Tá Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes éirithe as agus leithscéal gafa aici faoi na híocaíochtaí rúnda a rinneadh leis an gcraoltóir Ryan Tubridy.
Dúirt Forbes gur uirthi féin a bhí an phríomhfhreagracht as cúrsaí in RTÉ.
“Caithim go dáiríre leis an bhfreagracht sin,” a dúirt sí.
Dúirt sí gur chomhoibrigh sí leis an bpróiseas atá ar siúl chun freagraí a fháil ar cheisteanna faoi chonspóid na n-íocaíochtaí.
Dúirt sí go raibh “fíorbhrón” uirthi faoin méid a tharla agus faoin mbaint a bhí aici féin leis an scéal. “Gabhaim leithscéal glan agus le cách,” a dúirt Forbes, a raibh a téarma mar ardstiúrthóir in ainm is críochnú an mhí seo chugainn.
Dúirt sí go gcreideann sí “go mór” in RTÉ mar chraoltóir seirbhís phoiblí, i misean an chraoltóra agus sna daoine atá ag obair ann.
Cuireadh Forbes ar fionraí Dé Céadaoin seo caite mar gheall ar an gconspóid ar thug Aire na Meán Catherine Martin “éigeandáil eiseach” uirthi.
D’fhógair Martin go gcuirfí tús an tseachtain seo le hathbhreithniú neamhspleách ar chúrsaí rialachais in RTÉ agus ar “chultúr” na heagraíochta.
Beidh ionadaithe ó RTÉ os comhair dhá choiste Oireachtais an tseachtain seo chun ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid.
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin gur chóir do Dee Forbes a bheith i láthair ag na cruinnithe sin mar go bhfuil ceisteanna fós le freagairt aici agus eolas aici faoin scéal.
Is nuair a deineadh gnáthiniúchadh ar chuntais RTÉ do 2022 a tháinig ceist chun cinn faoi íocaíochtaí breise – €345,000 san iomlán – a rinneadh le Tubridy ach nár thuairiscigh RTÉ iad.
Níl a chlár raidió á chur i láthair ag Ryan Tubridy an tseachtain seo. Dúirt sé go raibh díomá air nach raibh cead aige an clár a chur i láthair.
Pá Ryan Tubridy 2017-2022
Bliain | Pá Foilsithe | Pá | Difríocht |
---|---|---|---|
2022 | 440,000 | 515,000 | €75,000 |
2021 | 440,000 | 515,000 | €75,000 |
2020 | 466,250 | 522,500 | €56,250 |
2019 | 495,000 | 545,000 | €50,000 |
2018 | 495,000 | 545,000 | €50,000 |
2017 | 491,667 | 511,667 | €20,000 |
Fág freagra ar 'Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes éirithe as mar gheall ar chonspóid faoi íocaíochtaí'