Ard-Chonstábla an PSNI éirithe as i ndiaidh roinnt conspóidí

Bhí Simon Byrne sáinnithe i roinnt conspóidí le tamall, ag áireamh sceitheadh tromchúiseach eolais inar roinneadh trí thimpiste sonraí pearsanta bhaill na seirbhíse

Ard-Chonstábla an PSNI éirithe as i ndiaidh roinnt conspóidí

Tá ceannasaí Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, an tArd-Chonstábla Simon Byrne, éirithe as.

Ceithre bliana a bhí caite sa phost aige.

Bhí Byrne sáinnithe i roinnt conspóidí le tamall, ag áireamh sceitheadh tromchúiseach eolais inar roinneadh trí thimpiste sonraí pearsanta bhaill na seirbhíse.

An tseachtain seo caite rialaíodh sa chúirt gur cuireadh pionós san éagóir ar bheirt oifigeach sóisearach i ndiaidh eachtra a tharla ag ócáid chomórtha.

Bord Póilíneachta Thuaisceart Éireann a d’fhógair inniu go raibh glactha acu le héirí as Byrne. Dúirt an t-iar-ardchonstábla, gur “anois an t-am do dhuine eile a bheith i gceannas” ar an tseirbhís ar údar bróid í agus a bhfuil an-teacht aniar inti, dar leis.

An mhí seo caite a sceitheadh trí thimpiste ainmneacha agus eolas eile 10,000 ball foirne. I gcásanna áirithe eolas faoi chéim na n-oifigeach, cá raibh siad lonnaithe agus cá raibh siad ag obair a bhí i gceist.

Ghéill Byrne ina dhiaidh sin go raibh an t-eolas faighte ag easaontóirí poblachtánacha a d’fhéadfadh leas a bhaint as chun “eagla agus éiginnteacht” a chothú.

Dhiúltaigh Byrne éirí as Déardaoin seo caite ach chuir an DUP rún mímhuiníne faoi bhráid an bhoird.

Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Chris Heaton-Harris i bParlaimint na Breataine go dtabharfaí reachtaíocht isteach ansin chun ardchonstábla nua a cheapadh sa chás go leanfadh an tsáinn pholaitiúil in Stormont ar aghaidh.

Níl an feidhmeannas sa Tuaisceart ag obair ó mhí Feabhra seo caite toisc go bhfuil baghcat á dhéanamh ag an DUP ar na hinstitiúidí.

Ghabh Heaton-Harris buíochas le Simon Byrne as “blianta fada” a thabhairt don tseirbhís phoiblí.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann, Deirdre Toner, gur póilín “díograiseach” é Byrne a raibh “meas mór” aige ar ghairm na póilíneachta.

Fág freagra ar 'Ard-Chonstábla an PSNI éirithe as i ndiaidh roinnt conspóidí'