‘Arbeit macht frei’ agus seoda eile ó ghrúpa WhatsApp frithghníomhaithe aeráide

Fuathchaint i gcoinne gníomhaithe aeráide: tá sé in am againn éirí as an locht a chur ar an teachtaire, a scríobhann ár gcolúnaí

‘Arbeit macht frei’ agus seoda eile ó ghrúpa WhatsApp frithghníomhaithe aeráide

Pictiur: Flickr/Alisdare Hickson

Níl rud ar bith ar domhan a chuireann oiread lagmhisnigh ar an Saoithín Aeráide agus an fuath a thugtar i gciorcail áirithe (feirmeoirí, úinéirí carranna, polaiteoirí ar an eite dheis) dóibh siúd (eolaithe, gníomhaithe) atá ar a míle dícheall an pláinéad a chosaint ar an olltubaiste aeráide atá ag bagairt orainn.

Tuigimid ar fad go bhfuilimid i mbaol. Tá an fhianaise ann ach an toil a bheith ag duine í a fheiceáil. Faoi cheann míosa nó dhó, arís eile, beidh foraoiseacha fud fad an leathsféir thuaidh trí thine; maróidh tuilte na céadta daoine; teipfidh ar fhómhar barr áirithe de bharr fliche nó de bharr triomaigh agus tiocfaidh ardú breise dá réir ar na praghsanna sna hollmhargaí.

Ach ní maith le daoine a chloisteáil gurb iad féin is cúis leis an bhfadhb, gurb iad féin atá ag lot an domhain do na glúnta atá romhainn.

Dá bharr sin, is ar an teachtaire a chuirtear an locht.

An tseachtain seo, bhí iontas agus alltacht araon ar an Saoithín Aeráide faoi chruthaaitheacht dhéistineach dream amháin a shocraigh an locht a chur ar an teachtaire, seachas orthu féin.

Is minic oibreacha cruach Tata Steel san Ísiltír sna ceannlínte le roinnt mhaith blianta anuas. Tá siad ar an truaillitheoir is mó sa tír sin agus tá oiread nimhe ina dtagann amach as a gcuid simléar go bhfuil an seans go bhfaighidh daoine sna bailte máguaird ailse sna scamhóga suas le 50 faoin gcéad níos airde ná sa chuid eile den tír.

Gual a dhóitear in oighinn Tata Steel. Dé Luain seo caite, shocraigh Kappen met kolen (‘Éirímis as an ngual’), grúpa aeráide a bhfuil nasc acu leis an ngluaiseacht idirnáisiúnta Extinction Rebellion, aird a tharraingt arís ar scéal Tata Steel. Ag meán lae, luigh na scórtha gníomhaithe aeráide síos os comhair phríomhgheata an chomhlachta agus lig orthu go raibh siad marbh.

Níor tharla aon trioblóid le linn na hagóide. Bhí an lasóg tar éis dul sa bharrach cheana féin an lá roimhe, Dé Domhnaigh.

Ba é an chaoi go raibh feidhmeannaigh shinsearacha de chuid Tata Steel ar an eolas faoin agóid a bhí á beartú agus chaill siad guaim orthu féin (ag iarraidh a bheith cáiréiseach atá an Saoithín Aeráide) i ngrúpa WhatsApp a shíl siad a bheith príobháideach.

‘Tiomáinimis tharstu lenár gcuid galrollóirí,’ a mhol ball amháin den ghrúpa.

‘Isteach san oigheann leo ansin ar an bpointe boise nó beidh boladh bréan ó na coirp!’ a mhol feidhmeannach sinsearach eile.

Arbeit macht frei!’ a dúirt duine arís eile ansin, athrá á dhéanamh aige ar an teachtaireacht lofa, i nGearmáinis, a bhíodh os cionn gheataí isteach champaí géibhinn na Naitsithe. Ag an bpointe sin, ghlac ball den ghrúpa nach raibh ar a chompord leis an gcaint sin seatanna scáileáin den chomhrá agus chuir caol díreach chuig na meáin iad.

Bhí sé ina raic, agus dúirt ceannairí Tata Steel san Ísiltír (san India atá ceanncheathrú an chomhlachta) nach bhféadfaí glacadh lena leithéid de chaint agus go ndéanfaí an scéal a fhiosrú agus daoine a smachtú dá mba ghá.

Céard eile a déarfaidís? Gur jócanna a bhí sna ráitis ghránna sin?

Ar bhealach, thuigfeadh an Saoithín Aeráide a leithéid de mhíniú, fiú amháin. An greann dóite an bealach is fearr chun an ruaig a chur ar an imní agus gan dabht tá feidhmeannaigh shinsearacha Tata Steel scanraithe ina mbeatha go ndúnfar na hoibreacha cruach dáiríre; tá cás cúirte á réiteach ag grúpa aeráide eile i gcomhair le dlíodóir ardphróifíle chun é sin a bhaint amach.

Ní hiad na feidhmeannaigh shinsearacha amháin a bheadh as post ansin ach breis agus 9,000 duine eile, agus thitfeadh an tóin as réigiún ina bhfuil cónaí ar nach mór 200,000 duine. Tá a fhios ag an Saoithín Aeráide go bhfuil an scéal casta; d’fhás sé féin aníos faoi dheatach Tata Steel.

Ach seo í an cheist atá ag an Saoithín: cén uair a éireoimid as an locht a chur ar an teachtaire? Cén uair a ghlacfaimid leis go mbeidh an domhan chomh te le hoigheann gan mhoill mura n-éistfimid leis an teachtaireacht?

Fág freagra ar '‘Arbeit macht frei’ agus seoda eile ó ghrúpa WhatsApp frithghníomhaithe aeráide'