Ardú ar líon na gcásanna i bhformhór na dtoghcheantar Gaeltachta sa chéad choicís de mhí na Nollag

Cé go bhfuil ráta scaipthe an Covid-19 faoi bhun an mheáin náisiúnta i bhformhór na gceantar Gaeltachta, tháinig ardú ar an ráta i gcuid mhaith acu

Ardú ar líon na gcásanna i bhformhór na dtoghcheantar Gaeltachta sa chéad choicís de mhí na Nollag

Níor tháinig na ceantair Ghaeltachta slán ón ardú atá tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 sa stát le roinnt seachtainí.

Cé go bhfuil ráta scaipthe an Covid-19 faoi bhun an mheáin náisiúnta i bhformhór na gceantar Gaeltachta, tháinig ardú ar an ráta i gcuid mhaith acu.

As an 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu, tháinig ardú ar an ráta Covid-19 in ocht gcinn acu agus bhí ardú mór i gceist in áiteanna. D’fhan an ráta mar a chéile in dhá thoghcheantar agus thit sé i dtrí cinn eile.

Is i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, a chonacthas an t-ardú is mó sa chéad chúpla seachtain den mhí seo. Bhí níos mó ná dúbailt ar an ráta scaipthe ansin agus é ardaithe ó 49 go dtí 107 sa tréimhse idir 1-14 Nollaig. 22 cás nua den Covid-19 a aimsíodh sa toghcheantar le linn an ama sin.

Fágann sin go bhfuil an ráta i nDún Garbháin os cionn an mheáin náisiúnta – 84.7 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Bhí ardú mór i gceist i gcuid de Ghaeltacht Dhún na nGall chomh maith. I dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach i dTuaisceart Dhún na nGall, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile, chuaigh ráta an Covid-19 ó 174 go dtí 276 in achar seachtaine, de réir na staitisticí is deireanaí.

Bhí ardú beag i gceist chomh maith i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall agus an ráta imithe suas ó 68 go dtí 72 idir an 1-14 Nollaig.

Laghdú ar an ráta a bhí i gceist i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall. Thit an ráta ansin ó 63 go dtí 42.

Is é Dún na nGall an contae is measa atá buailte ag cásanna den víreas sa stát, ó thaobh céatadán den daonra de. Tá an ráta is airde sa tír i gCarn Domhnach i dtuaisceart an chontae. Ráta 796 atá i gceist, os cionn naoi n-uaire níos airde ná an meánráta náisiúnta.

I gCiarraí, bhí ardú suntasach ar líon na gcásanna sa Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. D’ardaigh an ráta ó 24 go dtí 80 idir an 1-14 Nollaig. Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist go fóill i gCorca Dhuibhne.

Bhí ardú beag le feiceáil ar líon na gcásanna i gConamara sa chéad choicís den mhí seo. Sé chás a bhí i gConamara Theas agus ráta 35 a bhí i gceist sa cheantar. Sé chás a bhí i gConamara Thuaidh chomh maith agus ráta 28 ann.

Thit ráta scaipthe an Covid-19 i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, sa chéad chúpla seachtain den mhí seo. Thit an ráta ó 73 go dtí 44 sna figiúirí is déanaí.

Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i mBéal an Mhuirthead ach tháinig ardú ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh. Naoi gcás a aimsíodh sa toghcheantar sin le coicís anuas agus ráta 49 ann.

I gcontae na Mí, tháinig titim ar an ráta ó 35 go dtí 29, i mBaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ach tháinig ardú ar an ráta i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, ardú ó 15 go dtí 25.

Fág freagra ar 'Ardú ar líon na gcásanna i bhformhór na dtoghcheantar Gaeltachta sa chéad choicís de mhí na Nollag'