ARD-FHEIS FHINE GAEL: ‘Muinín’ ag an Taoiseach go mbeidh sé ina mhargadh le Fianna Fáil chun ‘cinnteacht’ a sholáthar

In óráid lán le gealltanas faoi chúrsaí cánach agus eile, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna go raibh sé dóchasach go dtiocfaí ar mhargadh le Fianna Fáil chun cinnteacht ó thaobh na polaitíochta a sholáthar, as seo go ceann bliana

ARD-FHEIS FHINE GAEL: ‘Muinín’ ag an Taoiseach go mbeidh sé ina mhargadh le Fianna Fáil chun ‘cinnteacht’ a sholáthar

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ag Ard-Fheis Fhine Gael tráthnóna go raibh muinín aige go n-éireodh leis margadh a dhéanamh le Fianna Fáil maidir le síneadh ama a chur leis an socrú muiníne agus soláthair.

“Tá muinín agam go n-éireoidh linn margadh a dhéanamh chun cinnteacht ó thaobh na polaitíochta a sholáthar. Beidh a leithéid ag teastáil, fad is atá an tír á treorú againn tríd an mBreatimeacht sa bhliain seo amach romhainn,” a dúirt an Taoiseach ina aitheasc ag Ard-Fheis Fhine Gael.

Dúirt sé, áfach, nach raibh sé éasca a bheith i mbun idirbheartaíochta le binse tosaigh Fhianna Fáil. “Fiafraigh de Mhicheál Martin é,” ar sé agus thuill gáire mór ó na firéin.

Cé nár thagair sé do chúrsaí toghcháin ina óráid, thug an Taoiseach go leor gealltanas uaidh maidir le ciorruithe cánach agus caiteachas breise. I measc na ngealltanas sin, dúirt sé go n-ardófaí an leibhéal ioncaim ag a n-íoctar an leibhéal is airde cánach go dtí €50,000.

Dúirt sé go bhfanfaí dílis dá gheallúint go ndéanfaí an caiteachas a dhéantar ar chúrsaí cultúir, oidhreachta agus ‘Gaeilge’ a dhúbailt as seo go ceann seacht mbliana.

Cháin sé go láidir Fianna Fáil agus dúirt sé gurbh é an “oidhreacht” a bhí ag an bpáirtí sin ná “bainc a bhí briste agus gan ar a gcumas iasachtaí a thabhairt” agus “scáileastáit”. rMaidir le ceist an Bhreatimeachta, dúirt Vardakar gurb amhlaidh go gcreideann Fine Gael “i dtógáil droichead seachas teorannacha”.

Níor theastaigh aon teorannacha nua idir an tuaisceart agus an deisceart, idir Éirinn agus an Bhreatain ná idir Éirinn agus an Eoraip, a dúirt sé. Ireland and Europe.

Mhaígh sé gur éirigh lena Rialtas a chinntiú go bhfaighfí margadh Breatimeachta a chosnódh cúrsaí fostaíochta, an geilleagar agus cearta shaoránaigh uile na hÉireann, thuaidh agus theas.

“Níl aon aidhm folaigh againne sna cainteanna seo. An t-aon ‘líne dhearg’ atá againn ná cosaint a thabhairt do Chomhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt sé.

B’ionann an chosaint sin, a dúirt sé,  agus cosaint a thabhairt don tsíocháin in Éirinn agus sa Bhreatain agus  do roinnt na cumhachta i dTuaisceart Éireann.

 

Fág freagra ar 'ARD-FHEIS FHINE GAEL: ‘Muinín’ ag an Taoiseach go mbeidh sé ina mhargadh le Fianna Fáil chun ‘cinnteacht’ a sholáthar'