Ardú ar líon na gcásanna den víreas i gceantair Ghaeltachta in ainneoin laghdú náisiúnta

Tháinig ardú ar an ráta scaipthe agus líon na gcásanna nua den Covid-19 in ocht gcinn de na 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta

Ardú ar líon na gcásanna den víreas i gceantair Ghaeltachta in ainneoin laghdú náisiúnta

Ardú a tháinig ar líon na gcásanna nua den Covid-19 i bhformhór na gceantar Gaeltachta le seachtain anuas in ainneoin gur thit an meánráta scaipthe go náisiúnta den chéad uair ó lár an tsamhraidh.

Tháinig ardú ar an ráta scaipthe agus líon na gcásanna nua den víreas in ocht gcinn den 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta, gach ceantar i nDún na nGall, i gCiarraí agus i gCorcaigh ina measc.

De réir na staitisticí is deireanaí, tháinig laghdú beag ar an meánráta náisiúnta le seachtain anuas. Ráta 523 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír a bhí i gceist don 14 lá idir an 17-30 Lúnasa, laghdú ó 526 cás an tseachtain seo caite. B’in an chéad uair ó mhí an Mheithimh ar tháinig laghdú ar an meánráta náisiúnta.

Tá ardú ag teacht ar an ráta in go leor toghcheantar ar fud na tíre, áfach, agus b’in mar a bhí sna trí thoghcheantar ina bhfuil Gaeltacht Thír Chonaill.

Tá Baile na nGallóglach, mar a bhfuil Na Dúnaibh, Carraig Airt agus ceantair Ghaeltachta eile, anois ar cheann de na naoi dtoghcheantar ar fad sa stát ina bhfuil an ráta scaipthe os cionn 1,000 cás in aghaidh gach 100,000 duine. Ráta 1,060 a bhí i gceist i mBaile na nGallóglach idir an 17-30 Lúnasa, ardú ó 864 an tseachtain seo caite. 146 cás nua den víreas a deimhníodh sa cheantar.

Ardú beagnach 20% a tháinig ar líon na gcásanna nua i dtoghcheantar na nGleanntach in iarthar Dhún na nGall le seachtain anuas. 215 cás nua ar fad a bhí i gceist le linn na tréimhse seo, le hais 181 an tseachtain seo caite, rud a d’fhág go raibh ráta 899 i gceist sa cheantar. Bhí ardú suntasach i gceist freisin i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall, mar a ndeachaigh an ráta ó 744 go dtí 846 le seachtain anuas. 223 cás ar fad a bhí i gceist.

I gCiarraí, tháinig ardú ar an ráta scaipthe i gCorca Dhuibhne don ochtú seachtain as a chéile. Ní raibh aon tréimhse coicíse ann idir mí Aibreáin agus mí Iúil inar deimhníodh níos mó ná cúig chás ar an leithinis ach deimhníodh 81 cás nua den víreas sna 14 lá idir 17-30 Lúnasa. Ráta 571 a bhí i gceist.

Tháinig ardú 15% ar líon na gcásanna nua i dtoghcheantar Neidín le seachtain anuas. 189 cás nua ar fad a deimhníodh sa cheantar, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, agus d’ardaigh an ráta scaipthe ó 662 go dtí 754.

I gCorcaigh, d’ardaigh an ráta i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, ó 290 go dtí 309 le seachtain anuas agus 114 cás den víreas deimhnithe i dtréimhse 14 lá.

Is ag titim atá ráta scaipthe an víris i gConamara, áfach. I gConamara Theas, thit líon na gcásanna nua don tríú seachtain as a chéile. 70 cás a deimhníodh ann idir an 17-30 Lúnasa. Laghdaigh an ráta scaipthe sa cheantar ó 370 go dtí 328 le seachtain anuas. Laghdú os cionn 30% a bhí i gceist i gConamara Thuaidh agus an ráta ansin tite ó 465 go dtí 320 le seachtain anuas. 55 cás a deimhníodh sa cheantar.

Thit an ráta i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, freisin. 113 cás a deimhníodh sa cheantar idir an 17-30 Lúnasa, rud a d’fhág gur thit an ráta ó 712 go dtí 551 le seachtain anuas.

I Maigh Eo, bhí laghdú ar líon na gcásanna nua i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. 89 cás nua a bhí sa cheantar, rud a d’fhág gur laghdaigh an ráta scaipthe ó 669 go dtí 484, an ráta is ísle a bhí sa cheantar le dhá mhí anuas. Ardú a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead, áfach, agus an ráta ardaithe ó 279 go dtí 421 le seachtain anuas.

I gcontae na Mí, chuaigh an ráta suas ó 330 go dtí 385 i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. 120 cás a deimhníodh ansin idir an 17-30 Lúnasa.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, laghdaigh an ráta ó 420 go dtí 401 agus deimhníodh 130 cás nua ansin le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Ardú ar líon na gcásanna den víreas i gceantair Ghaeltachta in ainneoin laghdú náisiúnta'