Ard Mhacha ag iarraidh sampla Dhoire a leanúint

Chomh maith le cluiche ceannais Uladh, imreofar cluiche ceannais Laighean idir Áth Cliath agus Lú tráthnóna

Ard Mhacha ag iarraidh sampla Dhoire a leanúint

Ard Mhacha v Doire – Cluain Eois, 4.00in (Beo ar RTÉ & BBC)

Agus blianta caite ag Ard Mhacha ag iarraidh deireadh a chur leis an bhfanacht fada chun cluiche ceannais Uladh a bhaint amach, is cinnte go raibh gaisce Dhoire i samhradh na bliana seo caite ina ábhar spreagtha acu.

Sular thug siad aghaidh ar Dhún na nGall i gcluiche ceannais an chúige mí Bealtaine seo caite, ní raibh cluiche ceannais Uladh bainte amach ag Doire le haon bhliain déag agus ní raibh an Corn Anglo-Celt tugtha leo ó 1998. D’fhill siad ar Chluain Eois chun páirt a ghlacadh sa lá mór in 2022, áfach, agus chloígh siad na Conallaigh tar éis am breise is chuir muintir Dhoire ag ceiliúradh.

Agus an t-éacht sin á spreagadh, tá Ard Mhacha anois ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Dhoire, mar a rinne Doire ar Dhún na nGall.

Nuair a thug Ard Mhacha leo Craobh Uladh den uair dheireanach in 2008, a seachtú craobh in imeacht deich mbliana, is beag duine a cheap nach mbeadh siad ar ais sa chluiche ceannais, fiú le cúig bliana déag, ach b’in mar a tharla. Bhí ceithre bliana ann idir 2015-2018 nuair nár éirigh le hArd Mhacha cluiche ar bith a bhuachan sa chúige ach tá siad ag dul sa treo ceart arís faoi dheireadh.

Bíonn sé deacair aon tuar a dhéanamh go fóill ach is fiú a bheith ag breathnú ar Ard Mhacha go minic agus na tosaithe den scoth atá in ann an-chuid scóranna a aimsiú. Tá beagnach 20 pointe in aghaidh an chluiche scóráilte ag Ard Mhacha sna trí chluiche a bhí acu i gCraobh Uladh go dtí seo i mbliana, an 4-10 a scóráil siad in aghaidh an Dúin sa bhabhta deireanach san áireamh.

Nuair a bhíonn Conor Turbitt agus Rian O’Neill i mbarr a réime i measc na dtosaithe, bíonn sé thar a bheith deacair ag foirne iad a stopadh agus nuair a chuirtear leithéidí Stefan Campbell, Rory Grugan agus Andrew Murnin leo, is féidir le hArd Mhacha scrios a dhéanamh.

Údar imní é mar sin, gur baineadh Murnin agus beirt imreoirí an-tábhachtach eile, Ciarán Mackin agus Ben Crealey, den pháirc in aghaidh an Dúin. D’fhág gortuithe go raibh beirt chosantóirí eile, James Morgan agus Barry McCambridge fágtha ar an mbinse don chluiche leathcheannais agus má bhíonn an cúigear sin, nó fiú beirt nó triúr acu, in easnamh tráthnóna, beidh sé i bhfad níos deacra ag Ard Mhacha an beart a dhéanamh.

Beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag cinneadh Rory Gallagher seasamh siar mar bhainisteoir ar Dhoire, a raibh air líomhaintí a rinne a iarchéile gur thug sé drochíde di a shéanadh i rith na seachtaine.

Bhí ag éirí go cumasach le Doire go dtí seo sa chraobh agus buanna cuimsitheacha bainte amach acu in aghaidh Fhear Manach agus i gcoinne Mhuineacháin. Ní théann Doire ar an ionsaí chomh tapa céanna agus a dhéanadh anuraidh ach níl aon srian tagtha ar a gcumas scóranna a fháil agus 3-17 aimsithe acu in aghaidh Fhear Manach agus 1-21 in aghaidh Mhuineacháin.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad níos oscailte i measc na gcúlaithe, áfach, agus seacht gcúl géillte ag Doire le trí chluiche anuas agus scata eile deiseanna curtha amú ag an bhfreasúra. Má bhíonn siad chomh scaoilte sin in aghaidh Ard Mhacha, tá na tosaithe ag Ard Mhacha chun lántairbhe a bhaint as na deiseanna.

Áth Cliath v Lú – Páirc an Chrócaigh, 1.45in (Beo ar RTÉ)

Níl an bhearna idir na foirne chomh mór agus a bhí ceithre nó cúig bliana ó shin ach ábhar iontais a bheadh ann go fóill dá n-éireodh le contae Lú teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath inniu i gcluiche ceannais Laighean.

Tá an-dul chun cinn déanta ag Mickey Harte ó tháinig sé i gceannas ar an Lú cúpla bliain ó shin. Bhain an fhoireann ardú céime go dtí Roinn 2 amach anuraidh agus an-iarracht déanta acu i mbliana ar an bpríomhroinn a bhaint amach.

Tá Sam Mulroy ar dhuine de na tosaithe is fearr sa tír agus an-chumas i gCiarán Downey agus Conor Grimes freisin agus, mar a bheadh tú ag súil leis ó fhoireann de chuid Mickey Harte, oibríonn na himreoirí go crua ag cosaint chomh maith.

Tá Áth Cliath fós cúpla céim chun tosaigh orthu, áfach, mar a léiríodh sa chluiche tábhachtach a imríodh idir na foirne i mBabhta 7 na sraithe i Roinn 2, cluiche a bhuaigh Áth Cliath go réidh.

B’in an lá ar fhill Stephen Cluxton ar Pháirc an Chrócaigh agus tá an cúl báire ainmnithe ar an bhfoireann inniu don chluiche ceannais. Bhí Cluxton ar dhuine den bheagán imreoirí ar fhoireann Átha Cliath a d’imir go maith in aghaidh Chill Dara i gcluiche leathcheannais Laighean agus beidh Dessie Farrell ag súil le taispeántas níos fearr inniu. Má fhaigheann sé sin, tabharfaidh Áth Cliath craobh an chúige leo den tríú huair déag as a chéile.

Fág freagra ar 'Ard Mhacha ag iarraidh sampla Dhoire a leanúint'