Srianta dianghlasála Leibhéal 5 molta ag NPHET don stát go léir

977 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ag an deireadh seachtaine, 613 cás Dé Sathairn agus 364 cás Dé Domhnaigh agus d'fhéadfadh go bhfuil a thuilleadh srianta ar na bacáin

Srianta dianghlasála Leibhéal 5 molta ag NPHET don stát go léir

Tá NPHET ag moladh don Rialtas srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach sa stát go léir. Bhí cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí tráthnóna inné chun an t-ardú leanúnach ar líon na gcásanna a phlé agus cuireadh litir go dtí an Rialtas ina dhiaidh inar moladh na srianta is déine a thabhairt isteach.

Chuir an moladh alltacht ar dhaoine agus tuairiscítear go mbeidh cruinniú amárach ag ceannairí pháirtithe an chomhrialtais leis an bhPríomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, atá fillte ar an obair agus a bhí ina chathaoirleach ar chruinniú NPHET an lae inné.

Faoi Leibhéal 5 bheadh ar dhaoine fanacht laistigh de chúig chiliméadar ón mbaile agus dhúnfaí gach gnó neamhriachtanach. Seirbhís beir leat amháin a bheadh ceadaithe i gcás bialanna. Ní bheadh cead aon chuairteoirí chun an tí, bheadh cosc ar ócáidí sóisialta agus ní bheadh cead aon chluichí a imirt.

Bheadh scoileanna agus crecheanna oscailte i gcónaí.

977 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ag an deireadh seachtaine, 613 cás Dé Sathairn agus 364 cás Dé Domhnaigh. 462 cás agus bás amháin eile de dheasca an ghalair a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt inné. 3,289 cás a deimhníodh ó thuaidh den teorainn le seachtain anuas.

52,106 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 38,032 cás ó dheas den teorainn agus 14,074 cás ó thuaidh di. 2,394 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 1,810 duine ó dheas agus 584 duine ó thuaidh.

Idir an dá linn, tá ardú tagtha ar líon na gcásanna den Covid-19 i gConamara le tamall anuas agus tá léiriú eile ar fáil ar scaipeadh tréan an ghalair i nDún na nGall.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, idir 15-28 Meán Fómhair, tháinig ardú ar líon na gcásanna i nach mór gach toghcheantar i nGaillimh, an dá cheann i gConamara ina measc.

Fógraíodh 169 cás nua i nGaillimh idir 15-28 Meán Fómhair, agus i gConamara Theas a bhí sé chás acusan. D’fhág sin go raibh ráta 28.1 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa toghcheantar Gaeltachta.

Deimhníodh an tseachtain seo caite go raibh Gaillimh ag fanacht ag Leibhéal 2 na srianta cé gur údar imní an méadú atá tagtha ar líon na gcásanna sa chontae le roinnt seachtainí anuas. 42 cás eile a deimhníodh sa Ghaillimh ag an deireadh seachtaine.

Thángthas ar ocht gcás i gConamara Thuaidh idir an 15-28 Meán Fómhair, an chéad uair gur deimhníodh níos mó ná cúig chás ansin ó thosaigh an Lárionad Faireachais ar Chosaint Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag foilsiú figiúirí na dtoghcheantar. Ráta 46.5 cás in aghaidh gach 100,000 a bhí i gConamara Thuaidh.

Bhí 60 cás nua ar fad sna trí thoghcheantar i gcathair na Gaillimhe le linn na tréimhse seo – Cathair na Gaillimhe Thiar (16 cás), Cathair na Gaillimhe Láir (19) agus Cathair na Gaillimhe Thoir (25) ach is i ndeisceart an chontae a chonacthas na figiúirí is airde. 26 cás nua a deimhníodh i dtoghcheantar an Ghoirt-Chinn Mhara agus 26 cás eile a bhí i dtoghcheantar Bhaile Locha Riach idir an 15-28 Meán Fómhair.

I nDún na nGall, mar a raibh 89 cás nua ag an deireadh seachtaine, ba é toghcheantar na nGleanntach, ina bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill suite, an tríú toghcheantar is measa sa chontae a bhí buailte ag cásanna den Covid-19 dir an 15-28 Meán Fómhair.

Cé gur sa Leifear-Srath an Urláir (156 cás) agus Leitir Ceanainn (59 cás) is measa an ráig i nDún na nGall, tá líon na gcásanna méadaithe ar fud an chontae.

34 cás nua a bhí i dtoghcheantar na nGleanntach le linn na tréimhse seo agus ráta 142.1 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist.

I ndeisceart an chontae, 17 cás nua a deimhníodh i dtoghcheantar bhaile Dhún na nGall agus deich gcás a bhí i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach.

 

I gCorcaigh, mar ar fógraíodh 101 cás nua ag an deireadh seachtaine, tháinig méadú níos mó ná a dhá oiread ar líon na gcásanna thart ar Ghaeltacht Mhúscraí de réir na bhfigiúirí is déanaí do na toghcheantair.

Nuair a foilsíodh na figiúirí do thoghcheantar Mhaigh Chromtha coicís ó shin, naoi gcás a bhí ann ach, de réir na bhfigiúirí is deireanaí, 19 cás a aimsíodh sa toghcheantar idir an 15-28 Meán Fómhair.

Fágann sin go raibh 51.6 cás in aghaidh gach 100,000 sa toghcheantar le linn na coicíse sin.

Tá an baol ann go gcuirfear Corcaigh go dtí Leibhéal 3 na srianta. Cé gur sa chathair agus timpeall uirthi atá formhór na gcásanna sa chontae, tá méadú tagtha ar líon na gcásanna i bhformhór na dtoghcheantar sa chontae.

Thar teorainn i gCiarraí, bhí 12 cás arís i dtoghcheantar an Neidín, ina bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh suite. Níos lú ná cúig chás a bhí i gCorca Dhuibhne.

Níos lú ná cúig chás a bhí i dtoghcheantar Dhún Garbhán chomh maith, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge.

I gcontae na Mí, níos lú ná cúig chás a deimhníodh i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Bhí 23 cás i dtoghcheantar Cheannanais, áfach, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib.

I nGaeltacht Mhaigh Eo, tháinig laghdú ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead. Níos lú ná cúig chás a deimhníodh ann idir 15-28 Meán Fómhair. Níos lú ná cúig chás chomh maith a tuairiscíodh i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh suite.

Fág freagra ar 'Srianta dianghlasála Leibhéal 5 molta ag NPHET don stát go léir'