Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath i measc na gcainteoirí Gaeilge a chaill a suíocháin

Tá Ard-Mhéara agus beirt chomhairleoirí Gaeltachta i measc na gcomhairleoirí a bhfuil Gaeilge acu a chaill a suíochán sna toghcháin áitiúla

Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath i measc na gcainteoirí Gaeilge a chaill a suíocháin

Dáithí de Róiste

Chaill roinnt cainteoirí Gaeilge a suíocháin sna toghcháin áitiúla.

Tá Ard-Mhéara agus beirt chomhairleoirí Gaeltachta i measc na gcomhairleoirí a bhfuil Gaeilge acu a chaill a suíochán sna toghcháin áitiúla.

Bhí an Comhairleoir Dáithí de Róiste (FF) ina Ard-Mhéara ar Chathair Bhaile Átha Cliath le bliain anuas ach cuireadh as an áireamh é don suíochán deireanach ar an gcomhairle cathrach aréir.

Dúirt Aodhán Ó Deá, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, ar X gur shíl sé go mb’fhéidir gurbh é Dáithí de Róiste, a bhí ina chomhairleoir i mBaile Formaid-Droimneach, an tArd-Mhéara “is fearr ó thaobh na Gaeilge riamh” i mBaile Átha Cliath.

Tá deireadh ré ann i gCorca Duibhne agus a shuíochán caillte tar éis ceathrú céid ag an gComhairleoir Séamus Cosaí Mac Gearailt. Bhí an fear Gaeltachta ina chomhairleoir ar Chomhairle Contae Chiarraí ó bhí 1999 ann, ach chaill sé a shuíochán tar éis an dara comhaireamh. D’éirigh le vótaí aistrithe Mhic Gearailt suíochán a fháil dá chomhghleacaí i bhFine Gael Tommy Griffin, nach bhfuil Gaeilge aige, ceann de na trí shuíochán a bhí ar fáil i dtoghlimistéir Chorca Dhuibhne. Cainteoir Gaeilge é Robert Brosnan (SF) a fuair an suíochán eile i gCorca Dhuibhne, an chéad iarrthóir de chuid Shinn Féin sa cheantar ar éirigh leis ó na 1920idí.

I nGaeltacht Chois Fharraige chaill an fear óg Dáithí Ó Cualáin, a toghadh chun Comhairle Chontae na Gaillimhe den chéad uair in 2019, a shuíochán an babhta seo. Bhí triúr as Fianna Fáil ag seasamh i dtoghcheantar Chonamara Theas: Ó Cualáin as Indreabhán, Darragh Ó Tuairisg as Bearna, agus Máirtín Lee as Ceantar na nOileán. Ba é Ó Cualáin an t-aon duine den triúr a bhí ar an gComhairle cheana ach is lena chomhghleacaí Máirtín Lee a bhí an lá. Cainteoirí Gaeilge iad gach iarrthóir a toghadh i gConamara Theas.

Ar na cainteoirí Gaeilge eile a chaill suíochán ar fud an stáit i mbliana tá Brigid Manton (FF) i Sord, Jarlath Munnelly (FG) i mBéal an Átha agus Deirdre Donnelly, neamhspleách, a chaill a suíochán ar Chomhairle Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Rinne Tuairisc suirbhé i measc na bpáirtithe polaitíochta in 2019 faoi chumas labhartha Gaeilge na gcomhairleoirí nuathofa. Ní raibh comhairleoirí neamhspleácha a raibh Gaeilge acu san áireamh sa taighde.

Chomh maith leo siúd a chaill a suíochán i dtoghchán na seachtaine seo caite, níor sheas cuid mhór den leathchéad comhairleoir le Gaeilge a toghadh in 2019 i mbliana.

D’éirigh le ceathrar céim níos airde i saol na polaitíochta a bhaint amach idir an dá linn – na Teachtaí Dála Pádraig O’Sullivan (FF), Cathal Crowe (FF), Pa Daly (SF), agus an Seanadóir Róisín Garvey (CG).

Bhásaigh an Comhairleoir Noreen McGarvey (FF), a toghadh i toghlimistéar na nGleanntach i nDún na nGall, ag deireadh na bliana seo caite. D’fhógair comhairleoirí eile in imeacht na gcúig bliana atá imithe tharainn go raibh siad ag éirí as an ról ar chúiseanna pearsanta agus nach mbeadh cuid acu ag seasamh arís – an t-iar-aire Mary Hanafin, a bhí ina comhairleoir contae i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, ina measc.

Fág freagra ar 'Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath i measc na gcainteoirí Gaeilge a chaill a suíocháin'

  • Fionn Ó Gráda

    Ard-Mhéara den scoith ab’ea Daithí de Róiste. Ba phribhléid bheith i dTeach an Ard-Mhéara
    le déanaí do sheoladh Crainn agus Toir-an sárleabhar nua le Máirín Uí Chonchubhair ó Chorca Dhuibhne.

    B’é Daithí de Róiste a dhéan cathaoirleacht ar an seoladh agus chuir sé fáilte ó chroí romhainn ar fad. Labhair an tArd-Mhéara Gaeilge líofa ar an oíche agus ba léir a bháidh le pobal na Gaeilge. Thuig sé tábhacht an saothar seo ina bhfuil cur síos cuimsitheach ar chrainn agus ar thoir in Éirinn.