‘Ardaígí bhur nglórtha le go gcaithfear éisteacht’ – achainí na ndaoine a d’fhulaing mí-úsáid

Náire shaolta é nach bhfuil an chóir leighis agus an cúiteamh atá ag dul dóibh faighte ag daoine ar tugadh drochíde dóibh agus iad ina bpáistí

‘Ardaígí bhur nglórtha le go gcaithfear éisteacht’ – achainí na ndaoine a d’fhulaing mí-úsáid

Tá na céadta i gceist, na mílte b’fhéidir. Iad san Astráil, sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann chomh maith leis an mBreatain Mhór. Tugadh drochíde orthu mar pháistí i ndílleachtlanna, institiúidí stáit agus eaglasta sa Tuaisceart idir 1922 agus 1995. Cúpla lá sular thit rialtas Stormont as a chéile beagnach dhá bhliain ó shin rialaigh fiosrú poiblí an Bhreithimh Hart faoi mhí-úsáid stairiúil sna hinstitiúidí go raibh leithscéal, cóir leighis agus cúiteamh airgid ag dul dóibh.

Tá siad fós ag fanacht. Náire shaolta is ea é. D’ainneoin aois mhór agus drochshláinte tá siad ar thrá fholamh mar nár ghlac éinne freagracht pholaitiúil as a gcás ó Eanáir 2017.

Ní nach ionadh is ar an gcur agus cúiteamh faoin mBreatimeacht, an brú ar an bPríomh-Aire Theresa May agus comhdháil bhliantúil an DUP a bhí aird an phobail an deireadh seachtaine seo. Ach, ar deireadh thiar, bhí cor nua i scéal na ndaoine a d’fhulaing cruatan, anró agus mí-úsáid chorpartha agus ghnéis i 22 institiúid do pháistí a bhí faoi cheannas an stáit, údaráis áitiúla, na hEaglaise Chaitlicí, Eaglais na hÉireann agus Barnardos.

D’fhoilsigh ceannaire na státseirbhíse David Sterling próiseas comhairliúcháin faoi thrí phíosa reachtaíochta chun moltaí an Bhreithimh, an Tiarna Anthony Hart, a fheidhmiú. Tá sé beartaithe Coimisinéir do na Marthanóirí a cheapadh, Bord Sásaimh a bhunú agus Scéim Cúitimh a thionscnamh agus iad a chur ar bhonn reachtúil. Mairfidh an próiseas comhairliúcháin go dtí lár mhí Feabhra agus leasófar an dréachtreachtaíocht ansin i bhfianaise cíbe moltaí a bheidh bailithe.

Agus céard a tharlóidh ansin? A thuilleadh moille? Caithfear an reachtaíocht a fheidhmiú. Dúirt an státseirbhíseach sinsearach go mbeadh dualgas morálta ar an Státrúnaí Karen Bradley gníomhú. Más ann do rialtas Theresa May agus a dornán beag cairde – Bradley ina measc – faoin am sin bheadh moill ar bith eile a dhéanfadh Bradley do-mhaite.

Dúirt Sterling go rithfear feachtas bolscaireachta sa bhaile, ó dheas, sa Bhreatain agus san Astráil le súil is go gcuirfí na híobartaigh/marthanóirí ar fad ar an eolas faoin gcomhairliúchán agus go ndéanfaidh siad moltaí. Dhá institiúid agus fiche a scrúdaigh an Binse Fiosraithe, ach bhí 76 ionad ar fad sa tuaisceart i gcaitheamh na tréimhse sin sa chéad seo caite agus meastar go mbeadh daoine as gach ionad i dteideal cabhrach.

Tá béim ar leith ar an Astráil mar gur seoladh os cionn 100 páiste chun na hAstráile sna 1950idí. Tá a fhios gur fhulaing cuid acu mí-úsáid abhus sular ‘easpórtáladh’ iad agus go bhfuair siad an íde chéanna san Astráil.

San dréachtscéim cúitimh moltar go bhfaigheadh gach íobartach £7,500 mar thús agus suimeanna eile sa mhullach air sin, bunaithe ar ar tharla dóibh suas, go dtí £72,500 san iomlán. Níl eagraíochtaí na marthanóirí sásta leis an íosmhéid- deir siad go mbeadh gá le £10,000. I gcás na ndaoine a díbríodh chun na hAstráile beidh siad i dteideal £20,000 mar thús. Níl sé soiléir cén líon daoine san iomlán atá i gceist ach tá caint ar na scórtha míle. Thug 526 eolas don bhfiosrú poiblí agus áirítear go mbeidh costas £114 milliún ar an gcúiteamh.

Tá cóir leighis chomh tábhachtach leis an gcúiteamh, níos tábhachtaí seans. Tá drochbhail ar mharthanóirí agus is léir an dochar a rinneadh dóibh. Tá go leor acu leochaileach goilliúnach. Tá tinneas coirp nó meabhairghalar ar roinnt agus tá cuid de na híobartaigh tar éis bháis. Cúpla mí ó shin chuaigh an eagraíocht SAVIA (Survivors and Victims of Institutional Abuse) chun cúirte ag iarraidh ordú le hiachall a chur ar an Státrúnaí Karen Bradley moltaí an fhiosraithe a chur i bhfeidhm.

Cuireadh a gcás ar fionraí nuair a chinn an Státrúnaí go rithfeadh sí reachtaíocht éigeandála chun cumhacht a thabhairt don státseirbhís obair a chur i gcrích in éagmais Aire.

’Sé dréachtú reachtaíochta agus an próiseas comhairliúcháin an chéad chéim. Níl ann ach mionchéim, áfach. Níl am le spáráil. Fuair fear san Astráil a thug fianaise don Fhiosrú Poiblí bás le déanaí, fuair beirt abhus bás le bliain anuas agus is iomaí duine a cailleadh go tubaisteach i gcaitheamh na mblianta.

Chuaigh ionadaithe na marthanóirí go Stormont Dé Luain. D’fháiltigh siad roimh fhoilsiú na reachtaíochta, cé gur dhúirt a lán nach raibh gá le próiseas comhairliúcháin ó bhí a scéalta inste ag an bhFiosrú Poiblí. D’achainigh siad ar dhaoine a chinntiú go nglacfadh siad páirt sa chomhairliúchán chun nach féidir neamhaird a dhéanamh díobh ina dhiaidh. “Ardaígí bhur nglórtha,” a dúradar “déan deimhin de go gcaithfear éisteacht”.

Fág freagra ar '‘Ardaígí bhur nglórtha le go gcaithfear éisteacht’ – achainí na ndaoine a d’fhulaing mí-úsáid'