Arbh fhearr duit a bheith ar thaobh an bhóthair – nó ag líonadh potholes?

Nil aon chumhacht agat ach d’fhéadfadh sé go dtabharfaí aird ort – cás an chomhairleora contae

Arbh fhearr duit a bheith ar thaobh an bhóthair – nó ag líonadh potholes?

“Deamhan mórán nárbh fhearr duit a bheith ar thaobh an bhóthair.”  Sin é an leagan a bhíodh ag fear áirithe i gConamara ar shaol an pholaiteora.   Ní raibh an fear seo ag imeacht leis an sruth. An port a bhíonn le cloisteáil go hiondúil i measc an phobail ná go bhfuil polaiteoirí ar mhuin na muice agus go bhfuil neart airgid acu.   Ní hin é go baileach a bhí i gceist ag fealsúnaí seo mharglann na  mbeithíoch.  Ní dheachaigh sé domhain sa gcaint ach an oiread.  Dúirt sé a chuid – abairt amháin – agus chroith a chloigeann.   

Dhíol tú do bhó ceart go leor.

Fuair tú an praghas ab fhearr a d’fhéadfá.  Margadh de réir dlí an mhargaidh. Ní dhearnadh beag is fiú déanta de dhuine ar bith, ceannaitheoir ná díoltóir.  Ach an polaiteoir, tá sé/sí tarraingthe ina cheirtlín ó thaobh go taobh, caitheamh anuas anseo agus cáineadh ansiúd.  Cén bhrí ach aimsir feachtas toghcháin, bheadh sé chomh dóigh céanna go mbeadh uirthi nó air pictiúr a chur sna nuachtáin agus é nó í ag fáil bearradh gruaige.  (Tharla go leor den bhearradh gruaige seo dó riar blianta ó shin).

Ná bacadh muid le cás Barry Cowen thuas i nDáil Éireann anois.  Tosaíonn an pholaitíocht ar leac an dorais.

Bliain ó shin a chuaigh comhairleoirí contae agus cathrach i mbun a dtéarma cúig bliana.

Ar ndóigh, ní gnáthbhliain í seo, caithfear an t-aguisín sin a chur sa gcaint.  Céard atá déanta acu?

Den chuid is mó, ní beart an-mhór é.  Ní hin caitheamh anuas orthu siúd a thug iarraidh faoin toghchán – agus ar éirigh leo – anuraidh.   Mura bhfuil corrchás eisceachtúil ann, is le dea-chroí a thug na hiarrthóirí iarraidh faoi thoghcháin Chomhairlí Contae, Chomhairlí Cathrach agus aon chuid eile den chóras rialtais áitiúil.

Ach, tá siad i ladhar an chasúir.  Níl aon chumhacht acu, mar a admhaíonn siad féin scaití.  Bíonn seo ina chosaint acu amanna agus iad ag teacht faoi bhrú ón bpobal.  Ar an taobh eile den scéal bíonn orthu a mhalairt a rá amanna eile, go háirithe le linn feachtas toghcháin.

Ceart go leor, sé an scéala oifigiúil ná go bhfuil cumhacht mhór acu sa mhéid agus gurb iad a ghlacann, nó a mhalairt, leis an bPlean Forbartha Contae.  Sin é an Plean ina leagtar amach polasaí agus dintiúirí a bhaineann le ceadúnais phleanála, forbairt tithíochta, talamh tógála, ‘zónáil’ talún le haghaidh tionsclaíochta, srl ar feadh tréimhse cúig bliana.  Beidh plean nua á mhúnlú i gcontae na Gaillimhe – agus i gcontaetha eile – as seo go ceann 18 mí.

Ach, is é firinne an scéil ná go múnlaíonn an feidhmeannas sa gcomhairle contae nó cathrach, bunphrionsabail na bpleananna seo agus go leagann siad amach na dréachtaí den Phlean de réir a mbreithiúnais féin ar an saol agus ar an gcontae.

Caithfear a rá freisin go bhfuil siad ag obair taobh istigh de threoracha náisiúnta a thagann ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ranna eile i mBaile Átha Cliath.

Abraíonn comhairleoirí a gcuid, troideann cuid acu a gcás níos láidre ná a chéile. Corruair i bhfad ó chéile, diúltaíonn comhairle contae nó cathrach don phlean.  Ansin bagraíonn Baile Átha Cliath orthu.  Ag an Roinn a bhfuil an córas rialtais áitiúil faoina cúram atá an mháistreacht.  Abraítear leis an gcomhairle contae nó cathrach atá dána go nglacfaidh ‘Baile Átha Cliath’ ceannas orthu.  Níl ann sa deireadh ach comhréiteach nó géilleadh.

Seachas corrchás eisceachtúil bíonn an bua ag an “gcóras” ar na comhairleoirí.

Rud amháin a chuir iontas orm i gcónaí – agus tá tuairisceoireacht déanta agam ar réiteach chuid mhaith pleananna contae i nGaillimh – nach nós le comhairleoirí na leasuithe atá siad ag iarraidh a chur ar an bPlean a scríobh ar pháipéar.   Ach bíodh sin mar atá.

Agus an t-ábhar seo á phlé agam le gairid le Comhairleoir Contae a toghadh den chéad uair in iarthar na hÉireann anuraidh, dúirt an comhairleoir gur ag fáil tuiscint ar an gcóras atá sé fós.  Tá sé tuigthe aige, a deir sé, nach bhfuil súil sách maith coinnithe aige féin agus a chomhghleacaithe ar obair na comhairle ná súil sách géar ar obair na mbainisteoirí agus na bhfeidhmeannach.  Níl an ceistiúchán sách géar, a deir sé.  Tá rud eile tuigthe aige freisin:  má théann tú géar ar obair na bhfeidhmeannach, d’fhéadfá dochar a dhéanamh duit féin.

Níl cumhacht agat ach d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar agat ar rudaí anonn agus anall.  Mar shampla, má theastaíonn draein nó paiste ar bhóthar go géar, d’fheilfeadh sé duit a bheith in ann labhairt go práinneach leis an bhfeidhmeannach seo nó an ceann siúd.  Nil aon chumhacht agat ach d’fhéadfadh sé go dtabharfaí aird ort.  Ach má bhí tú ag géar agus glórach agus cneasta – agus má tharraing tú aird ar ghníomh nó ar easpa gnímh éigin, b’fhéidir gur chuir tú as don fheidhmeannas.

Tharlódh nár fhága tú blas maith i do dhiaidh.

Thug tú óráidí breátha sa gComhairle Contae, chuaigh tú  go bun an údair; bhí do chuid fíricí i gceart agus bhí tú ag breathnú ar an bpictiúr mór, agus bhí tú fadbhreathnaitheach.

Ach tá an ‘pothole’ nó an sclaig fós ag méadú.   

Agus ní fheileann sé do Chomhairleoir ar bith go mbeadh sclaigeanna ag méadú.

D’fhéadfadh sé gur ar thaobh bhóthar na polaitíochta a bheifeá fágtha sa gcéad toghchán eile.

Fág freagra ar 'Arbh fhearr duit a bheith ar thaobh an bhóthair – nó ag líonadh potholes?'