Ardú ar bith tagtha ar ráta scaipthe an víris sna ceantair Ghaeltachta

Níos lú ná deich gcás a deimhníodh in ocht gcinn den 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta le coicís

Ardú ar bith tagtha ar ráta scaipthe an víris sna ceantair Ghaeltachta

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Níor tháinig ardú ar líon na gcásanna den Covid-19 in aon cheann de na toghcheantair Ghaeltachta ar fud na tíre le seachtain.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí, a bhaineann leis an tréimhse coicíse idir an 30 Márta agus an 12 Aibreán, nach raibh ráta scaipthe an víris níos airde ná an meánráta náisiúnta ach i dtoghcheantar Gaeltachta amháin – Baile na nGallóglach i nDún na nGall – le linn na tréimhse sin.

Níos lú ná deich gcás a deimhníodh in ocht gcinn den 13 toghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.

Bhí an ráta scaipthe i gceantar Bhaile na nGallóglach fós i measc na rátaí is airde sa tír le coicís anuas ach tá líon na gcásanna tite sna trí thoghcheantar Gaeltachta i nDún na nGall.

Deimhníodh 50 cás i mBaile na nGallóglach idir an 30 Márta agus an 12 Aibreáin, laghdú ón 56 cás a bhí ann go deireanach, agus ráta 363 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí sa cheantar le coicís anuas.

I dtoghcheantar na nGleanntach, thit líon na gcásanna ó 34 go dtí 24 le seachtain anuas, rud a fhágann gur ráta 100 atá ann. Tá líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae tite freisin ó 17 go dtí 9. Ráta 34 a bhí sa cheantar sin.

131 an meánráta náisiúnta a bhí againn idir an 30 Márta agus an 12 Aibreáin.

Deimhníodh níos lú ná cúig chás arís i gCorca Dhuibhne le coicís anuas agus níos lú ná cúig chás a bhí i gceist sa Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Thit líon na gcásanna nua i gConamara Theas faoi bhun chúig chás arís an tseachtain seo agus b’amhlaidh an cás i gConamara Thuaidh.

Don dara seachtain as a chéile deimhníodh níos lú ná cúig chás i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise. Níos lú ná cúig chás a deimhníodh chomh maith i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead i Maigh Eo don cheathrú seachtain as a chéile. Seacht gcás agus ráta scaipthe 38 a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh.

Níor tháinig aon athrú ar líon na gcásanna (19) ná dá réir ar an ráta scaipthe (52) i gceantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí.

Ní raibh aon athrú ach an oiread i gceist i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn – 31 cás agus ráta 99. Thit líon na gcásanna i gCeannanas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib ó 51 go dtí 36, rud a d’fhág ráta scaipthe 111 sa cheantar idir an 30 Márta agus an 12 Aibreáin.

Fág freagra ar 'Ardú ar bith tagtha ar ráta scaipthe an víris sna ceantair Ghaeltachta'

  • Padraic de Bhaldraithe

    Is aisteach an leagan atá sa teideal, i.e. “Ardú ar bith”. Mar a deirtear in FGB “ Ar bith, any; (with neg.) no. Ní fheicim aon mhír dhiúltach sa teideal.