra agus an 1 Márta. Thit an ráta i gConamara Thuaidh ó 105 go dtí 93.

Titim a bhí ann chomh maith i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge. Deimhníodh 48 cás ansin le coicís anuas agus an ráta tite ó 283 go dtí 234 ach tá sé fós níos airde ná an meánráta sa stát.

Aimsíodh 15 cás i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Ráta 41 a bhí sa cheantar de réir na bhfigiúirí is deireanaí, síos ó 60.

Ag titim i gcónaí a bhí an ráta i mBéal an Mhuirthead ó 79 go dtí 64. Thit an ráta freisin i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, ó 201 go dtí 131.

I gcontae na Mí, thit an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ó 180 go dtí 135 ach d’ardaigh an ráta i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, ardú ó 142 go dtí 173.

Fág freagra ar 'Ardú beag tagtha ar ráta scaipthe an choróinvíris i níos mó ná leath de na ceantair Ghaeltachta'