Bhí cúrsaí múinteoireachta le Gaeilge ina measc siúd ar tháinig ardú suntasach ar líon na bpointí atá ag teastáil chun tabhairt faoi na céimeanna agus Babhta a hAon de thairiscintí an CAO fógartha inné.
D’ardaigh líon na bpointí atá ag teastáil chun an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Marino a dhéanamh ó 462 pointe anuraidh go dtí 507 i mbliana, ardú beagnach leathchéad pointe.
Bunaíodh an chéim cúig bliana ó shin chun dul i ngleic leis an nganntanas bunmhúinteoirí atá oilte chun teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge, idir scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Bhí na pointí a bhí ag teastáil chun tabhairt faoin gcéim anuraidh níos ísle ná mar a bhí riamh roimhe sin ach d’ardaigh siad i mbliana.
471 pointe atá ag teastáil ó dhalta ón nGaeltacht chun tabhairt faoin gcéim sin in Institiúid Marino i mbliana.
Ardú beagnach 50 pointe freisin a tháinig ar an mBaitsiléir san Oideachas le Gaeilge agus Nuatheangacha sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath – ó 431 anuraidh go dtí 478 i mbliana. Is beag cúrsa eile san ollscoil ar tháinig ardú chomh mór sin ar na pointí iontrála i mbliana.
Titim a tháinig ar líon na bpointí a theastaíonn d’fhormhór na gcúrsaí bunchéime iar-bhunmhúinteoireachta le Gaeilge a dhéanamh i gColáiste Mhuire gan Smál, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Is i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh atá an t-aon cúrsa iar-bhunmhúinteoireachta fochéime a dhéantar trí Ghaeilge sa stát. Thit líon na bpointí a theastaíonn chun tabhairt faoin gcúrsa ó 424 anuraidh go dtí 408 i mbliana.
Thug Ollscoil Mhá Nuad le fios go bhfuil tóir níos mó ar chúrsaí ina ndéantar staidéar ar theangacha. Tháinig ardú 20% ar líon na dtairiscintí don Bhaitsiléir sa Dlí Sibhialta agus Teangacha, ina bhfuil an Ghaeilge mar ábhar roghnach ann, dar leis an ollscoil.
62,700 dalta a rinne an Ardteist i mbliana ach rinne 83,500 duine iarratas leis an CAO i mbliana.
Fuair 56% de na hiarrthóirí a gcéad rogha sna tairiscintí inné agus fuair 83% ceann de na chéad trí rogha a bhí acu.
Rinneadh áiteanna a roghnú go randamach i gcás breis is scór cúrsa ar leith, áfach, rud a d’fhág gur chaill daltaí a raibh an t-uasmhéid 625 pointe bainte amach acu ar a gcúrsa chéad rogha.
Bhí an Baitsiléir san Oideachas le hEacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge a chuireann Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ar fáil ar cheann de na cúrsaí a roghnaigh iarrthóirí go randamach. 429 pointe atá ag teastáil chun an cúrsa a dhéanamh, laghdú ó 442 anuraidh.
Lasmuigh de chúrsaí múinteoireachta, níl ach ceithre chúrsa fochéime eile sa tír a dhéantar go hiomlán trí Ghaeilge agus thit líon na bpointí dóibh uile.
In Ollscoil na Gaillimhe, thit líon na bpointí a theastaíonn chun Na Dána (Cumarsáid agus Gaeilge) a dhéanamh ó 484 pointe go dtí 399 agus thit na pointí do Na Dána (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) ó 436 go dtí 411.
I gColáiste na Tríonóide, 343 pointe atá ag teastáil chun Luath- agus Nua-Ghaeilge a staidéar, laghdú 25 pointe ó 368, agus laghdú beag a bhí i gceist freisin don chúrsa Gnó agus Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ó 388 pointe anuraidh go dtí 377 pointe i mbliana.
Caithfear glacadh le tairiscintí i mBabhta a hAon roimh 3.00in Dé Máirt seo chugainn, an 3 Meán Fómhair. Déanfar tairiscintí Bhabhta a Dó a fhógairt an Luain dár gcionn, an 9 Meán Fómhair.
Institiúid | Cúrsa | Pointí 2024 | Pointí 2023 |
---|---|---|---|
Ollscoil na Gaillimhe | Na Dána (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) | 411 | 436 |
Tráchtáil le Gaeilge* | 441 | 475 | |
Na Dána (Cumarsáid agus Gaeilge) | 399 | 484 | |
Coláiste na Tríonóide | Luath- agus Nua-Ghaeilge | 343 | 368 |
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath | Gnó agus Gaeilge | 377 | 387 |
Iar-bhunmhúinteoireacht ‘Gaeilge le Fraincis, Gearmáinis/Spáinnis* | 419 | 442 | |
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh | Dlí agus Gaeilge* | 522 | 545 |
Baitsiléir san Oideachas agus Gaeilge | 408 | 424 | |
Coláiste Mhuire gan Smál | BA san Oideachas agus Gaeilge agus Staidéar ar Reiligiún* [Durlas] |
431 | 424 |
BA san Oideachas, Gaeilge agus Matamaitic* [Durlas] |
476 | 477 | |
BA san Oideachas, Gaeilge agus Staidéar ar Ghnó* [Durlas] |
419 | 451 | |
Institiúid Marino, Baile Átha Cliath | Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) | 507 | 462 |
Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) – do dhaltaí Gaeltachta |
471 | 459 | |
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh | Baitsiléir san Oideachas – Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge* (Iarbhunmhúinteoireacht) |
429 | 442 |
Gnó agus Gaeilge* | 339 | 307 | |
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | Dlí agus Gaeilge* | 556 | 565 |
Oideachas le Gaeilge agus Nuatheangacha | 478 | 431 | |
*ní dhéantar an teagasc ar fad trí Ghaeilge |
Gearóid D
Ceapaim go bhfuil níos mó pointí ag teastáil don chúrsa Dlí le Gaeilge ansin in UCD. Caithfear breathnú ar na pointí atá ag teastáil don tsraith Dlí in ionad sraith na ndána.
Gearóid D
Níl an cúrsa ‘DN520 Joint Honours/Na Dána’ in UCD ar an liosta thíos (419 pointe i mbliana ach bhí ort 378 a fháil an bhliain seo caite). Is féidir Gaeilge a roghnú leis an gcúrsa sin.
Chomh maith leis sin, níl an cúrsa Na Daonnachtaí/Humanities DN530 ar liosta UCD, is féidir ‘Teanga, Litríocht & Aistriúchán’ a dhéanamh tríd an gcód sin (Bhí ort 467 a fháil i mbliana agus 444 a fháil an bhlian seo caite).